Skip to main content

Lá na bPobal nua ar siúl inniu le ceiliúradh a dheánamh ar an nGaeilge leis na hÉireannaigh nua

Reáchtáilfear ceardlanna damhsa ar an sean-nós leis an damhsóir aitheanta, Sibéal Davitt leis an lá a cheiliúradh

Inniu Lá na bPobal nua de chuid Sheachtain na Gaeilge le Energia. Tá sé mar chlabhsúr ar shraith ceardlanna a reáchtáil Conradh na Gaeilge mar chuid den tionscadal, Céad Míle Fáilte i mbliana. Is é sprioc an tionscadail ná feasacht a dhéanamh ar an nGaeilge i measc na nÉireannach nua. I mbliana roghnaíodh grúpaí éagsúla ó na ceithre chúigí le bheith páirteach sa thionscadal píolta seo. 

Tá trí cheardlann á reáchtáil le gach grúpa atá páirteach, ceardlann feasachta faoin nGaeilge, ceardlann faoin ilteangachas agus beidh críoch á chur leis an sraith le ceardlann damhsa ar an sean-nós leis an damhsóir aitheanta Sibéal Davitt. 

Is í Stiúrthóir na heagraíochta Mother Tongues, atá ina chraobh de chuid Chonradh na Gaeilge, Dr. Francesca la Morgia a thug ceardlann faoin ilteangachas do na grúpaí. 

Deir Dr. Francesca la Morgia, Stiúrthóir Mháthairtheangacha: 

“Tá an-áthas orainn a bheith páirteach sa cheiliúradh seo ar an nGaeilge do Lá na bPobal nua. Bímid mar eagraíocht ag plé le teaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí i dteangacha ó fud fad an domhain agus trí Ghaeilge, anseo in Éirinn. An teachtaireacht atá againn i Máthairtheangacha ná go bhfuil an dátheangachas mar leas do theaghlaigh agus go gcabhraíonn teangacha dúchais na dteaghlach le forbairt na bpáistí.”

Deir Hafi Saad, áisitheoir leis an phobal Siriach i nDún Pádraig:

“Tá na teaghlaigh Shiriacha, idir óg agus sean, ag baint an-sult as ag foghlaim faoin Ghaeilge agus cultúr na hÉireann. Is é seo a mbaile anois agus tá siad an-togtha le bheith mar chuid den phobal anseo agus dul i dtaithí ar gach réimse den chultúr anseo. Gabhaim buíochas as ucht gach éinne a thug tacaíocht dúinn go dtí seo, go háirithe Conradh na Gaeilge, Gréasán Pobal na Tuaithe Chontae an Dúin agus Cumann Gaelach Leath Chathail.

Deir Seán Ó Murchadha, Feidhmeannach Feachtas Feasachta & Ilmheán le Conradh na Gaeilge:

“Ba chóir go mbeadh gach deis ar fáil do gach duine chun sult agus tairbhe a bhaint as an Ghaeilge agus tá ról tábhachtach ag an teanga ag cabhrú lenár bPobail Nua imeascadh le sochaí na hÉireann. Tá na ceardlanna seo mar chuid den phróiseas sin agus tá súil go mór againn go mbeidh muid in ann tógáil ar rath na gceardlann sa todhchaí.”

Tá an tionscadal seo á eagrú in éineacht le maoiniú ón Roinn Dlí agus Cirt ó dheas agus an Roinn Pobail ó thuaidh. Tá Seachtain na Gaeilge le Energia á eagrú ag Conradh na Gaeilge le maoiniú ó Fhoras na Gaeilge agus beidh imeachtaí na féile ar siúl idir 1 agus 17 Márta. Le tuilleadh eolais a fháil faoin bhféile téigh go snag.ie. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.