Scannal Deireadh A Chur Le Deontas Gaeltachta na nÁbhar Oidí

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag cur go tréanláidir i gcoinne chinneadh na Roinne Oideachais agus Scileanna deireadh a chur le deontais d'ábhair oidí ag freastal ar chúrsaí tumoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Faoi láthair, íoctar as na cúrsaí 3-sheachtaine sa Ghaeltacht a fhreastalaíonn ábhair oidí orthu mar chuid éigeantach dá gcéim oideachais chun a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú, ach tugadh le fios ag seisiún eolais i Sráid Marlboro ar an 05 Nollaig 2011 go mbeadh deireadh leis na deontais seo chun airgead a shábháil.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Agus fadhbanna tromchúiseacha cheana féin ag baint le múineadh na Gaeilge i scoileanna timpeall na tíre i láthair na huaire, ghlac an Rialtas céim ollmhór chun tosaigh sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 chun na fadhbanna seo a réiteach nuair a mhol siad go leanfadh ábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagasc teanga sa Ghaeltacht agus go deimhin, go gcuirfí leis an am teagaisc agus freastail d'ábhair mhúinteoirí ar na cúrsaí Gaeltachta."

Anuas air sin, sna treoracha agus sa chritéir nua a d'eisigh An Chomhairle Mhúinteoireachta do na coláistí oiliúna, moladh: "Ba chóir do chláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoinceapaithe, a chur ar fáil, a bheidh anois mar chuid den chlár iomlán agus faoi stiúir dhíreach ag na soláthraithe oideachas múinteoirí." Cuireadh coiste ar bun leis na moltaí seo a fhorbairt.

Arsa de Spáinn: "Céimeanna móra chun tosaigh a bhí sa dá mholadh seo chun feasacht agus scileanna cumarsáide Gaeilge ár múinteoirí a chothú, agus tógfar dhá chéim ar chúl má bhaineann an Roinn Oideachais agus Scileanna na deontais ó na mac léinn le freastail ar na cúrsaí Gaeltachta."

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag moladh go mbeadh níos mó ama á chaitheamh ag ábhar oidí sa Ghaeltacht le blianta beaga anuas, agus bhí an dá eagras an-sásta leis na moltaí san áireamh ag an Rialtais sa Straitéis 20 Bliain agus ag an gComhairle Mhúinteoireachta; molann na heagrais freisin go mbeadh an tréimhse Ghaeltachta seo le déanamh ag mic léinn ag tús na céime chun gur féidir leo leanúint leis na caidrimh lena gcomhghleacaithe nua i nGaeilge i ndiaidh an chúrsa.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, urlabhra Ghuth na Gaeltachta: "Más sábháil airgid atá á lorg ag an Rialtas trí dheireadh a chur leis na deontais do na cúrsaí Gaeltachta, a mhalairt ar fad a bheidh mar thoradh air. Go fadtéarmach, cosnóidh sé níos mó airgid ar an Stát chun toradh an drochchinnidh seo a chur ina cheart nuair nach mbeidh caighdeán Gaeilge na múinteoirí sásúil a dhóthain leis an teanga a mhúineadh sna scoileanna amach anseo. Faoi mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá sé deacair a shamhlú go mbeidh sé d'acmhainn ag ábhair oidí iad féin íoc as cúrsaí sa Ghaeltacht.

"Chomh maith leis sin, cuireann na cúrsaí seo go mór le geilleagar na Gaeltachta ó thaobh na Mná Tí, siopaí áitiúla, múinteoirí agus fostaithe eile na gColáistí Gaeilge de."

Lean Mac Niallais: "Is cúis díomá mhór dúinn é go bhfuil easpa comhordú ag dul ar aghaidh idir na codanna éagsúla den Rialtas i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge. Tá Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030 de chuid an Rialtais ag moladh cur leis na cúrsaí agus iad a fhorbairt agus an comhlacht reachtúil, An Chomhairle Mhúinteoireachta, ag tacú leis sin. Ag an am céanna, tá An Roinn Oideachais agus Scileanna ag iarraidh an bonn a bhaint den obair bhreá atá ar siúl acu. Cheap muid go raibh an Straitéis ann le treoir shoiléir a thabhairt do na Ranna éagsúla Stáit agus a bpáirtnéirí, ach ní mar sin atá sé ag feidhmiú faoi láthair."

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Éamonn Mac Niallais
Urlabhraí, Guth na Gaeltachta
+353 (0)87 6387468

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.ie

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge