Skip to main content

#Comhrá22 le tosú in Ambasáid na hÉireann, Singeapór

Cuirfear tús leis an gComhrá Gaeilge san Áise sula dtaistealaíonn sé ar fud an domhain 

 

WhatsApp_Image_2022-10-06_at_2.23.18_PM.jpeg

 

Dé Luain, 10 Deireadh Fómhair, a chuirfear tús leis an gComhrá Gaeilge is faide ag taisteal ar fud an domhain. Beidh an Comhrá á sruthú beo ar snag.ie agus is in Ambasáid na hÉireann, Singeapór, a sheolfar #Comhrá22. 

 

Deir Ambasadóir na hÉireann, Singeapór Sarah McGrath: 

 

“Tá ríméad orainn, mé féin, an Dr Risteárd Ó hAonghusa agus an Dr Guinevere Barlow, tús a chur le Comhrá ‘22 anseo san ambasáid i Singeapór. Tá pobal breá d’Éireannaigh anseo agus an-dúil acu sa Ghaeilge agus i gcultúr na hÉireann. Tá an ambasáid an-sásta a bheith páirteach i gComhrá '22 agus táimid ag súil go mór le bheith ag nascadh le Pobal na Gaeilge ar fud an domhain.”

 

Cuirfidh Bladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta deireadh leis an gComhrá ar Dhéardaoin, 13 Deireadh Fómhair, áit a labhróidh láithreoir an chláir le Gaeil idirnáisiúnta a bhí páirteach. Beidh idir chraobhacha Chonradh na Gaeilge, chiorcail chomhrá, scoileanna agus ghrúpaí pobail páirteach san imeacht. Tá cúpla spás fós ar fáil más spéis leatsa páirt a ghlacadh ann, ní bhíonn ag teastáil ach nasc idirlín agus cuntas Zoom, socróidh foireann an Chomhrá gach rud eile duit. 

 

I measc na ngrúpaí ar fad a bheidh páirteach i mbliana, beidh Ionad Naomh Pádraig ó Ghaeltacht Ghaoth Dobhair. 

 

Deir Máire Uí Chomhaill, Bainisteoir Ionad Naomh Pádraig: 

“Tá lúcháir mhór orainn anseo in Ionad Naomh Pádraig, lonnaithe i gcroí lár na Gaeltachta páirt a ghlacadh in Comhrá ‘22 mar atá déanta againn le blianta fada anuas. Is tógáil croí agus pléisiúr dúinn an t-ardán seo a roinnt le grúpaí agus Gaeilgeoirí ar fud an domhain.”

 

Deir Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Is ócáid bhliantúil lán le spraoi é Comhrá, a nascann daoine le chéile trí Ghaeilge. Beidh craobhacha Chonradh na Gaeilge agus grúpaí eile ó fud fad an domhain páirteach san fheachtas arís i mbliana agus is mór an spreagadh iad na grúpaí a ghlacann páirt ann gach bliain. Guím gach rath orthu agus ar #Comhrá22.”

 

Do dhaoine aonaracha, teaghlaigh nó grúpaí cairde gur mhaith leo páirt a ghlacadh sa Chomhrá ach nach bhfuil spásanna ar fáil dóibh, beidh tráth na gceist speisialta á reáchtáil mar chuid den Chomhrá, oíche Luain 10 Deireadh Fómhair ag 21:00. Craolfar tráth na gceist beo ar YouTube agus beidh deis ag daoine páirt a ghlacadh ann agus duaiseanna a bhuachan.

 

Le tuilleadh eolais a fháil faoi #Comhrá22, téigh go snag.ie/comhra

 

**************

 

EOLAS DON EAGARTHÓIR:

Cuireadh tús le Comhrá sa bhliain 2013 agus tá sé á eagrú ag foireann feasachta Chonradh na Gaeilge ó shin i leith. 

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Is iad Foras na Gaeilge atá mar mhaoinitheoirí feachtais feasachta Chonradh na Gaeilge. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.