Skip to main content

Cuirtear fáilte roimh amlíne nua chun reachtaíocht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa mhandáid seo agus anois caithfidh Rialtas na Breataine an tiomantas sin a chomhlíonadh

17 Meitheamh 2021

15 bliana ó gealladh Acht na Gaeilge a thabhairt isteach ag Cill Rímhinn, caithfidh Rialtas na Breataine a gcuid dualgas i leith na Gaeilge a chomhlíonadh faoi dheireadh Dheireadh Fómhair 2021, agus an Coimisinéir a bheith ceaptha faoi 2022 tráth nach déanaí

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Conradh na Gaeilge:

“Iarradh sa litir thraspháirtí a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge an tseachtain seo go sonrach go gcuirfí i bhfeidhm amlíne nua chun an reachtaíocht Ghaeilge a gealladh in Ré Nua Cur Chuige Nua i mbliana. Níos mó ná 500 lá ina dhiaidh agus tá gealltanas faighte againn anois ó Rialtas na Breataine go gcuirfidh siad an reachtaíocht teanga i bhfeidhm faoi Dheireadh Fómhair, má theipeann ar an Tionól é a chur i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair. Is forbairt é seo a gcuirtear fáilte roimhe san fheachtas ar son cearta teanga anseo agus is toradh é ar an fheachtas pobail le fada an lá do #AchtAnois. Is mian linn gach duine a mholadh atá toilteanach an fód a sheasamh ar son cearta teanga anseo.”

Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge:

 

“Níor chomhlíon an DUP a ngealltanais maidir le Ré Nua Cur Chuige faoin Ghaeilge. Anois tá Rialtais na Breataine agus na hÉireann, mar chomh-ráthóirí ar na comhaontuithe, i ndiaidh seasamh isteach sa scéal. Caithfear fáilte a chur roimh an idirghabháil seo, ós rud é nár chuir Rialtas na Breataine tiomantas Chill Rímhinn 2006 i bhfeidhm Acht Gaeilge a thabhairt isteach go dtí seo, agus mar gheall ar a dtaifead stairiúil ar chearta teanga anseo. Oibreoimid anois le páirtithe áitiúla chun iarracht a dhéanamh socrú áitiúil a réiteach ar dtús, agus in éineacht leis na hiarrachtaí sin, leanfaimid lenár gcuid oibre le páirtithe Westminster lena chinntiú go dtagann an reachtaíocht tríd sa sainordú seo mar a gealladh.”

 

CONTACT

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.  

Twitter: @cnag 

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.