Léiriú ar imeallú chearta teanga i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga

 

Screenshot_2022-06-15_at_11.55.14.png

 

Léiríonn Tuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnall, easpa seirbhíse do phobal na Gaeilge ón Stát – fiú i lár na paindéime sláinte is measa a bhualadh ar an Stát i saol na ndaoine, agus freisin an gá tabhairt faoin obair chun Acht na dTeangacha Oifigiúla a fheidhmiú gan mhoill.

Dúirt Paula Melvin, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá sé náireach nár chuir an Stát bunseirbhísí eolais ar fáil i nGaeilge do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge maidir le Covid 19, tráth go raibh an tír i lár na paindéime is measa a bhualadh ar an Stát i saol na ndaoine. Is léiriú an líon gearán a rinneadh le hOifig an Choimisinéara Teanga faoin gceist seo ar an easpa caiteachais a rinne an Stát chun buneolas sláinte a chur ar fáil i nGaeilge. Mar a deir an Coimisinéir Teanga ina Thuarascáil Bhliantúil, agus molaim an Coimisinéir agus an obair iontach déanta aige agus ag a oifig le bliain anuas arís, rinneadh imeallú ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, ar a gcearta teanga agus go deimhin ar a gcearta sláinte. Tharla sé seo in ainneoin na gceisteanna rialta a bhí ardaithe ag Conradh na Gaeilge agus ag polaiteoirí leis an Aire Sláinte agus le Feidhmeannas na Seirbhísí Sláinte. Is fiú a mheabhrú gur bhain an easpa eolais i nGaeilge le gach gné den obair a bhí ar siúl ag an Stát chun an pobal a chosaint ón ngalar, chun seirbhís tástála a thairiscint don phobal agus maidir leis an gcóras chun coinne vacsaíne ar líne a chur ar fáil. Is léiriú eile é an t-imeallú a tharla ar chearta na Gaeilge le linn Covid 19 ar an imeallú ginearálta atá á dhéanamh ag an Stát ar chearta teanga.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Gan trácht ar na fadhbanna maidir le Covid atá luaite I dTuarascáil an Choimisinéar Teanga, léirítear dúinn arís an gá chun dul i dtreo eile maidir le cearta teanga a chinntiú do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Dá mba rud é go raibh córas cosanta teanga ceart á fheidhmiú ag an Stát is ag laghdú a bheadh líon na ngearán a bheadh á dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara. Ach feiceann muid óna Thuarascáil gur tháinig méadú 20% ar líon na ngearrán le bliain anuas. Feictear do Chonradh na Gaeilge, mar atá luaite ag an gCoimisinéir Teanga, go bhfuil géarghá anois brostú chun cinn le feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasaithe) agus chun tabhairt faoi fheidhmiú fhorálacha an Achta.

Mar aon le feidhmiú an Achta creideann Conradh na Gaeilge go bhfuil géarghá freisin le feachtas feasachta agus stocaireachta chun an pobal a spreagadh chun éileamh a dhéanamh ar na cearta breise a thiocfaidh mar thoradh ar fheidhmiú an Achta. Is í fírinne an scéal go bhfuil an pobal imithe i dtaithí ar easpa seirbhíse i nGaeilge ón Stát agus nach n-éilíonn siad seirbhísí nuair is léir dóibh nach bhfuil na seirbhísí sin ar fáil. Agus Acht na dTeangacha Oifigiúla Leasaithe á fheidhmiú sa tréimhse romhainn ní mór an pobal a spreagadh chun a gcearta nua a éileamh.”

Is féidir an Tuarascáil féin a léamh anseo: https://www.coimisineir.ie/tuarascalacha-bliantula?lang=GA 

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge