Cuireann Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú) agus é achtaithe inniu le síniú Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn

Cuireann Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 (Leasú) agus é achtaithe inniu le síniú Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn

Cuireann seo deireadh le 10 mbliain d’fheachtasaíocht ag an bpobal le polaiteoirí agus bua nach beag bainte amach againn, go háirithe an fhoráil molta ag an gConradh go mbeidh 20% de na daoine a earcófar san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge faoi 2030.

 

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ba mhaith le Conradh na Gaeilge aitheantas agus moladh faoi leith a thabhairt do gach ball den eagraíocht agus gach duine eile i bpobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a sheas an fód in aghaidh na moltaí an-lag don reachtaíocht ó na Rialtais idir 2011 go 2016, a chinntigh neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga, agus a chinntigh idir 2017 agus 2021 reachtaíocht go bhfuil bunús agus deis ann le seirbhísí sásúla Gaeilge a bhaint amach don phobal Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo. Ba mhaith linn chomh maith aitheantas agus ardmholadh a thabhairt d’Uachtarán na hÉireann, don Aire reatha, na hAirí Gaeltachta agus na hAirí Rialtais eile a thacaigh thar na blianta, na polaiteoirí sa fhreasúra (go háirithe baill an Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta), na Coimisinéirí Teanga, na Feidhmeannaigh i Roinn na Gaeltachta agus eile a raibh ról acu i bhforbairt an Achta.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Ní haon áibhéil a rá go raibh bóthar fada againn le 10 mbliana anuas le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a uasdátú. Thosaíomar amach ag cosaint neamhspleáchas Oifig an Choimisinéara Teanga agus ag cur i gcoinne lagú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Rinne an Conradh seo i bpáirt le Guth na Gaeltachta i 2011 agus, thar an chéad 10 mbliana eile, is iomaí grúpa, duine sa phobal agus polaiteoir a thacaigh lenár n-éileamh. Tá dul chun cinn déanta. Ní amháin gur éirigh linn Oifig an Choimisinéara Teanga a choinneáil neamhspleách ach baineadh na rudaí a leanas amach san Acht leasuithe:

  1. 20% ar a laghad den fhoireann a earcófar chuig comhlachtaí poiblí le bheith inniúil i nGaeilge faoi 31 Nollaig 2030 ar a dhéanaí

  2. 20% fógraíocht de chomhlachtaí poiblí le bheith as Gaeilge agus 5% de bhuiséad fógraíochta na gcomhlachtaí le caitheamh ar na meáin Ghaeilge

  3. Na seirbhísí ó na comhlachtaí poiblí ar fad le bheith curtha ar fáil don Ghaeltacht as Gaeilge (ach níl spriocbhliain luaite leis seo)

  4. Aitheantas oifigiúil agus córas le bunú chun go mbeidh an pobal in ann a n-ainmneacha agus a seoltaí, le síntí fada más mian leo, a úsáid le comhlachtaí poiblí (agus nach mbeidh orthu teideal a úsáid mura mian leo) 

  5. Comhlachtaí san earnáil príobháideach ag soláthar seirbhísí don phobal, ar son chomhlachtaí poiblí, le cloí le forálacha áirithe den Acht

  6. Cothromaíocht agus cinnteacht don Ghaeilge le bheith in ábhar margaíochta comhlachtaí poiblí

  7. Lógónna reatha as Béarla amháin ag comhlachtaí poiblí le hathrú go lógónna dátheangach, nó go Gaeilge amháin, nuair a bheidh na lógónna le hathnuachan nó le hathrú

  8. Ainmneacha oifigiúla ar chomhlachtaí poiblí nua le bheith as Gaeilge amháin, agus cinnteoidh seo go mbeidh lógó gach comhlacht poiblí nua as Gaeilge amháin nó dátheangach

  9. Foirmeacha oifigiúla áirithe ag comhlachtaí poiblí le bheith dátheangach nó as Gaeilge amháin 

  10. Ionadaíocht ar an gCoiste Comhairleach le bheith ag duine mar ionadaí ó limistéir pleanála teanga Gaeltachta agus ag duine eile mar ionadaí ó lasmuigh den Ghaeltacht 

  11. Cathaoirleach an Choiste Comhairligh, a bheidh i mbun plean náisiúnta a chur le chéile a thógfaidh earcaíochta gus soláthar seirbhísí san áireamh, le bheith inniúil i nGaeilge

  12. Caighdeáin teanga le bheith ann in ionad scéimeanna teanga

  13. An tAire Gaeltachta le bheith freagrach as comhordú cur i ngníomh an Phlean Náisiúnta ag na comhlachtaí poiblí 

  14. Cumhacht breise faireacháin le bheith ag an gCoimisinéir Teanga ar reachtaíocht reatha

  15. Struchtúr bainistíochta sinsearacha le bheith freagrach as cur i bhfeidhm an Achta sna Comhlachtaí Poiblí

  16. An Creat Comhchoiteann Tagartha Eorpach le bheith in úsáid do dhaoine ag soláthar seirbhísí stáit

 

Níl aon amhras ar an gConradh ach go bhfuil dúshlán eile os ar gcomhair agus go mbeidh brú leanúnach ag teastáil le cinntiú go gcuirfear Plean Náisiúnta sásúil agus uaillmhianach le chéile agus go gcuirfear i bhfeidhm ina iomlán é, chomh maith leis na forálacha ar fad eile san áireamh san Acht a chur i bhfeidhm. Leanfaidh Conradh na Gaeilge ag brú leis seo a bhaint amach agus spreagfar rannpháirtíocht leanúnach ón bpobal.”

 

 

Screenshot_2021-12-23_at_10.12.01.png

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge