Skip to main content

Cead Ard-Chúirte faighte ag Conradh na Gaeilge Athbhreithniú Breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh maidir leis an Straitéis Ghaeilge

10 Meitheamh 2021

Chinn an Breitheamh Scoffield gur chomhlíon an cás seo an tairseach “go compordach” 

Tá cead tugtha ag Breitheamh Ard-Chúirte do Chonradh na Gaeilge Athbhreithniú breithiúnach a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh maidir leis an straitéis Ghaeilge nár cuireadh i bhfeidhm riamh. Tagann teip an Fheidhmeannais salach ar a gcuid dualgas faoin dlí de réir Alt 28d d’Acht TÉ 1998. Sheol Conradh na Gaeilge litir oifigiúil reamh-ghníomh cúirte chuig an Fheidhmeannas ó thuaidh ag deireadh Mhárta 2021 mar gheall ar an mhoill leanúnach atá air Straitéis don Ghaeilge. Theip ar an Fheidhmeannas, áfach, aon fhreagra a thabhairt ar an litir sin, cé go raibh dualgas dlíthiúil orthu freagra scríofa a thabhairt lena seasamh a chur in iúl. 

Ar an ábhar céanna, ar an 3 Márta 2017, d’fhógair an Breitheamh Maguire a chinneadh stairiúil in Ard-Chúirt Bhéal Feirste ar Athbhreithniú Breithiúnach a ghlac Conradh na Gaeilge i gcoinne an Fheidhmeannais ó thuaidh de thairbhe theip an Fheidhmeannais glacadh leis an Straitéis Ghaeilge (2015-35) faoi mar a gealladh i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus i gClár Rialtais an Fheidhmeannas 2011-2015. Chinn an Breitheamh gur theip ar an Fheidhmeannais alt 28d d’Acht TÉ 1998 a chur i bhfeidhm. Tá Conradh na Gaeilge anois ag pilleadh chun na hArd-Chúirte le cur bhfeidhm an rialaithe sin a chinntiú. 

Gealladh an Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid de Chomhaontú ‘Ré Nua Cur Chuige Nua’ in Eanáir 2020 agus gealladh go mbeadh an straitéis sin ann faoi 6 mhí ón chomhaontú. Sa bhreis air sin, bhí am-scála maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na straitéise le bheith foilsithe agus aontaithe ag an Fheidhmeannas faoi 3 mhí ón chomhaontú. Tá 17 mí anois i ndiaidh a dhul thart agus níl aon dul chun cinn déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise agus níor foilsíodh aon am-scála ach an oiread, rud a bhí luaite go sonrach i rialú na hArd-Chúirte in 2017. Idir an dá linn, tá forbairtí déanta ar shraith straitéisí eile atá curtha faoi bráid agus aontaithe ag an Fheidhmeannas, atá le críochnú roimh dheireadh na bliana seo. Níl aon iomrá ar aon dul chun cinn mar seo maidir leis an Straitéis Ghaeilge agus an chuma ar an scéal go bhfuil bac polaitiúil á chur roimh aon fhorbairt ar an cheist. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Ceithre bliana ón bhua stairiúil a bhí againn san Ard-Chúirt maidir le teip an Fheidhmeannais Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach, tá cead faighte againn arís chun Athbhreithniú breithiúnach as an nua a thabhairt ar an ábhar céanna. Tá breis agus 15 bliain imithe ó cuireadh an choimitmint don Straitéis seo sa dlí ag Comhaontú Chill Rímhinn. Ba chuid lárnach í seo fosta den chomhaontú a rinneadh anuraidh, Ré Nua Cur Chuige Nua, agus is sampla eile é an bac leanúnach ar dhul chun cinn na straitéise seo ar an imeallú leanúnach atá á dhéanamh orainn mar phobal teanga, imeallú a thagann salach ar bhun-dualgais dhlíthiúla de chuid an Fheidhmeannais. Bhí sé luaite sa chomhaontú go mbeadh clár ama don straitéis foilsithe faoi cheann trí mhí, agus go mbeadh an straitéis féin réidh faoi cheann sí mhí. Níor comhlíonadh na coimitmintí sin agus tá siad fós gan chur i bhfeidhm. Is trua linn gur gá dúinn pilleadh ar an Ard-Chúirt ach creideann muid anois go bhfuil cosc polaitiúil á chur roimh fhorbairt na straitéis don Ghaeilge seachtain i ndiaidh seachtaine, agus na moltaí ina luí ar thábla an Chéad-Aire ó bhí an Nollaig ann gan bhogadh. Níl aon leithscéal réasúnta fágtha gan seo a dhéanamh. Tá an cheist seo, mar aon le ceist na reachtaíochta Gaeilge, anois mar chroí-scrúduithe litmis don DUP sna seachtainí beaga amach romhainn.”

Agus é ag gníomhú ar son Chonradh na Gaeilge, dúirt an t-aturnae Mícheál Ó Flannagáin:

“In Márta 2017, mar thoradh ar chás a thóg mo cliant, d’fhógair an Ard-Chúirt gur theip ar an Fheidhmeannas a gcuid dualgas reachtúil a chur i bhfeidhm agus Straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach. Is mór an trua é gur gá dúinn pilleadh ar an Ard-Chúirt ceithre bliana ar aghaidh agus cás úr a thógáil i gcoinne an Fheidhmeannais. Is fiú a lua, agus é i mbun iarratas Chonradh na Gaeilge a mheas an babhta seo,  gur chinn an Breitheamh gur chomhlíon an  t-iarratas seo an tairseach chun cás a thógáil “go compordach”.”

TUILLEADH EOLAIS

Is féidir theacht ar an eolas iomlán maidir leis an scéal seo ag na foinsí seo a leanas:

TEAGMHÁIL

Conchúr Ó Muadaigh

Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge

+447596520262 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Pádraig Ó Tiarnaigh

Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge 

+447716690237 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

Twitter: @cnag 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.