Skip to main content

Ráiteas - Torthaí: Daonáireamh ó thuaidh

“Dá mbeadh an tacaíocht chuí fhádtéarmach ann don Ghaeilge ó thuaidh d’fheadfaí líon na gcainteoirí a mhéadú go mór” - CnaG

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh na figiúir is úire sa daonáireamh maidir leis an Ghaeilge ó thuaidh ach éilíonn an eagraíocht straitéis láidir láithreach chun tacú le fás na teanga

 

Screenshot_2022-09-22_at_10.06.31.png

Screenshot_2022-09-22_at_10.17.59.png

 

Dhearbhaigh figiúir nua-fhoilsithe Daonáirimh inniu (Déardaoin 22 Meán Fómhair 2022) go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a deir go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu. Dearbhaíonn na figiúir fosta go bhfuil ardú tagtha ar líon na ndaoine a deir gurb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga. I measc na mór-staitisticí a foilsíodh inniu, fógraíodh:

  • Méadú i líon na ndaoine a deir go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu ó 184,898 duine (10.65%) in 2011 go 228,617 duine (12.45%) in 2021. Is ionann sin agus méadú 43,719 duine (23.6%) le deich mbliana anuas.
  • Méadú i líon na ndaoine a deir gurb í an Ghaeilge a bpríomhtheanga ó 4,164 (0.24%) in 2011 go 5,969 (0.32%) in 2021. Is ionann sin agus méadú 1,805 duine (43%) le deich mbliana anuas. 
  • Cuireadh ceist eile sa daonáireamh maidir le minicíocht úsaid na Gaeilge. Níor foilsíodh torthaí na ceiste sin inniu go fóill. 

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Léiríonn figiúir an lae inniu go bhfuil obair na gcapall ar bun ar an talamh ó thuaidh. Idir na Gaelscoileanna, grúpaí pobail, agus eile tá fás leanúnach ag teacht ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge éigin acu le deich mbliana anuas, agus i bhfad níos faide ná sin fosta. Tá ard-mholadh tuilte ag na múinteoirí, na heagraíochtaí áitiúla agus na scoileanna féin as ucht a bhfuil bainte amach acu. Cé go bhfuil muid ag dul sa treo ceart, tuigeann muid go bhfuil obair ollmhór romhainn le húsáid na teanga a spreagadh agus líon na ndaoine atá ag caint trí Ghaeilge gach lá a mhéadú, agus gur ghá dúinn tuilleadh brú a chur ar an stát a gcuid féin a dhéanamh fosta.”

Dúirt Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide ó thuaidh le Conradh na Gaeilge:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh na figiúir is úire maidir le cumas agus úsáid na Gaeilge ó thuaidh. Insíonn siad dúinn go bhfuil bhfuil 43,719 níos mó daoine a deir anois go bhfuil cumas sa Ghaeilge acu i gcompráid le 2011, is ardú súntasach é sin i gcomhthéacs nach bhfuil aon chosaint reachtúil ag an teanga ó thuaidh. Is é an tuairim a bheadh againn nó go mbaineann an t-ardú leanúnach ar líon na ndaoine a deir go bhfuil Gaeilge éigin acu leis an obair chlaochlaitheach pobail agus Gaelscolaíochta atá faoi lán-seoil ó thuaidh, agus leis an ardú próifíle atá ag an Ghaeilge i gcoitinne le breis agus 5 bliana anuas a bhuí leis an fheachtas ollmhór ar son chearta teanga. Ach tá an obair sin ag dul ar aghaidh i bhfolús aon obair pleanála straitéisí ón stáit féin. Níl reachtaíocht againn don Ghaeilge fós agus níl aon straitéis teanga againn fós. Tá an pobal agus earnáil an Ghaeloideachais ag obair go dlúth leis an teanga a chothú agus agus a chur chun cinn.  Deir muid seo go minic le polaiteoirí agus leis an stát, dá mbeadh cur chuige straitéiseach fádtéarmach againn, maoiniú cuí agus an tacaíocht cheart dár scoileanna, tá muid cinnte go dtiocfadh méadú iontach ard ar na figiúir seo arís eile le himeacht an chéad tréimhse daonáirimh eile."

TUILLEADH EOLAIS agus NAISC

Is féidir theacht ar an eolas iomlán maidir leis an daonáireamh anseo:

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.