Skip to main content

Cáinaisnéis: Fáilte curtha ag Conradh na Gaeilge don €8.5m sa bhreis i gCáináisnéis 2023 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus don €7.3m sa bhreis do TG4

Ach imní léirithe ag an eagraíocht nár cuireadh airgead ar fáil do Chiste Caipitil Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil luach a chiste le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht thíos 30%

 

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh an €8.5 milliún sa bhreis fógartha, ag an Rialtas ó dheas, i gcáinaisnéis 2023 d’eagraíochtaí agus do thionscadail Ghaeilge agus Ghaeltachta agus don €7.3 milliúin sa bhreis do TG4. Tá an méid airgid deimhnithe, áfach, níos lú ná an €23 milliún a lorg an eagraíocht agus feictear dúinn go bhfuil roinnt deiseanna caillte agus beidh roinnt bearnaí ann i 2023 dá bharr.

 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Is maith é go bhfuil maoiniú breise fógartha don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i gCáinaisnéis 2023. Is cinnte go raibh an maoiniú seo de dhíth le cabhrú le cur chun cinn na teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di. Ba mhaith liom tréaslú chomh maith le TG4 agus an maoiniu breise atá curtha ar fáil ag na hAirí leis an gcainéal nua, Cúla 4, a fhorbairt go lánaimseartha amach anseo. Tá tábhacht faoi leith le páistí a spreagadh agus níl aon dabht ach go bhfuil Cúla 4 mar thacaíocht iontach tábhachtach do thuismitheoirí atá ag tógáil a bpáistí trí Ghaeilge agus mar ábhar spreagtha dá bpaistí. Beidh an cainéal nua mar spreagadh mór chomh maith do pháistí eile fud fad na tíre ag foghlaim na Gaeilge.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 

“Cé go n-aithníonn muid an dul chun cinn atá déanta le trí bliana anuas leis an gcáinaisnéis, táimid den tuairim go bhfuil gá a thuilleadh maoinithe a chur ar fáil, go háirithe le fostaíocht sa Ghaeltacht a threisiú. Tá luach an chiste caipitil atá ag an Údarás thíos leis 30-35% le cúpla bliain anuas de réir plé ar Raidió na Gaeltachta agus tá an maoiniú breise a thug an Rialtas seo roimhe seo don chiste céanna, mar sin, nach mór glanta amach ag an mboilsciú. Mura dtabharfar na hacmhainní don Údarás le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht tá baol mór ann nach mbeidh daoine óga in ann fanacht sa Ghaeltacht, a cuirfidh le meath na Gaeltachta. Táimid ag éileamh ar an Rialtas athmhacnamh a dhéanamh ar chás bhuiséad chaipitil Údarás na Gaeltachta agus maoiniú sa bhreis a chur ar fáil don Údarás sna meastacháin athbhreithnithe agus an cáinaisnéis ag dul tríd Tithe an Oireachtais. “

 

Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag cur éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chun cinn le cothrom na Féinne a bhaint amach ó thaobh cúrsaí maoinithe.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.