Skip to main content

95% de mhúinteoirí Gaeilge ar son an comhairliúcháin ar dhréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús

5 Bealtaine 2021

De réir suirbhé ar 420 múinteoir Gaeilge atá déanta ag ‘An Gréasán’ tá 95% de mhúinteoirí den tuairim gur cheart an comhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí nua na hArdteistiméireachta a chur siar go dtí go bhfuil athbhreithniú déanta ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí ar dtús. Tá míshásamh léirithe ag múinteoirí maidir le cúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí agus tá sé tábhachtach anailís a dhéanamh ar an gcúrsa sin, na fadhbanna leis a réiteach agus go bhfeictear ar na himpleachtaí a bheadh aige seo ar shonraíochtaí na hArdteistiméireachta.

Creideann 89% de mhúinteoirí gur cheart an comhairliúchán ar dhréachtsonraíochtaí na  hArdteistiméireachta a chur siar freisin mar gheall ar an bpaindéim. Níl cead cruinnithe fisiciúla nó grúpaí fócais a eagrú mar is ceart faoi láthair agus tá ualach oibre breise ar mhúinteoirí mar gheall ar chúinsí a bhaineann leis an bpaindéim. Sa chomhthéacs seo b’fhearr go gcuirfear an próiseas siar, le seans mar is ceart a thabhairt do gach duine páirt iomlán a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.

Creideann 80% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh cúiteamh ar fáil do dhaltaí T1 (pointí bónais nó eile) as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. Tá imní ann go mbeidh teip i ndán don chúrsa nua mura mbeadh cúiteamh ann do dhaltaí Gaeltachta agus do dhaltaí i nGaelcholáistí as cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh. D’fhéadfadh sé dochar a dhéanamh do cheantair Ghaeltachta agus don oideachas lán-Ghaeilge mura mbeadh cúiteamh ann.

Easaontaíonn 95% de mhúinteoirí leis an moladh go laghdófar céatadán na marcanna don obair labhartha, agus creideann 87% de mhúinteoirí gur cheart go mbeadh cúrsa bonnleibhéil fós ar fáil do scoláirí.

Creideann múinteoirí nach bhfuil go leor sonraithe ar fáil sna dréachtsonraíochtaí, agus gur gá níos mó sonraithe a chur ar fáil ar na torthaí foghlama (97%)an litríocht (95%) agus ar an measúnú (98%) mar chuid den phróiseas.

Nóta don eagarthóir:

Tá an comhairliúchán seo faoi stiúir CNCM. Tá sé molta go mbeidh dhá shonraíocht ann, T1 (do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge) agus T2 (do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla).                                                                                             

Nótaí

* Is cumann ábhair é ‘An Gréasán do Mhúinteoirí Gaeilge’ nó ‘An Gréasán’. Feidhmíonn sé mar an t-eagras ionadaíoch oifigiúil do mhúinteoirí iarbhunscoile Gaeilge agus cuireann sé forbairt inghairme agus tacaíocht ar fáil do mhúinteoirí Gaeilge ar fud na tíre.

www.angreasan.ie      Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Torthaí an tsuirbhé ceangailte.

Is féidir teagmháil a dhéanamh le ‘An Gréasán’: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Shane Ó Coinn (Cathaoirleach): 0876547933

Sharon Ní Fhloinn: (Oifigeach Caidrimh Phoiblí): 0879765509

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.