Skip to main content

Óráid stairiúil tugtha os comhair na Náisiún Aontaithe maidir le cearta teanga ó thuaidh #Achtanois

 

Óráid stairiúil tugtha os comhair na Náisiún Aontaithe maidir le cearta teanga ó thuaidh #Achtanois

WhatsApp_Image_2021-12-02_at_10.32.12_1.jpeg

Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na Náisiúin Aontaithe tacú leis an fheachtas ar son reachtaíochta don Ghaeilge ó thuaidh

Óráid tugtha ag CnaG os comhair Coiste de chuid na Náisiún Aontaithe maidin inniu

Thit an 14ú Seisiún den Fhóram Um Shaincheisteanna Mionlaigh amach inniu, Déardaoin 3 Nollaig, 2021. Bhí téama an Fhóraim inniu dírithe ar shaincheisteanna i bpobail iar-choimhlinte agus ar cheisteanna maidir le costaint mionlaigh. Labhair bainisteoir abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh, ag an Fhóram ar maidin, áit ar thug sé cur síos ar an leatrom leanúnach a rinneadh agus a dhéantar go fóill ar phobal na Gaeilge ó thuaidh. D’éiligh Conradh na Gaeilge ar an Choiste tacú leis an fheachtas ar son reachtaíochta don Ghaeilge, agus le gluaiseacht na Gaelscolaíochta, atá aitheanta mar chuisle na hathbheochana ó thuaidh le fada an lá. Ag caint fosta bhí Fernand de Varennes, rapóirtéir speisialta ar cheisteanna mionlaigh, agus Victoria Donda, Cathaoirleach an Fhóraim, i measc aoi-chainteoirí aitheanta eile. 

Is féidir óráid iomlán Chonchúr Uí Mhuadaigh a fheiceáil arís anseo:   https://twitter.com/CnaG/status/1466365828736167939 

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge:

“Chuir mé fáilte mhór roimh an deis inniu ár gcás ar son chearta teanga ó thuaidh a thabhairt os comhair na Náisiún Aontaithe agus an Ghaeilge a chur ina láthar mar theanga mhionlaithe atá faoi bhrú i stár iar-choimhlinte. Léirigh mé an Ghaeilge mar cheist a bhí lárnach in achan cheann dár gcomhaontuithe polaitiúla le breis agus 20 bliain, ach mar cheist nár socraíodh riamh. Is spás a bhí san Fhóram ceisteanna comhionannais, éagsúlachta agus cearta do mhionlaigh a phlé, agus d’iarr muid orthu inniu tacú lenár bhfeachtas d’Acht Gaeilge.” 

Chuir muid in iúl go soiléir go gcreideann muid gu cheart cloí leis an dlí agus le coimitmintí idirnáisiúnta agus gur cheart i gcónaí beart a dhéanamh de réir briathair agus comhaontú déanta rud a chur i bhfeidhm. Creideann muid go bhfuil ag teip ar Rialtas na Breataine a gcuid dualgas idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm maidir le coimitmintí ar cheist na Gaeilge agus de dheasca sin gur fágadh go leor de na coimitmintí sin gan éifeacht gan bhrí ar an talamh. 23 bliain ar aghaidh ó Chomhaontú Aoine an Chéasta, níor cheart do phobal na Gaeilge, nó le pobal mionlach ar bith eile ar fud na cruinne, glacadh leis an imeallú nó leis an chos ar bolg; ní mór dúinn i gcónaí dúshlán an tseaicteachais, an chiníochais, an leatroim agus an imeallaithe a thabhairt, agus é a thabhairt go láidir. Tá dualgas orainn sin a dhéanamh má tá muid chun domhan níos fearr a fheiceáil, agus a chrúthú, áit a mbeidh cosaint chuí ann do mhionlaigh, áit a mbeidh meas, caoinfhulaingt, agus comhthuiscint mar chroí-chuid den tsochaí. 

I measc na moltaí a rinneadh, d’iarr Conradh na Gaeilge ar an Choiste tacú leis an mhéid seo:

 

  • Tacaíocht a thabhairt do dhlí agus straitéis chuimsitheach ar an Ghaeilge le hathmhuintearas agus cothrom na Féinne a éascú.
  • Tacaíocht a thabhairt do ghealltanas úr maidir le forbairt straitéiseach d'earnáil an Ghaeloideachais
  • Preasráiteas a eisiúint ina mbeidh na rúin sin agus ina mbeidh tacaíocht phoiblí dár bpobal agus muid ag leanstan leis an fheachtas le cearta teanga agus aitheantas a chinntiú.

