Skip to main content

‘Plean Fáis’ nua ‘uaillmhianach’ ach ‘riachtanach’ a éilíonn €220m breise don Ghaeilge agus don Ghaeltacht le cur i láthair Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo

 

Díríonn an Plean Infhéistíochta nua seo ar chaiteachas an Rialtais ó dheas a ardú ó 0.16% in 2022 go 0.4% faoi 2029, agus ar chaiteachas an Rialtais ó thuaidh a ardú ó 0.023% in 2022 go 0.1% in 2029

 

5F1A4187

 

An Plean Fáis: Plean Infhéistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht 2024-2029 le plé agus le cur os comhair Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo. Is plean caiteachais agus éilimh ar mhaoiniú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta atá sa Plean Fáis a leagann amach tosaíochtaí don chéad 6 bliana eile.

 

I measc na mór-éileamh a luaitear sa Plean Fáis, tá:

 

  • Caiteachas an Rialtais ó dheas ar an Ghaeilge / Ghaeltacht a ardú ó 0.16% de chaiteachas an stáit in 2022 a ardú go 0.4% de chaiteachas an stáit faoi 2029. Is ionann seo agus €198m breise thar 6 bliana.

  • Caiteachas an Rialtais ó thuaidh ar an Ghaeilge a ardú ó 0.023% de chaiteachas an stáit in 2022 go 0.1% de chaiteachas an stáit faoi 2029. Is ionann seo agus £22m breise thar 6 bliana. 

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, maidir leis “An Plean Fáis”:

 

“Ag amharc siar ar an Phlean Infhéistíochta deiridh a bhrúigh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun cinn, níl aon amhras orainn ach gur imir sé tionchar mór ar phleananna caiteachas an dá Rialtas le 8 mbliana anuas. Bhí sé thar a bheith tábhachtach gur thacaigh breis agus 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta leis an phlean deiridh. An iarraidh seo, tá an Plean Fáis 2024-2029 níos mó arís. Tá sé uaillmhianach mar Phlean, ach má tá muid, agus an dá Rialtas dáiríre faoi chur chun cinn na Gaeilge agus slánú na Gaeltachta, tá na bearta a luaitear sa phlean seo riachtanach. Caithfidh muid tosaíochtaí an phobail a aithint, plean a aontú, agus dul i mbun idirbheartaíochta leis an infhéistíocht seo a bhaint amach. Tá muid iontach spreagtha go bhfuil níos mó grúpaí teanga agus Gaeltachta ná riamh ag tacú leis an Plean Fáis nua, rud a chuirfidh brú mór ar an dá Rialtas an plean seo a chur san áireamh ina gcuid tosaíochtaí sna blianta atá amach romhainn.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

 

“Cé go bhfuil dul chun cinn déanta againn maidir le caiteachas an dá Rialtais ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ó bhí 2016 ann, tá leibheál maoinithe an Stáit i bhForas na Gaeilge agus in Údáras na Gaeltachta 

fós ag leibgheál níos ísle ná mar a bhí sé in 2008, tráth a bhfuil ardú beagnach 60% tagtha ar bhúisead don Chomhairle Ealaíon ó dheas sa tréimhse chéanna. Níl cothrom na Féinne ann don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Ní leor an méid atá déanta. Caithfidh muid mar phobal a bheith i bhfád níos glóraí, i bhfád níos dáiríre faoin fhás gur mhian linn a bhaint amach maidir le hinfhéistíocht an Stáit sa Ghaeilge agus sa Ghaeltacht. Leagann an Plean Fáis nua tosaíochtaí uaillmhianacha, ach riachtanacha amach, chun an fás cuí a fhíorú sa chéad 6 bliana eile. Táimid ag éileamh ar na polaiteoirí agus ar na rannaí Rialtais na tosaíochtaí atá curtha i láthair fríd an Phlean seo a chur san áireamh in aon phleanáil nó in aon phróiseas idirbheartaíochta caiteachais nó maoinithe san am atá le teacht.”

 

 

Beidh an Ard-Fheis ag titim amach in Óstán Chúirt na Mainistreach, An tAonach, Tiobráid Árann ón Aoine 24 Feabhra go dtí an Dómhnach 26 Feabhra. Beidh réamh-sheoladh ar an Plean Fáis 2024-2029 oíche Aoine, 26 Feabhra ag 8i.n, agus beidh an Plean faoi chaibidil ag paineál aoi-chainteoirí níos moille an oíche sin. Déanfar an Plean a sheoladh go hoifiigúil níos déanaí san Earrach. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.