Skip to main content

Raidió Rí-Rá Ag Craoladh Ar DAB!

Tosóidh an chéad chairtstáisiún Gaeilge ag craoladh beo i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar an gcóras Chraoladh Fuaime Digití (DAB) ar an 01 Iúil 2012, áit gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún Gaeilge don aos óg a bheidh ag craoladh ar an gcóras raidió úir. Beidh Raidió Rí-Rá ar fáil ar DAB i gCorcaigh agus i Luimneach roimh dheireadh na bliana seo freisin, agus go náisiúnta amach anseo.

Is teicneolaíocht raidió digitigh do stáisiúin raidió é Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Broadcasting nó DAB i mBéarla), ardán atá in úsáid i mbeagnach 40 tíortha éagsúla chun seirbhísí raidió reatha a chraoladh chomh maith leis an iliomad seirbhís nua a chur leis an gcóras. Tiontaítear comharthaí analógacha ina bhformaid dhigiteach agus sa bhreis ar chaighdeán fuaime níos soiléire ná FM a sholáthar, baineann DAB leas níos éifeachtaí as an speictream raidió chun réimse níos leithne stáisiún a chur ar fáil d'éisteoirí, áit go mbeidh Raidió Rí-Rá ina chéad ógstáisiún Gaeilge air.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Bhí Raidió Rí-Rá ag treabhadh an ghoirt ag soláthar sheirbhís cheoil agus Ghaeilge d'aos óg na tíre seo ón gcéad lá riamh, trí stáisiún iomlán ar-líne a fhorbairt, trí fheidhmchlár iPhone in aisce a chur ar fáil dár n-éisteoirí, trí leas a bhaint as gréasánaíocht shóisialta ar nós Twitter agus Facebook, agus anois trí dhul ar an gcóras úr DAB.

"Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rogha na Gaeilge ar fáil d'aos óg na tíre seo mar chuid d'aon thogra cumarsáide nua dá leithéid DAB, agus tá súil ag Raidió Rí-Rá scoth na seirbhíse raidió lánaimseartha a chur ar fáil go náisiúnta ar an gcóras DAB, FM agus teilifíse digití amach anseo."

Tá an cairtstáisiún óige tiomanta le seirbhís raidió ar an gcaighdeán is airde a sholáthar do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge: sa bhreis ar ainmniúchán a fháil do na Gradaim Bharr 50 Gnó le Gaeilge 2010 gan ach dhá bhliain aige ag craoladh, d'éirigh le Raidió Rí-Rá dhá ainmniúcháin a fháil do Ghradaim Chumarsáide mhórmheasúla Oireachtas na Gaeilge i 2009, i 2011 agus arís i mbliana. Bhí alt iomlán ar Raidió Rí-Rá ar Pháipéar 1 de scrúdú Gaeilge an Teastais Shóisearaigh 2012 freisin.

Arsa Ó Braonáin: "Tá teacht ag 475 milliún daoine ar chraoladh fuaime digití ar fud na cruinne go dtí seo, mar sin is iontach an meán é leis an nGaeilge a bhaint den seomra ranga mar ábhar scoile amháin agus le Raidió Rí-Rá a chur ag craoladh caol díreach isteach i ngnáthshaol an aosa óig in Éirinn, tríd an gceol, tríd an gcaint, tríd an gcraic.

"Is é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún ar domhan atá ag seinm na gcnag ar fad ó na cairteacha trí mheán an Gaeilge agus le cláracha beo á gcur i láthair ag an óige, don óige."

Níl sa chraoladh fuaime digití ach ardán amháin trínar féidir cluas a chur leis an gcéad chairtstáisiún Gaeilge do dhaoine óga; tá Raidió Rí-Rá fós ar fáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone atá saor le híoschóipeáil ó iTunes, ar ghutháin Nokia agus tríd an bhfeidhmchlár TuneIn ar ghutháin Android, áit go mbíonn sceideal lán le cláracha beo Luan - Aoine, Rí-Rá Spórt agus PopNuacht fite fuaite le ceol ó na cairteacha 24/7.

TUILLEADH EOLAIS:

Traic Ó Braonáin
Cathaoirleach, Raidió Rí-Rá
+353 (0)87 6993439 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Rúnaí, Raidió Rí-Rá
+353 (0) 1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

GRIANGHRAIF INIATA:

Óg-láithreoirí Raidió Rí-Rá ag ceiliúradh Skyfest 2011 buíochas le deontas ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta a chinntigh go bhféadfadh an chéad chairtstáisiún Gaeilge craoladh beo ar an gcóras DAB i 2012. [Ó chlé go deas: Daithí de Buitléir, Síne Nic an Ailí, Traic Ó Braonáin (Cathaoirleach), Gina Ní Chathasaigh, Aodhán Ó Deá, Eilís Ní Fhearnáin agus Cillian de Búrca.] Gach eolas: www.rrr.ie

*GRIANGHRAIF AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. FREISIN*

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge.

Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Bhí Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh i Márta 2009, 2010 agus 2011 (agus i Luimneach i 2009 agus 2010), buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá an cairtstáisiún le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Nokia, ar ghutháin Android tríd an bhfeidhmchlár TuneIn, agus anois ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge ón 01 Iúil 2012; beidh sé ar fáil ar an DAB i gCorcaigh agus i Luimneach faoi cheann dheireadh 2012 chomh maith. Tá sé beartaithe ag Raidió Rí-Rá craoladh ar an gcóras teilifíse digití amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB freisin.

Bíonn meán de bhreis agus 4,000 duine ag éisteacht le Raidió Rí-Rá ar-líne ar fud na cruinne gach mí ar www.rrr.ie - líon a ardaíonn go suntasach nuair atá an stáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM - agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn na gcraolachán beo. Tá Raidió Rí-Rá ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta Ghaeilge a ritear thar thréimhse coicíse i Márta gach bliain.

Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláracha le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.