Skip to main content

Is cúis mhór imní í go mbeidh 14% níos lú ama sa tseachtain leis an nGaeilge a fhoghlaim sna bunscoileanna faoin gCreatchuraclam Bunscoile nua foilsithe inniu

Cé go bhfuil go leor le moladh sa Chreatchuraclam Bunscoile nua, tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais, Norma Foley, TD chun an Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt láithreach bonn, faoi mar a gheall Fianna Fáil go ndéanfadh siad san olltoghchán i 2020 agus a bhfuil tagairt de luaite sa Chlár Rialtais, le teacht chun tosaigh ar fhadhbanna a thiocfaidh chun cinn sa churaclam nua leis an laghdú ama do mhúineadh na Gaeilge.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin: 

“Cé go bhfuil go leor le moladh sa Chreatchuraclam Bunscoile nua, cuireadh in iúl inniu go mbeidh an líon ama do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla laghdaithe ó 3.5 uair an chloig go 3 uair an chloig sa tseachtain ó rang a 3. Creideann muid gur mór an chéim siar í seo do na scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla (92% de na scoileanna). Bheadh roinnt ceisteanna bunúsacha againn faoi seo - an bhfuil an Roinn tar éis taighde a dhéanamh ar na himpleachtaí a bheidh ann do chaighdeán na Gaeilge sna bunscoileanna má laghdaítear an líon ama do mhúineadh na Gaeilge 14% sa tseachtain? Conas a chabhróidh an laghdú ama leis na fadhbanna reatha sa chóras a réiteach, mar shampla luann taighde déanta ag SEALBHÚ maidir leis an Sraith Shóisearach, a foilsíodh an tseachtain seo caite, an méid seo a leanas:

‘níor cheap na múinteoirí go raibh na sonraíochtaí in oiriúint do chaighdeán Gaeilge na ndaltaí agus iad ag teacht isteach san iar-bhunscoil. Bhí caighdeán na ndaltaí, dar leo, ró-íseal do spriocanna na sonraíochtaí agus bhain na dúshláin ba mhó le cúrsaí litríochta. D’aontaigh na daltaí leis an tuairim seo agus níor bhraith siad réidh d’ábhar na ranganna.’

Tuigtear dúinn sa churaclam nua go mbeidh am solúbtha ann do na scoileanna le díriú ar ábhair ar mian leo. Níl aon chinnteacht ann, áfach, go n-úsáidfí an t-am seo leis an 30 nóiméad a bhí ann a chur ar fáil fós, go háirithe i mbunscoileanna nach ndéanann tosaíocht shuntasach den teanga. Chomh maith le sin ar fad, an bhfuil taighde ann ag léiriú nach raibh gá le trí uair go leith sa tseachtain do mhúineadh na Gaeilge?”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 

“Síleann muid go raibh an comhairliúchán a chuir an Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar bun le moltaí a chur le chéile don Aire Oideachais lochtach ón tús. D’ardaigh muid an pointe seo arís agus arís eile leo, go háirithe nach raibh deis sa suirbhé, a bhí mar chuid den chomhairliúchán, an líon ama reatha do mhúineadh na Gaeilge agus an Bhéarla a roghnú mar shocrú ceart don todhchaí. Ba léir dúinn, mar sin, go raibh an cinneadh déanta roimh an gcomhairliúchán poiblí go mbeadh athrú ar an líon ama. Tá díomá orainn ach níl aon iontas orainn gur roghnaíodh an líon ama do mhúineadh na Gaeilge a laghdú.

Le teacht chun tosaigh ar fhadhbanna a thiocfaidh chun cinn sa churaclam nua leis an laghdú ama do mhúineadh na Gaeilge, táimid ag éileamh ar an Aire Oideachais an Polasaí don Ghaeilge sa Chóras Oideachais ón Réamhscoil go dtí an Tríú Leibhéal a fhorbairt láithreach bonn, faoi mar a gheall Fianna Fáil go ndéanfadh siad san olltoghchán i 2020 agus a bhfuil tagairt de luaite sa Chlár Rialtais. 

Cuireann sé iontas orainn go bhfuil cuid den Rialtas ag breathnú go forásach leis an nGaeilge a chur chun cinn sa phobal, ar nós na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, leis an reachtaíocht nua go mbeidh 20% de na daoine a earcófar amach anseo inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Ní dhéanfaidh cinneadh an Aire Oideachais maidir leis an laghdú ama sa tseachtain do mhúineadh na Gaeilge sna scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla maitheas don sprioc seo a bhaint amach. Tá riosca ann chomh maith go mbeidh bunús níos laige ag go leor daltaí sa Ghaeilge ag fágáil na bunscoile agus de bharr sin go mbeidh sé níos deacra orthu na deiseanna gairmeacha do dhaoine inniúil sa Ghaeilge agus sa Bhéarla amach anseo a bhaint amach."

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.