Skip to main content

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh an reachtaíocht úr a chuireann teastais oifigiúla ar fáil trí Ghaeilge don chéaduair ó thuaidh

 

Irish_regs_Z62_4581.jpeg

Tháinig reachtaíocht úr fríd an Choiste Airgeadais ag Cnoc an Anfa i mí na Samhna 2021 chun an deis a thabhairt do phobal na Gaeilge ú thuaidh teastais oifigiúla chlárúcháin trí Ghaeilge a fháil. Ní raibh an rogha seo riamh ann ó thuaidh. Baineann sé seo le teastais bhreithe, teastais bháis agus teastais phósta agus pháirtnéireachtaí sibhialta. Bhí an beart seo luaite sa chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a foilsíodh in Eanáir 2020 agus thit sé faoin Roinn Airgeadais an obair sin a thabhairt chun cinn. Tá píosa eile le cur i gcrích fós chun iomlán na seirbhíse iarratais a dhéanamh dátheangach. Tháinig an reachtaíocht i bhfeidhm ar 11 Márta 2022. 

Sheol an tAire Airgeadais Conor Murphy CTR na teastais úr ag Áras na bhFál i mBéal Feirste i gcomhar le Conradh na Gaeilge. Tá pictiúir ceangailte leis an ráiteas seo. 

 

Deir an Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge:

“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte mhór roimh theacht i bhfeidhm na reachtaíochta úire seo agus roimh na teastais úra a bheas ar fáil trí Ghaeilge don chéaduair. Is céim bheag sa treo ceart í seo ach is céim thar a bheith shúntasach í fosta do do phobal na Gaeilge. Diúltaíodh do na cearta réasúnta teanga seo le fada fada an lá. Cinnteoidh an dlí úr go mbeidh an ceart ag aon duine ar mhian leo Gaeilge a fheiceáil ar theatais úra s’acu sin a fháil go hoifigiúil anois. Ní chuirfidh sé seo isteach ar bhealach ar bith ar aon duine nár mhian leo an Ghaeilge a fheiceáil nó a úsáid. Is bun-sheirbhísí saoránaigh iad seo atá ar fáil ar fud na n-oileán seo i réimse teangacha dúchasacha. Tá muid ag súil go mór le bheith ag obair ar aghaidh leis an Roinn Airgeadais chun na seirbhísí clárúcháin a fhorbairt arís. Is dul chun cinn tábhachtach atá sa bheart seo chun an teanga a aithint go hoifigiúil sa dlí agus ar chaipéisí oifigiúla go háirithe nuair a cuireadh cosc ar an teanga ar na caipéisí seo roimhe seo. Caithfidh cearta teanga a bheith inrochtana, caithfidh siad a bheith praiticiúil agus caithfidh siad a bheith infheicthe. Chuige sin, iarrann muid ar na comhairlí áitiúla agus ar na ranna Stáit na seirbhísí teanga seo a ofráil go gníomhach agus go forleathan san am atá amach romhainn.”

Deir an tAire Airgeadais, Conor Murphy CTR:

“Tá áthas ollmhór orm go bhfuil tús curtha ag mo Roinn an choimitmint seo a bhí mar chuid den Chomhaontú Ré Nua Cur Chuige Nua a chur i bhfeidhm. Is féidir teacht anois ar na ceannteidil sna teastais chlárúcháin úra i mBéarla, i nGaeilge nó go dátheangach i mBéarla agus i nGaeilge. Cuireann seo rogha níos fearr ar fáil do dhaoine agus breitheanna, báis, páirtnéireachtaí sibhialta agus póstaí á gclárú acu. Is céim i dtreo an chomhionannais é seo fosta do phobal na Gaeilge ach níl anseo ach an chéad chéim san aistear seo. Tá sé de rún agam bheith ag obair i dtreo an próiseas clárúcháin a éascú trí Ghaeilge ina iomláine le linn na mandáide atá romhainn.”

Is féidir teacht ar an reachtaíocht úr anseo: 

​​https://www.legislation.gov.uk/nisr/2022/48/pdfs/nisr_20220048_en.pdf   

Eolas faoin phictiúr:

Pictiúr 1 (C-D): Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge, Gearóidín Nic Cathmhaoil, Glór na Móna, Conor Murphy MLA, Aire Airgeadais, Gearóidín Nic Cathmhaoil, Glór na Móna, Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Conradh na Gaeilge. 

Pictiúr 2 (C-D): Dr Pádraig Ó Tiarnaigh, Conradh na Gaeilge, Conor Murphy MLA, Aire Airgeadais, Gearóidín Nic Cathmhaoil, Glór na Móna,  Julian de Spáinn, Conradh na Gaeilge. 

 

Irish_regs_Z62_4601.jpeg

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.