Skip to main content

Ruaile Buaile ar an Aer: Raidió Rí-Rá BEO ar FM

Ruaile Buaile ar an Aer: Raidió Rí-Rá BEO ar FM

Dátaí: 13-19 Márta, agus gach deireadh seachtaine go mí Bealtaine

Baile Átha Cliath 105.2fm, Corcaigh 106.7fm, Luimneach 105.5fm, Gaillimh 87.7fm

Tá Raidió Rí-Rá ag súil go mór le tréimhse eile a chaitheamh beo ar raidió FM timpeall na tíre ón Luan seo chugainn, 13 Márta. Beidh an cairtstáisiún don óige le cloisteáil fud fad na tíre, ar minicíochtaí FM i mBaile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, agus i nGaillimh ón 13-19 Márta, agus gach deireadh seachtaine as sin go mí Bealtaine. 

Beidh ceol na gcairteacha agus caint le craoltóirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android. 

Le linn na seachtaine, atá ag teacht le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia, beidh comórtais agus iarratais cheoil á chraoladh ar an aer, agus tá cuireadh speisialta roimh scoileanna agus grúpaí óige an stáisiún a chur ar siúl sa seomra ranga. Craolfar popcheol agus plé le haoiláithreoirí leithéid de Louise Cantillon (Today FM) agus Hugh Carr (Joe.ie), chomh maith le haíonna speisialta a bheidh faoi agallamh chuile lá. Beidh cláracha speisialta á chraoladh ag láithreoirí Raidió Rí-Rá, le cláracha nua le Seán Ó Dubhchon (Pearsa Raidió na Bliana ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022), Comhscór (podchraoladh spóirt le béim ar chomhionannas inscne), agus Na Seansálaithe. Craolfar agallaimh speisialta le lethéidí Niamh Ní Chróinín (Cúla 4), Síomha Ní Ruairc (TG4), agus Manchán Magan freisin, i gcomhpháirt le podchraoladh nua Sheachtain na Gaeilge le Energia, Féidearthachtaí. Chuile dheireadh seachtaine go dtí an 28 Bealtaine beidh aoiláithreoir speisialta ar an aer freisin, chomh maith le sceideal lán le ceol, comórtais agus craic!

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin:

“Táimid ag súil go mór le bheith ag idirghníomhú leis an lucht éisteachta freisin - tá láithreoirí an stáisiúin ag súil le hiarratais agus caint ón bpobal, go háirithe daoine óga agus scoileanna! Cuirfear fáilte roimh theachtaireachtaí ó scoileanna agus ranganna ar Twitter, Instagram agus Facebook. Is féidir le scoileanna iarratais agus teachtaireachtaí a chur chuig an stáisiún ar na meáin shóisialta tríd an hashchlib #RRRfm a úsáid, agus léifear amach ar an aer iad.

Ba mhaith linn ár mbuíochas leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán agus le hÚdarás Craolacháin Éireann as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus an deis léiriú don saol mór go bhfuil an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta.”

Deir Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil:

“Beidh sé seo ar cheann de na tréimhsí is faide a bheidh caite ag Raidió Rí-Rá ar an aer, agus táimid ag tnúh leis an dúshlán. Tá foireann craoltóirí Raidió Rí-Rá díograiseach agus cumasach, agus beidh siad ag obair go dícheallach ar feadh 30 lá le seirbhís speisialta a chur ar fáil don lucht éisteachta. Is iontach go bhfuil daoine óga ag obair leis an tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine óga eile, agus tá sé mar sprioc againn go mbeadh an tseirbhís seo ar fáil i gcónaí, agus go mbeadh an rogha ag daoine óga na tíre tíocht ar cheol agus caint trí Ghaeilge am ar bith, áit ar bith, ar FM agus ar líne.”

Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo thíos, agus ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android:

?Baile Átha Cliath 105.2fm

?Corcaigh 106.7fm

?Luimneach 105.5fm

?Gaillimh 87.7fm

CRÍOCH

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.