Fáiltíonn APG Roimh Dheireadh na Samhla Nua Mhaoinithe & Molann Córas Comhpháirtíochta

D'fháiltigh Aontas Phobal na Gaeilge (APG) go croíúil roimh chinneadh Bhord Fhoras na Gaeilge chun deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe ag cruinniú de chuid Bhord an Fhorais Dé hAoine, 29 Meitheamh 2012, agus súil acu go gcuirfear córas comhpháirtíochta i bhfeidhm chun na heagrais bhunmhaoinithe san earnáil dheonach Ghaeilge a chur ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí ar leas na teanga agus ar leas an phobail.

Is ionstraim aontaithe é APG atá comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge. Tá eagrais APG ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail le fada an lá, agus tháinig siad le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach, sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go raibh gá le hathstruchtúrú a dhéanamh ar earnáil dheonach na Gaeilge ar an 02 Nollaig 2009.

Arsa Cóilín Ó Cearbhaill, Cathaoirleach ar Choiste Stiúrtha Aontas Phobal na Gaeilge: "Tréaslaíonn APG le Bord Fhoras na Gaeilge as an gcinneadh a rinne siad chun deireadh a chur leis an tSamhail Nua Mhaoinithe; is léir gur thóg an Foras tuairimí phobal deonach na Gaeilge agus dearcadh na n-eagras a bhíonn ag tabhairt tacaíochta dóibh san áireamh sa chinneadh.

"Ba léir d'eagrais APG, a bhí ag obair ar an talamh i measc an phobail agus taithí na mblianta acu, nach raibh córas iomaíoch na Samhla in oiriúint don earnáil Ghaeilge in aon chor.

"Tuigeann APG go gcaithfear athstruchtúrú a dhéanamh ar earnáil na Gaeilge le luach airgid agus seirbhís níos éifeachtaí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go fóill áfach, agus tá súil ag APG go nglacfaidh Foras na Gaeilge leis an moladh gur chóir córas comhpháirtíochta a chur i bhfeidhm, córas a chuirfidh na heagrais ag obair le chéile ar bhonn níos éifeachtaí, chun leas na teanga agus chun leas an phobail."

D'fháiltigh APG go háirithe roimh fhógra Fhoras na Gaeilge go mbreathnófar ar mhúnlaí eile anois agus go gcuirfear tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht san áireamh, chomh maith le moltaí Choiste Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Thionól Thuaisceart Éireann, agus moltaí agus tuairimí a léiríodh le linn an phróisis chomhairliúcháin faoin tSamhail Nua Mhaoinithe go dtí seo.

Arsa Ó Cearbhaill: "Tá tacaíocht traspháirtí ag tuarascáil an Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht maidir le maoiniú earnáil na Gaeilge, agus tugtar tacaíocht iomlán sa tuarascáil do mholadh APG gur chóir go mbeadh córas comhpháirtíochta ag croílár aon shamhail úr mhaoinithe don earnáil."

TUILLEADH EOLAIS:

Cóilín Ó Cearbhaill
Cathaoirleach, Coiste Stiúrtha APG
086 8599067 / 01 4757401

Feargal Ó Cuilinn
Stiúrthóir, Comhluadar
087 2908391 / 01 4757401

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

Comhaltas Uladh a thugtar ar Chraobhacha Chonradh na Gaeilge i gCúige Uladh agus i gCo. Lú. Bunaíodh an eagraíocht i 1926 le hobair an Chonartha a riaradh ar fud an limistéir sin. Is é príomhchuspóir an eagrais an Ghaeilge a chur á labhairt mar ghnáth-theanga ar fud Chúige Uladh. Cuidíonn Comhaltas Uladh le grúpaí drámaíochta, le naíonraí agus le scoileanna lánGhaeilge sna 10 gcontae, agus déanann sé comhoibriú le hollscoileanna an tuaiscirt agus leis na coláistí oiliúna freisin. Bíonn scoileanna samhraidh á reáchtáil i nGaeltacht agus i nGalltacht an tuaiscirt. Tugann Comhaltas deontas ar scoláireachtaí d'fhoghlaimeoirí Gaeilge gach bliain. www.comhaltasuladh.com

Bunaíodh Comhluadar i 1993 chun tacaíocht agus treoir a thabhairt do thuismitheoirí ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí. Tá Comhluadar ag feidhmiú ar bhonn uile-oileánda mar an phríomheagraíocht a chuireann an aistriú teanga ó ghlúin go glúin chun cinn, agus is guth aontaithe é ar mhaithe le cearta teaghlaigh i gcás seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Tugann Comhluadar cuireadh do theaghlaigh teacht le chéile ag réimse leathan ócáidí sóisialta agus oideachasúla gach mí. www.comhluadar.ie

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Is í an fhís atá ag Glór na nGael ná leathnú agus buanú a dhéanamh ar chumas daoine an Ghaeilge a úsáid i ngach réimse den saol trí réimse comórtas i gcur chun cinn na Gaeilge a reáchtáil idir phobail éagsúla ar fud na tíre. Bronnann Glór na nGael breis agus €150,000 de dhuaiseanna ar choistí timpeall na tíre gach bliain trí choincheap an chomórtais phoiblí, agus is ionann próiseas measúnaithe Ghlór na nGael agus creatlach pleanála, an t-aon chóras pleanála i leith na teanga a fheidhmíonn in Éirinn. www.glornangael.ie

Is eagraíocht neamhbhrabúis í Seachtain na Gaeilge, a chuireann úsáid na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh chun cinn anseo in Éirinn agus thar lear mar chuid d'fhéile choicíse a ritear i mí an Mhárta gach uile bhliain. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine, idir chainteoirí dúchasacha agus iad siúd a fhaigheann a gcéad bhlaiseadh den teanga, spraoi a bheith acu leis an nGaeilge. www.snag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge