Skip to main content

Grúpaí Gaeilge fud fad Bhéal Feirste aontaithe ar son athruithe ar pholasaí sráidainmneacha

Inniu, chuir 8 ngrúpa, An Droichead, Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich, Glór na Móna, Ionad Uíbh Eachach, Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain, Cumann Gaelach QUB, Conradh na Gaeilge agus Forbairt Feirste a bhfreagraí isteach ar an chomhairliúchán ar son athraithe molta Chomhairle Chathair Bhéal Feirste ar an pholasaí sráidainmeacha. 

Ghlac Comhairle Chathair Bhéal Feirste le polasaí a éascaíonn comharthaí sráide dátheangacha don chéad uair in 1998. Tá leasú á dhéanamh ar an pholasaí de bharr chinneadh a ghlac an Coiste SP&R ar an 23ú Deireadh Fómhair 2020 (daingnithe ag an Chomhairle ina hiomláine ar an 7ú Eanáir 2021) chun athbhreithniú a dhéanamh ar an pholasaí. 

Tá an polasaí molta úr anois bunaithe ar dhea-chleachtas idirnáisiúnta agus tá sé níos oiriúnaí ó thaobh chearta mionlaigh de, bunaithe ar threoir ó Rapporteur Speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe ar theangacha mionlaithe. Nuair a ghlac Comhairle Chathair Bhéal Feirste an cinneadh seo, b’í an chéad chomhairle ó thuaidh a chur polasaí chun cinn a chomhlíon dualgais maidir le cearta mionlaithe. Léirigh seo athrú suntasach ar an dóigh a n-amharcann an Chomhairle ar an teanga, mar aon le bogadh ar an dóigh ar féidir agus ar ceart an teanga a chur chun cinn agus a chosaint ag comhairlí áitiúla.

Thosaigh Comhairle Chathair Bhéal Feirste comhairliúchán ar an 22ú de mhí na Samhna agus críochnóidh sé ar an 28ú lá de mhí Feabhra. Is féidir na hathruithe molta mar aon leis an chomhairliúchán a fheiceáil anseo; https://www.google.com/url?q=https://yoursay.belfastcity.gov.uk/dual-language-street-sign-policy&source=gmail&ust=1645868413348000&usg=AOvVaw3wIW2HukMrOJ0ohvqdgKwn">https://yoursay.belfastcity.gov.uk/dual-language-street-sign-policy

Dúirt Cuisle Nic Liam, comhordaitheoir chearta teanga le Conradh na Gaeilge,

 

‘'Inniu, tháinig ocht ngrúpa Gaeilge le chéile os comhair Halla na Cathrach i mBéal Feirste chun a bhfreagraí a chur isteach do chomhairliúchán na Comhairle maidir leis na hathruithe atá molta agus iad ag iarraidh ar an phobal páirt ghníomhach a ghlacadh sa chomairliúchán roimh an sprioc Dé Luain. 

 

Má ghlactar leis an pholasaí atá molta, gheofar réidh le neart de na constaicí a sheasann sa bhealach ar iarratais ar son chomharthaí sráide dátheangacha a bheith rathúil. Ní bheadh freagracht ar an chónaitheoir atá ag déanamh an iarratais achainí 33% a bhailiú ó chónaitheoirí sráide chun tús a chur leis an phróiseas; ísleofar an tairseach tacaíochta ón 66% atá i bhfeidhm faoi láthair go 15%, figiúr atá níos oiriúnaí ó thaobh na mionlach de; agus ní ghlacfar leis go bhfuil cónaitheoir in éadan an iarratais muna dtugann siad freagra ar an tsuirbhé sráide.”

 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

 

“Is linne ar fad an Ghaeilge, agus cuidíonn méadú ar fheiceálacht mhionteangacha go mór le normálú teangacha, rud a chuireann le caoinfhulaingt agus tuiscint. Ba cheart go gcinnteofaí tríd an reachtaíocht teanga úr go ndéanfaí an Ghaeilge a chosaint agus is gá méadú ar fheiceálacht na Gaeilge inár spásanna rointe a chúmhdú sa dlí. Níos mó ná 20 bliain ar aghaidh ónar tugadh gealltanas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta “gníomh diongbháilte” a dhéanamh ar son na Gaeilge, tá ár bpobal fós ag seasamh an fhóid ar son ceart teanga.”

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

 

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 180 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: https://www.google.com/url?q=http://cnag.ie&source=gmail&ust=1645868413348000&usg=AOvVaw0KfmdnyjrV3yQNQI0RcEf0">www.cnag.ie

 
 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.