Skip to main content

An ‘Gníomhaí Gaeilge’ tú sa 3ú leibhéal?

Scéim nua le haitheantas, meantóireacht, oiliúint, teastasú agus gradam a chur ar fáil do mhic léinn 3ú leibhéal gníomhach i gcur chun cinn na Gaeilge

Seolfaidh Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Conradh na Gaeilge an scéim nua ‘Gníomhaí Gaeilge’ inniu, Dé Céadaoin, 14 Aibreán 2021, scéim a thabharfaidh aitheantas agus oiliúint, i measc tacaíochtaí eile, do mhic léinn 3ú leibhéal agus ionadaithe na mac léinn a bhíonn gníomhach i gcur chun cinn úsáid na Gaeilge ina gcoláistí.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:
“Tá Conradh na Gaeilge agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag comhoibriú leis na Cumainn Ghaelacha agus leis na hOifigigh Ghaeilge sna coláistí tríú leibhéal len iad a fhorbairt, a láidriú agus a mhéadú ó 1998. Is iomaí imeacht, seisiún traenála, feachtais sa phobal, bronnadh gradam agus eile a eagraíodh sna blianta seo. Aithníonn muid an dul chun cinn suntasach atá déanta agus táimid den tuairim go bhfuil sé in am dúinn anois tógáil ar an struchtúr láidir tógtha againn le chéile. Sin atá i gceist againn leis an scéim nua Gníomhaí Gaeilge.”

Dúirt Lorna Fitzpatrick, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn:
“Creideann muid go dtugann na mic léinn gníomhach ar son na Gaeilge ar an tríú leibhéal sna hAontais Mac Léinn agus sna Cumainn Gaelacha splanc do ghluaiseacht na Gaeilge tríd tionscadail, imeachtaí agus feachtais éagsúla a eagrú agus tá toradh na hoibre sin le feiceáil le cúpla bliain anuas ach go háirithe le líon na mac léinn gníomhach ag ardú. Ba mhaith linn tacú leo níos mó sa thodhchaí agus aitheantas a thabhairt dóibh as an obair den scoth a dhéanann siad go deonach le deiseanna úsáid Gaeilge a chur ar fáil agus leis an teanga a spreagadh i measc mac léinn.”

Tá 4 chuid ann sa scéim nua:

  1. Meantóireacht: Beidh meantóirí ar fáil le comhairle, tacaíocht agus moltaí a chur ar fáil do na mic léinn agus ionadaithe na mac léinn ag tabhairt faoin scéim
  2. Oiliúint: Beidh ceardlanna oiliúna ann go rialta leis na mic léinn agus ionadaithe na mac léinn a thraenáil sna scileanna cuí a bheidh ag teastáil len a bplean oibre a chur i gcríoch
  3. Teastasú: Beidh gach mac léinn agus ionadaí na mac léinn a éiríonn leo sa chóras oiliúna, forbartha pearsanta agus meantóireachta i dteideal teastas ‘Gníomhaí Gaeilge’, rud a d’fheadfaidís a úsáid ar a CV amach anseo agus chuirfear leagan suaitheantas LinkedIn ar fáil dóibh chomh maith
  4. Gradaim: Bhronnfar gradam ‘Gníomhaí Gaeilge’ ar Aontais agus Cumainn Gaelacha má éiríonn leo a gclár oibre aontaithe leis na meantóirí amach. Ní gradaim iomaíoch a bheidh i gceist leis na gradaim seo (tá sin ann le comórtas Glór na nGael cheana féin) ach aitheantas don Aontas nó don Chumann ar rathúlacht a gclár oibre

Seolfar an scéim le painéal de chainteoirí a bhí an-bhainteach lena gCumann Gaelacha agus lena hAontais Mac Léinn nuair a bhí siad ar an triú leibhéal. San áireamh sa phainéal, beidh na daoine seo a leanas:

  • Niamh Ní Chróinín – Bean an Tí don ócáid agus Bainisteoir Raidió Rí-Rá
  • Osgur Ó Ciardha – Duine de Bhunaitheoirí an Pop-up Gaeltacht
  • Caoimhe Ní Chathail – Láithreoir Teilifíse & Raidió
  • John Prendergast – Oifigeach Pleanála Teanga le Tobar Dhuibhne

Chuirfear tús leis an scéim nua sa bhliain acadúil 2021/22 agus is féidir le mic léinn, Cumainn Ghaelacha, Aontais Mac Léinn agus ábhar meantóirí spéis a léiriú anois ag an nasc seo.

Tuilleadh eolais:

Caolán Mac Grianna
Comhordaitheoir Tríú Leibhéal, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Clíodhna Ní Dhufaigh
Leas-Uachtarán don Ghaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.