Skip to main content

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcur chuige nua maidir le ceapadh Bhord Údarás na Gaeltachta

Moltar an nuacht go mbeidh na toghcháin á dtabhairt ar ais ó 2025 ar aghaidh, agus athmhúnlú le bheith déanta ar struchtúr an Bhoird. Tá dul chun cinn soiléir déanta, ach tá deis ann fós comhrá a thosnú maidir le feidhmeanna an Údaráis agus an reachtaíocht á plé san athbhliain.

 

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh an gcur chuige nua a d’fhógair an tAire Catherine Martin i gcomhar leis an Aire Stáit Jack Chambers inné maidir leis an bpróiseas ceapacháin do Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá tábhacht nach beag ag an Údarás do phobal na Gaeltachta, agus caithfear a chinntiú go bhfuil sainscileanna, taithí agus tuiscint ag na comhaltaí le hionadaíocht chuí a dhéanamh ar an bpobal.

Is dul chun cinn é go bhfuil ionadaíocht bhuan ar an mbord le bheith ag gach contae Gaeltachta amach anseo, agus nach mbeidh sé ceadaithe d’aon chomhalta bord a bheith ina chomhalta d’údarás áitiúil, a bheith mar chomhalta de cheachtar Thithe an Oireachtais, ná mar chomhalta Phairlimint na hEorpa. Beidh guth níos láidre ag muintir na Gaeltachta dá bharr, agus táthar ag súil go mbeidh Bord neamhspleách curtha ar bun.

Tacaíonn Conradh na Gaeilge freisin leis an gcinneadh go mbeidh ar gach iarrthóir íoschaighdeán B2 a bheith bainte amach acu sa Ghaeilge sa Chomhchreat Tagartha Eorpach um Theangacha. Réitíonn an riachtanas seo le hAcht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, agus cinntíonn sé go bhfuil ailíniú i bhfeidhm maidir le caighdeán na Gaeilge sna heagraíochtaí poiblí.

Ag labhairt inniu, dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Is céim dhearfach í seo do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil guth na ndaoine le brath ar an mBord, agus go ndéanfar ionadaíocht cheart orthu - ionadaíocht a chuimsíonn gach réimse den tsochaí sna ceantair Ghaeltachta. Is mná iad 40% de chomhaltaí Bhord reatha Údarás na Gaeltachta, agus b’iontach an rud é da mbeadh comhionannas inscne le feiscint ar an mBord sa todhchaí. D’fhéadfadh an Bord a bheith ina eiseamláir d’aos óg na Gaeltachta, a thuigfeadh go bhfuil deiseanna ann dóibh ról lárnach a ghlacadh i bhforbairt agus dul chun cinn a gceantar.”

Dúirt Mairéad Ní Fhatharta, Cathaoirleach Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge:

“Táimid an-sásta leis an nuacht seo. Is dea-scéal é do na ceantair Ghaeltachta níos lú go mbeidh ionadaíocht bhuan acu ar an mBord amach anseo, agus go mbeidh ar na hiarrthóirí a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht -  táimid ag súil go n-éascóidh an próiséas ceapácháin nua le hionadaíocht ó na hoileáin  ar an mBord chomh maith.”

Dúirt Róisin Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge:

“Is ábhar dóchais é an cur chuige seo, a raghaidh chun leasa phobal na Gaeltachta. Agus an Bille nua a thabharfaidh feidhm do na hathruithe seo á chur le chéile agus á scrúdú i dTithe an Oireachtais, áfach, tá súil againn go ndéanfar machnamh faoi fheidhmeanna an Údaráis, agus go scrúdófar na féidearthachtaí atá ann cumhachtaí breise a dháileadh ar an Údarás. Luífeadh sé le ciall go mbeadh cumhachtaí a bhaineann leis an bpleanáil tithíocht ag an eagraíocht - mar shampla, ardaíodh an cheist seo i nGaeltacht na nDéise, áit a bhfuil iarracht ar bun tithe sóisialta a sholáthar ar thalamh ar leis an Údarás é, ach nach bhfuil sé de chead ag an Údarás scaoileadh leis an talamh céanna ar mhaithe le títhíocht de dheascadh easpa cumhachtaí. Ba mhaith linn réiteach a fheiscint ar a leithéid d’eachtra.”

 

Críoch

 

Tuilleadh eolais:

Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.