Skip to main content

Tús spleodrach curtha le Seachtain na Gaeilge le Energia i gCathair na Gaillimhe & 120 bliain don fhéile á ceiliúradh

Is ar an bhFaiche Mhór i gcathair na Gaillimhe a reáchtáileadh seoladh pobail don fhéile Ghaeilge is mó ar domhan ar an Satharn agus cuirfear tús oifigiúil leis an bhféile inniu. 

 

Reáchtáileadh Seachtain na Gaeilge don chéad uair in 1902 agus tá ceiliúradh mór á dhéanamh ag grúpaí fud fad an domhain le haghaidh 120 bliain don fhéile i mbliana. 

 

Is iad an t-imreoir rugbaí Sene Naoupu, an láithreoir raidió Cormac Ó hEadhra agus an cruthaitheoir TikTok Séaghan Ó Súilleabháin atá mar ambasadóirí na bliana seo do #SnaG22. 



Deir Conchubhair Mac Lochlainn, Cathaoirleach Seachtain na Gaeilge: 

“Is iontach an rud é bheith thar nais i mbun imeachtaí arís théis dhá bhliain den phaindéim a chur dínn. Gabhaimíd buíochas leis na sluaite a tháinig chuig an seoladh ar an Satharn agus a bheas ag freastail ar imeachtaí le linn na féile. Is mór an spreagadh iad dúinne.” 



Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge: 

 

“Is iad na grúpaí pobail atá mar chroílár na féile agus ní bheadh ann don fhéile gan an obair iontach a chuireann siad isteach ó cheann ceann na bliana. Ó snámh farraige go tástáil fíona, beidh imeachtaí do chách á n-eagrú ag grúpaí le linn #SnaG22. Anois an deis do dhaoine traidisiún nua a dhéanamh agus páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge le Energia na bliana seo''

 

Tá tuilleadh eolais faoi imeachtaí na féile le feiceáil ar PEIG.ie. Do dhaoine atá ag lorg acmhainní ar nós tráth na gceist, cluichí nó póstaeir, is féidir iad a fháil ó shuíomh na féile, https://www.google.com/url?q=http://snag.ie&source=gmail&ust=1646223109031000&usg=AOvVaw2pDNqXHJ40H3HuKGRg7Qx9">snag.ie. 

 

Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. 

 

CRÍOCH

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie&source=gmail&ust=1646223109031000&usg=AOvVaw07KfwpxZw2nRBfUmowU0-0">www.cnag.ie



Teagmháil:

 

Orlaith Nic Ghearailt

Bainisteoir Acmhainní Daonna, 

Seachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta 

 +353 (0)85 7758639 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

Sophie Osborne 

Feidhmeannach Seachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta 

+353 (0)87 3113201 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.