Skip to main content

Tá am fós ann tubaiste féideartha a iompú ina dheis iontach 

Ráiteas Nuachta 3/11/2021

Tá am fós ann tubaiste féideartha a iompú ina dheis iontach 

Tá eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta agus Mac Léinn ag éileamh ar an Taoiseach, ar an Aire Oideachais agus ar pholaiteoirí eile a chinntiú go ndiúltaítear do na moltaí reatha ón NCCA maidir leis na sonraíochtaí ardteiste, atá mar chuid de chomhairliúchán reatha, agus go dtapófar an deis a thugann an comhairliúchán seo chun fíor-athchóiriú a chinntiú a fhreastalaíonn go sásúil ar mhic léinn, mar atá leagtha amach i bplécháipéis a seoladh inniu.

 

Sheol eagraíochtaí Gaeilge, Gaeltachta agus Mac Léinn plécháipéis inniu, Dé Céadaoin, 3 Samhain 2021, ag 1 i.n. lasmuigh de Theach Laighean a d’ullmhaigh Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn agus a thugann freagra ar dréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2 a foilsíodh do chomhairliúchán ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ar an 23 Feabhra 2021.

 

Deir Fíona Uí Uiginn, duine d’údair na plécháipéise:  

“Tá an-chuid mearbhaill, imní agus feirge mar thoradh ar mholtaí reatha an NCCA i measc go leor daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus daoine eile laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht agus oideachas meán Gaeilge. Creidimid go bhfuil deis anseo an tubaiste féideartha seo a iompú ina dheis iontach a d’fhéadfadh córas níos cothroime don Ghaeilge a bhaint amach a fhreastalóidh ar gach mac léinn, ó chainteoirí dúchais go mic léinn a bhfuil deacrachtaí foghlama acu. Nár cheart go mbeadh seo mar sprioc an chórais oideachais.“

 

Deir Áine Hyland, an t-údar eile den phlécháipéis: 

“Leagann ár dtuarascáil amach go soiléir na deacrachtaí agus na fadhbanna a bhaineann leis na sonraíochtaí nua atá molta ag an CNCM le haghaidh comhairliúcháin agus creidimid gur cheart an córas T1 / T2 atá á mholadh acu a chur ar leataobh. Ní hamháin sin, ach mhol muid dhá mhodh chun fíor-athchóiriú a chinntiú a fhreastalódh go sásúil ar mhic léinn. Is é an chéad mhodh molta againn ná Sárleibhéal don Ghaeilge ag an ardteist le pointí breise CAO do mhic léinn a roghnaíonn é, mar go mbeadh an leibhéal seo níos dúshlánaí ná an tArdleibhéal. Is é an dara mhodh molta againn ná dhá ábhar Gaeilge don ardteist, ceann a ndéanfadh gach mac léinn staidéar air agus a bheadh bunaithe ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE), agus ceann a bheadh ina ábhar roghnach, ar nós an mhata fheidhmeach, agus a dhíreodh ar litríocht, ar chruinneas, srl.”

 

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: 

“Tá na grúpaí a bhfuil baint acu leis an bplécháipéis seolta inniu seo a choimisiúnú ag éileamh ar an Taoiseach, ar an Aire Oideachais agus ar pholaiteoirí eile a bheith páirteach sa chomhairliúchán seo chun a chinntiú go ndiúltaítear do na moltaí reatha ón NCCA maidir leis na sonraíochtaí ardteiste, atá mar chuid de chomhairliúchán reatha, agus go glacfar leis an deis a thugann an comhairliúchán seo.”

 

Tá comhairliúchán an CNCM oscailte go dtí an 30 Samhain agus táimid ag moladh don oiread daoine agus is féidir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán fíorthábhachtach seo.

 

Labhróidh údair na tuarascála, Fíona Uí Uiginn agus Áine Hyland, Shane Ó Coinn, Cathaoirleach An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge agus Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge chomh maith ag 13.30 Dé Céadaoin, 3 Samhain faoin bplécháipéis seo agus faoi na moltaí atá istigh ann. 



Breis eolais:

Julian de Spáinn, 

Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge. 086 8142757 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Beidh grianghraif ar fáil ó Photocall Ireland tar éis na hócáide

 

Nóta don Eagarthóir:

Is féidir teacht ar an bPlécháipéis ag freagairt do Dhréachtsonraíochtaí Gaeilge na Sraithe Sinsearaí T1 agus T2, a foilsíodh do chomhairliúchán ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ar an 23 Feabhra 2021, ag an nasc seo: shorturl.at/dxDUX 

Chuir Áine Hyland agus Fíona Uí Uiginn an phlécháipéis le chéile do Choiste Oideachais atá á chomhordú ag Conradh na Gaeilge. Tá eolas breise faoin dá údar thíos:

  • Áine Hyland, Ph.D., D.Litt.(h.c.), D.Sc.(h.c.), M.R.I.A. ,Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

  • Fíona Uí Uiginn, oideachasóir, múinteoir Gaeilge, Iar-phríomhoide Choláiste Íosagáin, Baile Átha Cliath, Iaruachtarán Ghaeloideachas.

 

I measc na n-eagraíochtaí ar an gCoiste Oideachais a choimisiúnaigh an doiciméad díospóireachta, tá:

  • An Foras Pátrúnachta

  • An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge

  • Aontas Daltaí Iar-bhunscoile na hÉireann

  • Aontas na Mac Léinn in Éirinn

  • CONCOS (Coiste Náisiúnta na gColáistí Samhraidh)

  • Conradh na Gaeilge

  • Gael Linn

  • Gael Taca

  • Gaeloideachas (eagraíocht náisiúnta ionadaíoch ar scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta)

  • Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad

  • Ógras

  • SEALBHÚ (Lárionad do thaighde ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge DCU)

  • Tuismitheoirí na Gaeltach

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.