Skip to main content

Cearta iomlána oibre bainte amach ag an nGaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh ó 1/1/2022 ar aghaidh 

Cearta iomlána oibre bainte amach ag an nGaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh ó 1/1/2022 ar aghaidh 

Íomhá

 

Tá cearta iomlána oibre bainte amach ag an nGaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh. Ón lá inniu amach, 1 Eanáir 2022, tá comhchearta agus comhstádas ag an nGaeilge le teangacha oifigiúla eile de chuid an Aontais.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Tá ceann scríbe bainte amach againn i bpróiseas ar cuireadh tús leis siar sa bhliain 2003 ag Seimineár Chonradh na Gaeilge ag Oireachtas na Samhna. Ag an Seimineár sin aontaíodh ar fheachtas a thionscnamh chun Stádas iomlán oibre a bhaint amach don Ghaeilge. Mar chuid den fheachtas STÁDAS, a mheall tacaíocht leathan ó phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, rinneadh stocaireacht ar an chóras pholaitiúil, ag críochnú le mórshiúl trí shráideanna Bhaile Átha Cliath ar an 24 Aibreán 2004. Chríochnaigh an mórshiúl sin le slógadh inár mbronnadh 80,000 síniúchán ar an Fheisire de chuid Pharlaimint na hEorpa Seán Ó Neachtain.”

Lean Comer: 

“Agus ceann scríbe bainte amach ag an bhfeachtas seo, agus ceart stairiúil bainte amach don Ghaeilge, tá sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do gach duine a thacaigh leis an bhfeachtas seo i mbealach ar bith. Mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ba mhaith liom aitheantas faoi leith a thabhairt don Dr. Pádraig Breandan Ó Laighin agus Dáithí Mac Cárthaigh a bhí lárnach i dtionscnamh an fheachtais STÁDAS. Bhí ról lárnach ag Conradh na Gaeilge san fheachtas seo ón tús agus ról faoi leith ag Uachtarán an ama sin, Nollaig Ó Gadhra agus eagraíochtaí eile. Bhí ról suntasach freisin ag Aoife Ní Scolaí, a bhí mar Ard-Rúnaí na heagraíochta ag an am, san obair chun stádas a bhaint amach don Ghaeilge. Tá buíochas tuillte acu ar fad.”

Dúirt Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Peadar Mac Fhlannchadha:  

“Tá bóthar fada siúlta againn ó cuireadh tús leis an bhfeachtas seo agus tá buíochas ag dul d’an-chuid daoine agus eagraíochtaí as an dua atá caite acu chun an toradh seo a bhaint amach. Léirigh Tuarascáil Choimisiún na hEorpa a foilsíodh i mí an Mheithimh seo caite an obair ollmhór a rinne réimse leathan páirtithe leasmhara, anseo ag baile agus san Eoraip, chun deireadh a chur leis an díolúine a chiallaigh nach raibh cearta iomlán oibre ag an nGaeilge.

Tá buíochas faoi leith ag dul d’fhoireann na Gaeilge in Institiúidí an AE as an obair atá curtha i gcrích acu go dtí seo agus ar an mbealach ar léirigh siad go bhféadfaí seirbhísí trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar. Tá buíochas ag dul do Rialtas na hÉireann, do Roinn na Gaeltachta, foirne na Ranna éagsúla agus polaiteoirí sa bhaile agus i bParlaimint na hEorpa a d’fheidhmigh ar seo le blianta beaga anuas.

Cinntíonn an stádas atá bainte amach ag an nGaeilge san Aontas Eorpach stádas agus aitheantas breise don Ghaeilge trí chéile agus is léir cheana féin an dea-thionchar atá aige seo ar an nGaeilge -  sa chóras oideachais agus maidir le deiseanna fostaíochta a chruthú do chainteoirí Ghaeilge. Léiríonn an próiseas seo freisin an méid ar féidir a bhaint amach don Ghaeilge nuair a thugann an Stát faoi chearta teanga a chinntiú i mbealach córasach seiftiúil."

 

Féach fosta: https://twitter.com/cnag/status/1478371343125123079?s=21

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.