Skip to main content

CNCM (NCCA) ag moladh don Aire Oideachais go n-éireofaí as forbairt na gcúrsaí nua T1 agus T2

Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag moladh don Aire Oideachais go n-éireofaí as forbairt na gcúrsaí nua T1 agus T2 le tuilleadh taighde a dhéanamh.

Cinneadh tábhachtach atá anseo don Ardteist agus deis úr leis an bpolasaí #Gaeilge4All a fhorbairt.

Deir an CNCM: “nár baineadh amach fós fís agus cuspóir comhroinnte maidir le Gaeilge na hArdteistiméireachta” 

Léiríodh imní chomh maith go bhféadfadh scoláirí atá ag freastal faoi láthair ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta “a shocrú aistriú go scoil a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla” sa chás nach mbeadh cúiteamh breise ar fáil as T1. Tugadh le fios go bhféadfadh go roghnódh daoine gan clárú i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta ar an gcúis chéanna.

Dúirt 95% de mhúinteoirí i scoileanna T2 agus 91% i scoileanna T1, nár cheap siad gur “céim chun cinn dhearfach” a bhí sna sonraíochtaí nua.

Deirtear go bhfuil 'gá lena thuilleadh taighde faoin gcur chuige atá ann in áiteanna eile a mbíonn teanga á múineadh mar theanga dhúchais agus mar dhara teanga'.

Tá dea-chleachtas ag teastáil, agus is dea-chleachtas atáimid ag moladh le #Gaeilge4All

Táimid ag éileamh ón Aire Norma Foley le héisteacht le múinteoirí, daltaí, aontais, grúpaí pobail, Gaeilge agus Gaeltachta - anois an t-am leis an bpolasaí #Gaeilge4All, polasaí don Ghaeilge a fhreastalaíonn ar dhaltaí ón réamhscoil go 3ú leibhéal, a fhorbairt.

 

Foinsí:

https://tuairisc.ie/ga-le-hathmhachnamh-a-dheanamh-ar-os-cionn-30-gne-den-phlean-do-dha-chursa-gaeilge-ardteiste/

https://tuairisc.ie/formhor-muinteoiri-gaeilge-ag-iarraidh-go-dtabharfai-ar-ais-scrudu-cainte-gaeilge-don-tsraith-shoisearach-taighde/

https://tuairisc.ie/plean-do-dha-chursa-gaeilge-don-ardteist-le-caitheamh-i-dtraipisi/

https://tuairisc.ie/nil-aon-loighic-leis-imni-faoi-chaint-go-mbogfai-aiste-gaeilge-na-hardteiste-go-dti-paipear-a-do/

https://www.independent.ie/irish-news/education/radical-new-reforms-of-leaving-cert-irish-hit-a-roadblock-42349974.html

https://www.independent.ie/irish-news/education/too-heavy-on-literature-review-finds-new-junior-cycle-irish-could-be-putting-pupils-off-higher-level-42349711.html

https://www.irishtimes.com/ireland/education/2023/02/20/changes-planned-for-leaving-cert-english-and-irish-exams-to-secure-support-for-moving-papers-to-fifth-year/

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.