Skip to main content

Imelda May, Declan Hannon & Bláthnaid Treacy fógartha mar ambasadóirí ar fhéile Seachtain na Gaeilge le Energia 2021

Beidh an fhéile idirnáisiúnta ar siúl ón 1 - 17 Márta

Tá an ceoltóir Imelda May, captaen fhoireann iomána Luimnigh Declan Hannon agus an craoltóir Bláthnaid Treacy ag teacht le chéile mar ambasadóirí teanga d’fhéile na bliana seo. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo daoine ar leibhéil éagsúla Gaeilge a spreagadh chun a bheith páirteach in imeachtaí dírithe ar an teanga. Bíonn an fhéile idirnáisiúnta bhliantúil ar siúl ón 1 Márta go dtí an 17 Márta le clár imeachtaí Gaeilge arna eagrú ag grúpaí pobail, scoileanna, grúpaí cultúrtha agus spóirt in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.

D’fhógair Seachtain na Gaeilge le Energia a n-ambasadóirí d’fhéile na bliana seo agus iad ag súil le clár d’imeachtaí tarraingteacha a sheoladh atá curtha le chéile chun ár dteanga dhúchais a cheiliúradh sa bhaile agus ar fud na cruinne. Rinneadh an fógra beo ar an aer ar RTÉ 2FM mar chuid de sheó dátheangach StaidAir atá dírithe ar mhic léinn na hArdteiste.

Dúirt Bláthnaid Treacy, ambasadóir Sheachtain na Gaeilge le Energia: 

“Tá ríméad orm a bheith mar ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana! Táim sona sásta mo chuid dualgas a roinnt leis an dá ambasadóir eile, Declan agus Imelda, atá mar eiseamláirí ina gcuid réimsí. Is mór an onóir a bheith in ann an Ghaeilge a chur chun cinn agus bhí mé an-bhródúil asam féin nuair a d’fhógair mé ambasadóirí na bliana seo ar mo chlár ar RTÉ 2fm, StaidAir. Táim ag tnúth go mór leis an bhféile agus tá súil agam go mbeidh níos mó daoine ag úsáid a gcúpla focal!”

Dúirt Conchubhair Mac Lochlainn, cathaoirleach Sheachtain na Gaeilge le Energia: 

“I mbliana beidh go leor imeachtaí ar siúl ar líne, mar sin tá níos mó deiseanna ná riamh ann do dhaoine páirt a ghlacadh san fhéile, is cuma cá bhfuil siad. Molaim d’éinne, is cuma cén leibhéal Gaeilge atá acu, páirt a ghlacadh in imeachtaí i mbliana. Ó dhaoine ag tosú ar a dturas teanga, iad siúd atá ag foghlaim arís agus daoine atá líofa ach nach bhfaigheann an deis a gcuid Gaeilge a úsáid chomh minic agus ba mhaith leo, tá ócáid ann do gach duine."

Dúirt Amy O’Shaughnessy, Bainisteoir Urraíochta Energia: 

"Tá ríméad orainn go bhfuil Imelda May, Declan Hannon agus Bláthnaid Treacy linn mar ambasadóirí d'fhéile Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana. Is comhlacht Éireannach muid agus mar gheall air sin ba mhaith linn go gcuirfidh daoine a gcroí isteach sa chultúr Éireannach agus spreagadh a thabhairt do gach éinne a gcuid cúpla focal a úsáid le linn fhéile na bliana seo. Tá réimse leathan imeachtaí ar siúl do dhaoine ag gach aon leibhéal Gaeilge agus is deis iontach í le snas a chur ar ár gcuid Gaeilge agus sinn ar fad sa bhaile mar gheall ar an dianghlasáil.”

Is í an fhéile bhliantúil Seachtain na Gaeilge le Energia an fhéile idirnáisiúnta Gaeilge is mó agus bíonn sí ar siúl gach bliain i mí an Mhárta. Beidh féile na bliana seo ar siúl ón 1 - 17 Márta agus na mílte gníomhaíocht ar siúl ar fud an domhain chun teanga dhúchais na hÉireann a cheiliúradh. Is féidir liosta iomlán d’imeachtaí agus de ghníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a fháil ó: www.snag.ie

Tá an fhéile eagraithe ag Conradh na Gaeilge ó 1902 agus táimid buíoch den tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus Energia.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.