 

 

Seo a leanas an óráid ar fad a thug Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge, Conchúr Ó Muadaigh os comhair na Náisiún Aontaithe inniu, Déardaoin 2 Nollaig 2021, ag Fóram um Shaincheisteanna Mionlaigh de chuid na Náisiún Aontaithe:

 

Ar dtús, is mian liom, mar ionadaí ar Chonradh na Gaeilge agus ar phobal na Gaeilge, mo bhuíochas a chur in iúl as ucht an chuireadh bheith ag caint libh inniu agus as an deis scéal na Gaeilge ó thuaidh a roinnt libh agus le ról na Gaeilge a chur in iúl daoibh ag an am thábhachtach seo.

Is mór an onóir dom a bheith anseo thar ceann Chonradh na Gaeilge ach tig mo thaithí féin ó bheith i mo Ghael i stát atá naimhdeach i dtreo na teanga ó bunaíodh é i 1921, a chur faoi chois í, a chur cosc uirthi agus a dhiúltaigh cearta phobal na Gaeilge ón am sin i leith. Is mar gheall air sin a dtugtar teanga mhionlaigh ar an Ghaeilge – mar gheall ar ghníomh tomhaiste teangadhíothú agus chan mar gheall ar fhorbairt nadúrtha theangeolaíoch.

Ina ainneoin sin, fuair mé mo chuid oideachais trí mheán na Gaeilge i scoil phobalbhunaithe ag gníomhaithe is tuismitheoirí.

Is athair anois mé agus tá mé ag tógáil mo mhic trí Ghaeilge.

Gaeilge a bheas aige ón chliabhán agus is é seo an chéad uair de sin tarlú inár dteaghlach ó bhí 19ú aois ann. Labhraim libh agus mé ag maireachtáil trí Ghaeilge i dtimpeallacht naimhdeach pholaitiúil.

Léirítear a rathúla is a bhí an polasaí coilíneach i gcur faoi chois fhéiniúlacht agus chultúr na hÉireann leis na céadta bliain mar go bhfuil pobal na Gaeilge in Éirinn páirteach anseo inniu i ‘Fóram ar Shaincheisteanna Mionlaigh’.

Ba chora cinniúnacha iad Reachtanna Chill Chainnigh sa 14ú aois agus na Péindlíthe sa 17ú agus 18ú aois i gcoilíniú cultúrtha na hÉireann. Ba ghnímh thomhaiste iad sin leis an chultúr a choilíniú agus d’eirigh leis na polasaithe sin den chuid is mó. Rinneadh imeallú ar Ghaeil ón tsaol poiblí; cuireadh cosc orthu agus cuireadh an dlí orthu as a dteanga dhúchais a labhairt, a theagasc agus a úsáid sa ghnáthshaol. In ainneoin na mbeart smachtúil sin, bhí níos mó ná leathchuid den daonra ina gcainteoirí dúcháis de réir dhaonáireamh 1841.

Sin ráite, rinneadh slad ar Ghaeil na hÉireann le bás agus le heisimirce le linn an Ocrais Mhóir 1845-51. Ba bhuile eile é do phobal na Gaeilge é bunú na Scoileanna Náisiúnta ina raibh cosc ar theagasc na teanga.

Rinne bunú Chonradh na Gaeilge in 1893 agus an t-athbheochan cultúrtha ag deireadh an 19ú aois, chomh maith le bunú stát na hÉireann in 1921 maitheas don Ghaeilge agus baineadh cuid de na baic reachtach agus pholaitiúla a bhí os comhair na teanga agus tugadh stádas oifigiúil di i ndeisceart na hÉireann.

Bhí na sé chontae in oirthuaisceart na tíre mar chuid de 'Tuaisceart na hÉireann', áfach - cuid de stát na Breataine agus faoi smacht ag réimeas 'aontachtach' a chreid gur bagairt í an Ghaeilge a spreag mídhílseacht agus frithchultúr frithBhriotánach. Chuir an Stát deireadh le gach maoiniú a bhí ag an teanga, cuireadh cosc ar shráidainmneacha Gaeilge, rinneadh cinsireacht ar théacsleabhair agus bagraíodh an dlí ar chainteoirí Gaeilge agus bunaitheoirí scoileanna.

Ach is pobal bródúil, tiomanta agus cumasach muid; níor fhan muid le cead riamh ár gcearta ná ár n-oidhreacht ársa a chur in iúl.

I mbliana, tá muid ag ceiliúradh 50 bliain ó bunaíodh an chéad ghaelscoil, Bunscoil Phobal Feirste. Chuir stat na Breataine in aghaidh bunaitheoirí na scoile sin go fíochmhar agus bagraíodh an príosún orthu. Níor tugadh aitheantas oifigiúil don scoil sin go dtí 1984.

Inniu, tá breis agus 30 gaelscoil ann ina bhfuil 7000 dalta agus is í an earnáil oideachais is mó fás sa stát í.

