21 Bealtaine 2021
Bhuail Conradh na Gaeilge leis an Ghael-Mheiriceánach, an Feisire Brendan Boyle, ar líne inné (Déardaoin 20/5/2021). Faoi chaibidil ag an chruinniú bhí ceist na reachtaíochta Gaeilge ó thuaidh atá fós gan chur i bhfeidhm, cé gur gealladh í breis agus bliain ó shin, i mí Eanáir 2020 mar chuid den chomhaontu Ré Nua, Cur Chuige Nua. Mar chuid lárnach den phlé sin bhí na gealltanais teanga a rinneadh mar chuid de Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998, agus an tAcht Gaeilge a gealladh mar chuid de Chomhaontú Chill Rìmhinn in 2006. I láthair ag an chruinniú, i gcomhar le hionadaithe ó Chonradh na Gaeilge, bhí Uachtarán ar Chumann Dlí na mBreithiún Nua Eabhrac, Domhnall Ó Catháin.
Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá sé fíor-thábhachtach do Chonradh na Gaeilge bheith ag plé cheist na teanga anseo go leanúnach le Gaeil-Mheiriceánacha, a d’imir ról lárnach i ndearadh agus i gcur chun cinn ár gcuid comhaontuithe polaitiúla anseo in Éirinn le blianta fada anuas. Bhí deis againn ár gcás maidir le cearta teanga ó thuaidh a chur faoi bhráid an Fheisire Brendan Boyle. Bhí an-áthas orainn gur thacaigh sé go mór linn agus muid ag éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan aon mhoill bhreise an reachtaíocht teanga a gealladh mar chuid den chomhaontú anuraidh agus na gealltanais a rinneadh ag Cill Rìmhinn in 2006. Beidh an Conradh anois ar lorg tuilleadh cruinnithe le hionadaithe polaitiúla agus le grúpaí sna Stáit Aontaithe chun ceist an Achta agus cearta teanga a bhrú chun cinn.”
Ag caint ar a chuid tacaíochta ar son na reachtaíocht teanga, dúirt an Feisire Brendan Boyle:
“Bhí sé iontach suí agus labhairt leis an toscaireacht Gaeilge inné, áit ar pléigh muid na coimitmintí don Ghaeilge a rinneadh sna comhaontuithe uilig nár comhlíonadh riamh. Tacaím go hiomlán leis an éileamh go gcuirfí i bhfeidhm gan a tuilleadh moille na coimitmintí ar fad don Ghaeilge mar a luaitear iad sa chomhaontú anuraidh, Ré Nua Cur Chuige Nua, mar a luaitear iad i gComhaontú Chill Rìmhinn in 2006, agus Comhaontú Aoine an Chéasta mar bhunchloch de chuid na gcomhaontaithe siúd. Tá mé ag súil leis an ceisteanna seo a ardú sna seachtainí beaga atá amach romhainn.”
PICTIÚR
Barr (C-D): Cuisle Nic Liam, Dr Niall Comer, Dr Pádraig Ó Tiarnaigh
Lár (C-D): Cuan Ó Seireadáin, Rep Brendan Boyle, Domhnall Ó Catháin
Bun (C-D): Conchúr Ó Muadaigh, Julian de Spáinn, Carly Frame
TEAGMHÁIL
Conchúr Ó Muadaigh
Bainisteoir Abhcóideachta, Conradh na Gaeilge
+447596520262 |
Pádraig Ó Tiarnaigh
Bainisteoir Cumarsáide, Conradh na Gaeilge
+447716690237 |
Twitter: @cnag
NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie