Skip to main content

Céard é an Scéal 2020? Breis is 1.5 milliúin duine muiníneach as a gcumas Gaeilge labhartha agus nach mór 2 mhilliún muiníneach as a gcumas leis an nGaeilge a thuiscint ar oileán na hÉireann

Breis is 1.5 milliúin duine muiníneach as a gcumas Gaeilge labhartha agus nach mór 2 mhilliún muiníneach as a gcumas leis an nGaeilge a thuiscint ar oileán na hÉireann

CEASLéiríonn na figiúir a foilsíodh inniu, Dé Máirt 11 Eanáir 2021, bunaithe ar suirbhé bhliantúil Kantar ar cheisteanna Gaeilge, mar chuid de shraith bhliantúil mhórthaighde Chonradh na Gaeilge darbh ainm Céard É an Scéal 2020, go bhfuil an comhionann de na milliúin daoine ar oileán na hÉireann muiníneach as a gcuid Gaeilge a thuiscint nó í a labhairt. 

Rinneadh suirbhé Kantar 2020 le léargas a fháil ar dhearcthaí an phobail i leith na Gaeilge agus i leith cúrsaí́ a bhaineann léi. San iomlán thug breis agus míle duine faoi cheistneoir ó thuaidh agus míle duine ó dheas agus eagraíodh sraith fócas-ghrúpaí maidir le téamaí aitheanta.

I measc thorthaí na bliana seo, luaitear go sonrach:

  • Dúirt 28% de dhaoine ó dheas agus 12% de dhaoine ó thuaidh go bhfuil siad muiníneach as a gcumas labhartha Gaeilge
  • Dúirt 35% de dhaoine ó dheas agus 15% de dhaoine ó thuaidh go bhfuil siad muiníneach as a gcumas an Ghaeilge a thuiscint
  • D’aontaigh 67% ó dheas agus 55% ó thuaidh gur acmhainn uathúil í an Ghaeilge a d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith aici ar fhorbairt na turasóireachta ar an oileán seo
  • D’aontaigh 59% ó dheas gur cheart stáisiúin raidió Gaeilge atá dírithe ar dhaoine óga & atá ar fáil ar FM a mhaoiniú trí tháillí an cheadúnais teilifíse reatha agus d’aontaigh 51% gur cheart go mbeadh tacaíocht stáit ar fáil d’imircigh atá ina gcónaí in Éirinn chun Gaeilge a fhoghlaim 
  • D’aontaigh 60% de dhaoine ó thuaidh gur chóir go mbeadh teangacha san áireamh sna croí-ábhair ag leibhéal TGMO, agus mar thoradh air sin dhéanfadh gach dalta staidéar ar theanga amháin seachas Béarla ag leibhéal TGMO

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

Tá léargas faighte againn ó shuirbhé Kantar a foilsíodh inniu mar chuid de shraith bhliantúil mhórthaighde Chonradh na Gaeilge darbh ainm Céard É an Scéal 2020 go bhfuil an comhionann agus breis is 1.5 milliúin duine muiníneach as a gcumas Gaeilge labhartha agus nach mór 2 mhilliún muiníneach as a gcumas leis an nGaeilge a thuiscint ar oileán na hÉireann. Is é an dúshlán atá againn ná deiseanna a chur ar fáil don phobal trí chéile len a gcuid Gaeilge a úsáid níos rialta.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge:

Táimid ag éileamh ar Catherine Martin, Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus ar Jack Chambers, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta, Cosanta agus an Spóirt feidhmiú ar na moltaí ag éirí as an mórthaighde seo, Céard É an Scéal 2020. D’fheadfadh, mar shampla, stáisiún raidió don aos óg a bheith ar fáil ar FM go lánaimseartha an-tacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga agus iad a spreagadh leis an teanga a úsáid níos mó. Chomh maith leis sin, d’fheadfadh tionchar dearfach a bheith ar thurasóireacht in Éirinn dá mbainfí níos mó úsáid as an nGaeilge ann.

Is é seo an séú bliain den tsraith thaighde Céard é an Scéal?, curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge le tacaíocht maoinithe ó Fhoras na Gaeilge, taighde atá dírithe ar thuiscintí níos fearr a fháil ar dhearcadh agus tuairimí phobal na hÉireann i leith saincheisteanna éagsúla a bhaineann leis an nGaeilge. 

ÍOSLÓDÁIL

Is féidir teacht ar chóip iomlán den mhórthaighde Céard É an Scéal 2020 ag an nasc seo

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.