I ndiaidh coimhlint a mhair 30 bliain, síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta in 1998. Bhí fíordhóchas ann go gcuirfí fáilte roimh theangacha. Gealladh ré úr cothrom don Ghaeilge agus tugadh gealltanais ar leith maidir le cur chun cinn agus caomhnú na teanga, go háirithe san earnáil oideachais.

Insíonn na fíricí a scéal féin.

Chuir Comhaontú Aoine an Chéasta dualgas reachtúil ar Roinn an Oideachais fás earnáil an Ghaeloideachais 'a spreagadh is a éascú'. Inniu, tá thart fá 60% dár scoileanna i gcóiríocht shealadach agus go leor acu ina bhfuil barraíocht páistí agus gan straitéis chomhtháite ó na comhlachtaí reachtúla le dul i ngleic leis an éileamh atá ann. Níl soláthar ann go fóill do shaintacaíocht speisialta oideachais do ghaelscoileanna.

Gealladh i gComhaontú Aoine an Chéasta go mbainfí constaicí a dhíspreag an teanga agus a chuir isteach ar fhorbairt na teanga. Ina áit sin, tá dímheas leanúnach léirithe ag ionadaithe poiblí, airí rialtais san áireamh, a bhfuil maoiniú aistarraingthe acu o scéimeanna Gaeilge agus a mhaígh gur cóir fhabhrach é ár n-éileamh le haghaidh cearta.

Ba mhian liom a bheith os bhur gcomhair a rá gur tháinig fás ar an Ghaeilge de bharr Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ar an drochuair, ba thoradh díreach é titim an rialtais agus an fhionraí 3 bliana ó 2017 ar dhiúltú rialtas na Breataine agus Fheidhmeannas na sé chontae a ndualgas reachtúil a chomhlíonadh trí aitheantas foirmeálta a thabhairt don Ghaeilge.

Tugadh gealltanas dúinn i gComhaontú Aoine an Chéasta go mbeadh Acht Gaeilge ann. Athdhearbhaíodh sin i gComhaontú Chill Rímhinn 2006 agus i Ré Nua, Cur Chuige Nua 2020. Níl Acht Gaeilge ann go fóill.

Cé go bhfuil páirtithe polaitiúla agus rialtas na Breataine a rá go bhfuil an reachtaíocht sin ar na bacáin, tuigeann muid go rímhaith 16 bliana de spriocdhátaí caillte, gealltanais gan chomhlíonadh agus bréagmhaidneachain. Tá ár bpobal amhrasach faoi rialtas na Breataine agus ar chumas na n-institiúidí polaitiúla cearta teanga a sholáthar, agus tá údar maith leis an amhras sin. Dhaingnigh rialtas na Breataine an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ó Chomhairle na hEorpa in 2001. In achan uile thuairisc mhonatóireachta ó Choiste Saineolaithe na Comhairle, COMEX, cáineadh rialtas na Breataine mar gheall nár comhlíonadh bunghnéithe na Cairte. Lena chois sin, cháin forais fhormhaoirseachta an NA an cur chuige a bhí acu maidir le cearta teanga.

Níl mórán measa againn ar ghealltanais fhoirmeálta; tá meas againn ar ghnímh.

Nior tháinig deireadh leis an leithcheal ar phobal na Gaeilge nuair a síníodh ár gcomhaontú síochána; ní dhearnadh dearmad den choilíniú nuair a shínigh na céadta polaiteoir agus ceann stáit an comhaontú idirnáisiúnta. Mhothaigh muid sin roimh ré agus tá a fhios againn go bhfuil sé fíor anois.

Le go gcloífear le dlíthe idirnáisiúnta, agus le go gcomhlíonfar gealltanais, ní mór do phobail cosúil lenár bpobal féin agus le fóraim cosúil leis seo a bheith ar an airdeall i dtólamh. Is é sin an t-aon dóigh a dtig le Gaeil sna sé chontae agus le mionlaigh ar fud an domhain dúshlán a chur roimh an naimhdeas, an seicteachas agus an t-imeallú.

 

Mar sin de, iarrann muid ar an Fhóram seo :

  •   Tacaíocht a thabhairt do dhlí agus straitéis chuimsitheach ar an Ghaeilge le hathmhuintearas agus cothrom na Féinne a éascú.
  •   Tacaíocht a thabhairt do ghealltanas úr maidir le forbairt straitéiseach d'earnáil an Ghaeloideachais
  •   Preasráiteas a eisiúint ina mbeidh na rúin sin agus ina mbeidh tacaíocht phoiblí dár bpobal agus muid ag leanstan leis an fheachtas le cearta teanga agus aitheantas a chinntiú.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.