Imeacht Gaeilge ag tarlú i ngach contae in Éirinn inniu chun Seachtain na Gaeilge le Energia a cheiliúradh
Tá imeachtaí Gaeilge ar siúl i ngach contae sa tír inniu mar chuid de Lá na gCiorcal 2023. Tá grúpaí ar fud an oileáin páirteach sa lá a thugann deis don phobal i gcoitinne a gcuid Gaeilge a úsáid ag imeachtaí ina gceantair féin.
Dúirt Anna Nic Lochlainn, bainisteoir Chéim Aniar agus a eagraíonn ciorcal comhrá gach Céadaoin in sna Dúnaibh, Dún na nGall:
"Tá an-áthas orainn a bheith páirteach i Lá na gCiorcal. Tá an grúpa comhrá anseo ag dul ó neart go neart. Tá an ciorcal agus na ciorcail eile sa cheantar mar chuid thábhachtach d’imeachtaí pobail anseo i nGaeltacht Thuaisceart Dhún na nGall a chuireann an Ghaeilge chun cinn. Tá faire is fáilte roimh dhuine ar bith a bheith linn."
Ag labhairt faoin lá, dúirt Éamonn Ó Braonáin, ball de bhord contae CLG an Longfoirt:
"Thug Lá na gCiorcal spreagadh dúinn tús a chur le ciorcal comhrá do Ghaeil sa chontae. Tá súil againn go spreagfaidh ár gciorcal daoine chun leas a bhaint as cibé Gaeilge atá acu i suíomh sóisialta, is cuma má tá siad líofa nó ag foghlaim. Beidh muid ag cur tús le ciorcal rialta sa chontae amach anseo a bheidh mar chuidiú praiticiúil do chlubanna sa chontae."
Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia:
“Tá sé iontach go mbeidh grúpaí pobail sna 32 contae ag eagrú ciorcail chomhrá inniu sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di leis an Ghaeilge a ceiliúradh. Tá súil againn go spreagfaidh Lá na gCiorcal daoine le leanstan lena gciorcail chomhrá le linn na bliana agus i ndiaidh Sheachtain na Gaeilge le Energia.”
Is féidir eolas a fháil faoi na ciorcail chomhrá ar PEIG.ie. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia ar siúl ó 1-17 Márta agus iarrtar ar an bpobal páirt a ghlacadh san fhéile trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge agus an teanga a úsáid, a chleachtadh agus a fhoghlaim le chéile.
