'Ionsaí an Stáit ar chearta teanga' - @CnaG

Ráiteas Nuachta

20 Meán Fómhair 2021

Ionsaí an Stáit ar chearta teanga

Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Taoiseach agus ar an Aire Tithíochta cinntiú go dtarraingeofar siar an t-achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta láithreach bonn

Léiríonn cinneadh an Stát achomharc a dhéanamh in aghaidh breith na hArdchúirte i gcás ar bhain le cearta saoránaigh teacht ar an leagan Gaeilge de reachtaíocht pleanála go bhfuil naimhdeas follasach sa státchóras maidir le cearta teanga. I mí na Bealtaine seo caite rialaigh an Breitheamh Bronagh O’Hanlon go raibh dualgas ar an Stát leagan Gaeilge a chur ar fáil d’Ionstraimí Reachtúla áirithe a bhí de dhíth ar Shiobhán Denvir-Bairéad, Gleann Mór Céibh Teoranta agus Gleann Mór Cuan Teoranta i gcás a raibh á ghlacadh acu in aghaidh Uisce Éireann maidir le forbairt ar an gCeathrú Rua.

Agus í ag fógairt a breithiúnais dúirt an Breitheamh O’Hanlon: “Tá daoine sa tír seo, go háirithe muintir na Gaeltachta, nó [iad] siúd nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht ach atá ag maireachtáil trí Ghaeilge, a bhíonn ag iarraidh an teanga a úsáid gach uile lá. Tá cearta bunreachtúla acu é sin a dhéanamh agus tá dualgas bunreachtúil ar an Stát éascaíocht a dhéanamh ionas go mbeadh saoránaigh in ann an Ghaeilge a úsáid ar comhchéim leis an Bhéarla.”

Ag trácht ar chinneadh na Roinne Tithíochta dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: 

“Tá sé náireach go bhfuil cinneadh glactha ag an Stát ionsaí a dhéanamh ar chearta phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge déileáil leis an Stát i bpríomhtheanga an Stáit. Is bocht an scéal é go bhfuil an córas Stáit in úsáid chun cur in aghaidh cearta teanga seachas seasamh le pobal labhartha na Gaeilge.  Tá sé níos measa fós go bhfuil achomharc na Roinne Pleanála maoinithe ag cáiníocóirí na tíre, grúpa a sheasann le pobal na Gaeilge.

“Tá sé soiléir go bhfuil difríocht shuntasach anois idir reitric oifigiúil an Stáit, mar atá léirithe i Straitéis 20 Bliain an Rialtais don Ghaeilge, agus fíorpholasaí an státchórais i leith na Gaeilge, mar atá léirithe sa chinneadh atá déanta ag an Roinn Tithíochta iarracht a dhéanamh na cearta teanga a bhronn an Breitheamh O’Hanlon san Ardchúirt a bhaint in athuair. Tá sé uafásach, agus maslach, go bhfuil an Roinn Tithíochta ag léiriú an easpa measa seo ar an nGaeilge agus go bhfuil siad ag obair go coinsiasach chun cearta teanga a bhaint den phobal. Ní tharlódh a leithead in aon tír eile ar domhan. Ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt do Shiobhán Denvir-Bairéad agus a fhoireann dlí as an seasamh atá siad ag glacadh le cearta bunúsacha a bhaint amach in aghaidh an Stáit. Níor chóir go mbeadh orthu seo a dhéanamh, dar ndóigh, agus guíonn an Conradh gach rath ar a n-iarrachtaí.”

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha, Leas-Ardrúnaí agus Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge: 

“Tá gá le ceannaireacht phoiblí anois ó pholaiteoirí na tíre, ón Taoiseach anuas, chun stop a chur le síorionsaí an státchóras ar an nGaeilge agus úinéireacht a ghlacadh ar phróiseas le cinntiú go mbeidh cearta teanga iomlán ag lucht labhartha na Gaeilge. Ní leor na focail mhilse oifigiúil faoin nGaeilge fad is atá an córas stáit ag baint na cosa dár gcearta teanga. Go deimhin tá sé dochreidte, ach fíor, gur mó chearta teanga a bheidh ag saoránaigh na hÉireann ón Aontas Eorpach ó thús na bliana seo chugainn nó mar atá ár Stát féin sásta a chur ar fáil dúinn. Tá sé seo go hiomlán mícheart agus caithfidh ár n-ionadaithe poiblí, atá tofa chun seasamh lenár gcearta, gníomhú láithreach. Mar chéadchéim táimid ag éileamh ar an Taoiseach, Micheál Martin, TD agus ar an Aire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Darragh O’Brien, TD seasamh isteach, ceannaireacht a léiriú do chearta phobal na Gaeilge, agus cinntiú go dtarraingeofar siar an t-achomharc atá déanta ag an Roinn Tithíochta láithreach bonn.”

- Críoch -

TEAGMHÁIL

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-Ardrúnaí 

+353 87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Julian de Spáinn

Ardrúnaí 

+353 86 8142757 Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Faoi scáth Chonradh na Gaeilge