Skip to main content

Conradh na Gaeilge ag súil go dtabharfar cothrom na Féinne agus faoiseamh do theaghlach Margaret Keane maidir le leac a máthar an tseachtain seo sa chúirt

Ghlac Coiste Gnó Chonradh na Gaeilge le rún chun tacú le hiarrachtaí Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge agus cead faighte acu idirghabháil a dhéanamh sa phróiseas achomhairc a thitfeas amach i gCúirt Achomhairc Eaglasta Canterbury i Londain an tseachtain seo, Céadaoin 24 Feabhra, 2021. 

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá cás leac cuimhneacháin Margaret Keane agus sár-iarrachtaí a clainne an cheist seo a réiteach i mbéal an phobail le tamall fada anois, agus ar dtús is mian linn comhghairdeas a dhéanamh le clann agus le cairde Margaret as ucht na ceannasaíochta agus an mhisnigh atá léirithe acu ar an ábhar dheacair seo. Molann muid go mór fosta iarrachtaí Chraobh Londan de Chonradh na Gaeilge seasamh leis an chlann fríd an idirghabháil atá ceadaithe don phróiseas achomhairc. Beidh Conradh na Gaeilge ag tacú le hiarrachtaí Chraobh Londan agus beidh muid ag obair leo á gcás a chur chun cinn. Is éileamh daonna agus pearsanta a atá á dhéanamh ag Muintir Keane, gur féidir leo cuimhneamh ar a máthair ina rogha teanga féin, ar bhealach atá tábhachtach agus siombalach dóibh féin. Níor cheart d’aon bhreitheamh nó d’aon chúirt an ceart sin a shéanadh.”

Dúirt Oisín Mac Conamhna, Rúnaí, Craobh Londan de Chonradh na Gaeilge:

"Creideann muid gur cás an-tábhachtach é seo, ina bhfuil an-uaisleacht agus an-mhisneach léirithe ag clann Maragaret Keane, ina n-iarracht cuimhneachán grámhar oiriúnach ar a saol agus a hoidhreacht a thógáil ar a huaigh. Tá idirghabháil déanta againn sa chás seo mar creideann muid gur léiríodh drochmheas ar oidhreacht Éireannach Margaret nuair a diúltaíodh cead dóibh a ngrá dí a léiriú gan bhac ina rogha teanga féin, an Ghaeilge. Ba mhaith linn meabhrú a thabhairt d’Iar-Sainsailéir Deoise Coventry ar a oidhreacht Chríostaíochta, gurbh iad manaigh Éireannacha a bhunaigh an Deoise ar dtús, agus a d’iompaigh ar an Chríostaíocht é, tráth ar úsáideadh an Ghaeilge i scaipeadh briathar Dé don chéaduair. Ní amháin gur cheart daonna í an saoirse cainnte faoi ghrá, atá aitheanta faoi dlí na Ríochta Aontaithe, ach is ceart í gur fiú a chéiliúradh beag beann ar chlaonadh creidimh, polaitiúil agus teanga.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.