Skip to main content

Raidió Rí-Rá beo ar FM ar fud na tíre

 

Raidió Rí-Rá le bheith ag craoladh beo ar FM timpeall na tíre óna stiúideo ar Shráid Fhearchair 14-16 Samhain 2022

rrr.png

Beidh ceol na gcairteacha agus caint le craoltóirí Raidió Rí-Rá le cloisteáil beo ar raidió FM i mBaile Átha Cliath (105.2fm), Corcaigh (106.7fm), Luimneach (105.5fm), agus i nGaillimh (87.7fm), maraon le gnáthbhealaigh éisteachta an stáisiúin ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus ar Android. Le linn na tréimhse speisialta seo cloisfear cláracha beo leis na GaelGals, na Seansálaithe, agus le ‘Pearsa Raidió na Bliana’ Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 Seán Ó Dubhchon, chomh maith le láithreoirí eile de chuid Raidió Rí-Rá, baill de Chumainn Ghaelaigh na n-ollscoileanna, agus aíonna speisialta eile.

Craolfar popcheol agus plé le haoiláithreoirí leithéid de Louise Cantillon (TG4), Aindriú de Paor (RTÉ 2fm), Hugh Carr (Joe.ie), agus Aisling Ní Dhonnabháin (Cúla 4), chomh maith le haíonna speisialta a bheidh faoi agallamh chuile lá. Beidh seisiúin speisialta ceoil á gcur i láthair ag Seán Ó Dubhchon agus Bainisteoir Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil, ina gcuirfidh siad fáilte roimh cheoltóirí ar nós Matt Ó, Bandia, Pauric O’Meara, agus Oisín Mac Giolla Bhríde a gcuid ceoil a chasadh ar an aer.   

 RRR_OnaG.jpeg  RRR_OnaG_3.jpeg

Dúirt Cathaoirleach Raidió Rí-Rá, Traic Ó Braonáin “Beidh ról ar leith ag an lucht éisteachta freisin - tá láithreoirí an stáisiúin ag súil le hidirghníomhacht leis an bpobal, go háirithe daoine óga agus scoileanna! Agus #Gaeilge24 ag titim amach le linn na seachtaine céanna (15 Samhain), cuirfear fáilte roimh theachtaireachtaí ó scoileanna agus ranganna ar Twitter, Instagram agus Facebook. Is féidir le scoileanna iarratais agus teachtaireachtaí a chur chuig an stáisiún ar na meáin shóisialta tríd an hashchlib #RRRfm a úsáid, agus léifear amach ar an aer iad.

Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, agus Spóirt, agus le hÚdarás Craolacháin Éireann as cabhrú linn leis an deis fhorbartha seo agus an deis léiriú don saol mór go bhfuil an stáisiún réidh an chéad chéim eile a ghlacadh le cláracha a sholáthar ar ardchaighdeán do dhaoine óga na tíre seo ar ardán náisiúnta.”

Tá Bainisteoir nua Raidió Rí-Rá Emma Ní Chearúil ag obair leis an stáisiún le mí anuas, agus is cinnte gur tús spleodrach é seo leis an bpost: “tá foireann craoltóirí Raidió Rí-Rá díograiseach agus cumasach. Is iontach go bhfuil daoine óga ag obair leis an tseirbhís seo a sholáthar do dhaoine óga eile, agus tá sé mar sprioc againn go mbeadh an tseirbhís seo ar fáil i gcónaí, agus go mbeadh an rogha ag daoine óga na tíre tíocht ar cheol agus caint trí Ghaeilge am ar bith, áit ar bith, ar FM agus ar líne.”

Cloisfear Raidió Rí-Rá ar na minicíochtaí seo thíos, agus ar rrr.ie agus ar aip Raidió Rí-Rá ar Apple agus Android:

?Baile Átha Cliath 105.2fm

?Corcaigh 106.7fm

?Luimneach 105.5fm

?Gaillimh 87.7fm

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.