‘Tá sé thar am go bhfreastalóidh an Stát go cothrom ar phobal na Gaeltachta & na Gaeilge le seirbhísí sásúla as Gaeilge agus tá an deis ann sin a chinntiú anois trí reachtaíocht láidir a aontú’

Tá Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2019 á phlé ag Céim an Choiste i dTithe an Oireachtais faoi láthair agus tá Conradh na Gaeilge ag éileamh reachtaíocht láidir, intomhaiste agus uaillmhianach a chuirfidh seirbhísí sásúla as Gaeilge ar fáil do phobal na Gaeilge agus don Ghaeltacht den chéad uair ó bunaíodh an Stát ó dheas.

Deir an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Tá ceiliúradh déanta le cúpla bliain anuas ar bhunú an stáit ó dheas ach is mór an náire é 100 bliain níos déanaí nach féidir le pobal na Gaeltachta nó pobal na Gaeilge seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát go fóill. Tá an Conradh ag éileamh ar Jack Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Cosanta agus an Spóirt agus ar Catherine Martin, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán comitimint a thabhairt leis seo a athrú. Is féidir leo seo a dhéanamh láithreach bonn trína chinntiú go mbeidh reachtaíocht láidir, intomhaiste agus uaillmhianach nuair a chríochnófar le Bille na dTeangacha Oifigiúla (leasú) 2019, atá ag céim an choiste faoi láthair i dTithe an Oireachtais. Ba chóir go mbeidh sprioc ann seirbhísí as Gaeilge sa Ghaeltacht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta faoi 2030 agus go mbeidh an sprioc earcaíochta go mbeidh 20% de na daoine a earcófar amach anseo san earnáil phoiblí inniúil ar an nGaeilge bainte amach faoi 2030.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

“Tá an Conradh ag obair leis na hAirí, leis na polaiteoirí sa fhreasúra agus le feidhmeannaigh sa Roinn le tamall de bhlianta ar an reachtaíocht seo agus tá cuid mhaith do na leasuithe molta againn san áireamh le plé ag Céim an Choiste go luath. Táimid ag éileamh ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta chomh maith teagmháil a dhéanamh leis na hAirí agus leis na Teachtaí Dála atá ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Pobal Labhartha na Gaeilge len iad a mhealladh chun na moltaí maidir le cinnteacht de sheirbhísí as Gaeilge sa Ghaeltacht, spriocanna earcaíochta Gaeilge san earnáil phoiblí, agus go leor eile a bheith san áireamh san Acht ag an deireadh. Seo é an t-aon slí a fheictear dúinn trínar féidir leis an Stát Cothrom na Féinne ó thaobh seirbhísí sásúla as Gaeilge a chur ar fáil.”

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge