Skip to main content

Ritheann Breis 's 20,000 Duine Ar Son na Gaeilge le Rith 2012!

Tá níos mó ná 20,000 duine tar éis páirt a ghlacadh i Rith 2012 go dtí seo, ollrith sealaíochta 700km ar son na Gaeilge atá ar siúl mar chuid de Sheachtain na Gaeilge 2012, agus tá dhá lá reatha fós le dul.

Dúirt Cóilín Ó Cearbhaill, Bainisteoir Rith 2012: "Is ardú dochreidte croí agus meanman dúinn ar fad gur tháinig na mílte agus na mílte daoine amach ar bhóithre na hÉireann chun tacú leis an teanga do Rith 2012 mar chuid speisialta de Sheachtain na Gaeilge i mbliana.

"Tá níos mó ná 500 grúpa éagsúla idir scoileanna, ghrúpaí pobail áitiúla, chlubanna spóirt agus go leor leor eile tar éis ciliméadar a rith do Rith 2012 go dtí seo, agus tá dhá lá eile fós os ár gcomhair sula gcríochnaíonn an ceiliúradh ar Árainn na Gaillimhe ar Lá Fhéile Pádraig!"

Chuir lucht Rith 2012 tús leis an aistear 700km ag Crois an Bhunbhig i nGaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall ar an 8 Márta 2012. Tá baitín le teachtaireacht istigh ann ó Mhícheál D Ó hUiginn, Uachtarán na hÉireann, ag athrú láimhe idir daoine agus pobail ó shin i leith don rith ar fad. Nochtfar teachtaireacht an Uachtaráin ag críoch Rith 2012 in Inis Mór, Na hOileáin Árann, Co. na Gaillimhe amárach (Dé Sathairn, 17 Márta 2012).

Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh in 2010 agus í mar aidhm aige an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach uileghabhálach, físiúil, gníomhach agus nualaíoch; tá sé mar aidhm ag an bhféile freisin airgead a chruinniú do thionscadail phobail na Gaeilge ag an am céanna.

Ghlac 20,000 duine páirt sa chéad Rith a reáchtáladh in Éirinn in 2010, ach is léir go mbeidh borradh mór ar líon na ndaoine a ghlac páirt i Rith 2012, ó tá an oiread céanna tar éis tacú leis an rith go dtí seo i mbliana agus tá fós dhá lá den bhféile le dul. Beidh Rith 2012 ag dul ó Bhaile Locha Riach go dtí An Cheathrú Rua inniu (Dé hAoine, 16 Márta 2012) agus ar aghaidh go hInis Mór i mBá na Gaillimhe amárach.

Féadfaidh daoine fós a gcuid tacaíochta a léiriú trí pháirt a ghlacadh sa rith agus ciliméadar nó ciliméadair a cheannach ar-líne ag www.rith.ie. Déantar na brabúis uile ó Rith a athinfheistiú sna pobail áitiúla le tacú leis an nGaeilge ag an leibhéal áitiúil.

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill
Bainisteoir, Rith 2012
+353 (0)86 8599067 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Daithí de Faoite
Coiste Stiúrtha, Rith
+353 (0)87 2249756 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Físeáin Rith ar YouTube:
www.youtube.com/user/RithGaeilge

• Rith 2012 Lá 1 Gaoth Dobhair - Srath Bán 08/03/2012
http://www.youtube.com/watch?v=E7KfDlbZXbQ

• Rith 2012 Lá 2
http://www.youtube.com/watch?v=_3u6hrpPOZc

• Rith 2012 Lá 3
http://www.youtube.com/watch?v=-OMmPgAplPY

• Rith 2012 Lá 5
http://www.youtube.com/watch?v=W0jMwxZYynE&context=C4487aadADvjVQa1PpcFPhiWrTOx7XCrVgVGOjkpF6ivnkLgNapyE

Is féile dhébhliantúil é Rith a bunaíodh in 2010 agus mar aidhm aige an Ghaeilge a cheiliúradh sa phobal ar bhealach atá uileghabhálach, físiúil agus gníomhach agus ag an am céanna, airgead a chruinniú do thionscadail phobail na Gaeilge. Is carthanas cláraithe é Rith agus is comhfhiontar é atá á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge, Glór na nGael, Comhluadar agus Seachtain na Gaeilge. Tá Rith 2012 ag tabhairt cuairte ar na contaetha seo a leanas ón 8 - 17 Márta 2012: Dún na nGall, Tír Eoghain, Doire, Aontroim, Ard Mhacha, Muineachán, an Mhí, Áth Cliath, Cill Dara, Ceatharlach, Laois, Tiobraid Árann, Luimneach, an Clár agus Gaillimh, ag críochnú ar na hOileáin Árann. Faigheann Rith tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, agus Udar.ie. www.rith.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.