Skip to main content

Dhá chiste faoisimh ar luach iomlán £610,000 le dáileadh ag Conradh na Gaeilge ar ghrúpaí pobail ó thuaidh chun tacú leo dul i ngleic le dúshláin COVID

Tá dhá chiste maoinithe, ceann amháin ar luach £150,000, agus ceann eile ar luach £460,000, bronnta ag an Roinn Pobail ar Chonradh na Gaeilge ón lárchiste faoisimh COVID £29m do na healaíona ó thuaidh, a bhfuil £1.2m de luaite le grúpaí Gaeilge.

Déanfaidh Conradh na Gaeilge riar, éascú agus dáileadh ar dhá chiste faoisimh a thágann ón lárchiste COVID atá luaite leis na healaíona ó thuaidh ar luach £29m faoin fhoirmle Barnett. Tá £2.5m den chiste sin luaite ag an Roinn Pobail le teangacha, idir an Ghaeilge, an Ultais agus na teangacha comharthaíochta. Tá sciar ar luach £1.2m luaite go sonrach leis an Ghaeilge chun cuidiú le grúpaí ar an talamh dul i ngleic le dúshláin leanúnacha Covid-19. Déanfaidh Conradh na Gaeilge riar ar dhá sciar den mhaoiniú sin, ar luach £610,000, agus déanfaidh An Ciste Infheistíochta Gaeilge riar agus éascú ar an chuid eile a bhaineann leis an Ghaeilge, ar luach £610,000, a bheidh dírithe ar thacaíocht a chur ar fáil do na lárionaid Ghaeilge ó thuaidh. 

Éascóidh Conradh na Gaeilge an maoiniú idir dhá chiste éagsúla atá dírithe go hiomlán ar ghrúpaí pobail, mar a leanas:

  • Ciste Faoisimh agus Athlainseála SPG+ 2020-2021 (Covid19) - ar luach £460,000

Rachaidh an ciste seo i dtreo grúpaí Gaeilge sa phobal atá ag plé le dúshláin léanúnacha Covid i láthair na huaire agus atá thíos leis na himpleachtaí sin i dtaobh foirne, airgeadais agus imeachtaí ó bhí mí Aibreáin ann. Cuirfidh Conradh na Gaeilge fáilte roimh ghrúpaí pobail, go háirithe grúpaí reatha sa Scéim Phobal Gaeilge, a bhfuil cailliúintí tuarastail agus ioncaim acu de dheasca Covid cur isteach ar mhaoiniú suas le £30,000.  Fáilteofar fosta roimh iarratais suas le £15,000 ó ghrúpaí eile a thabharfaidh faoiseamh daofa ó chailliúintí ioncaim. Tacófar fríd na scéimeanna seo de réir mar is féidir fosta le gach grúpa pobail agus iad ag amharc i dtreo á ngrúpa agus a gcuid imeachtaí pobail a sheoladh arís sa bhliain úr.

  • Ciste pobail i dtreo Sheachtain na Gaeilge le Energia 2021 - ar luach £150,000

Cuideoidh an ciste seo le grúpaí pobail Gaeilge sraith imeachtaí a chur ar fáil ar chostais idir £2,5000 agus £5,000 idir Eanáir agus Márta 2021 chun deiseanna úsáide Gaeilge a éascú i measc an phobail. Tá súil ag Conradh na Gaeilge go mbainfidh breis agus 30 grúpa tairbhe dhíreach as an mhaoiniú sin.

Ag caint ar na cistí maoinithe a fógraíodh inniu dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Níl aon amhras ach gur bhuail Covid gach gné den phobal anseo agus tá go leor leor thíos leis na himpleachtaí leanúnacha ó shin. Cuideoidh an maoiniú seo go mór le grúpaí pobail Gaeilge teacht aniar ón ghéarchéim sin sna míonna beaga atá amach romhainn. Tabharfaidh an maoiniú seo deis do na grúpaí ar an talamh dul i ngleic le go leor de na fadhbanna tuarastail agus cailliúintí a tháinig orthu i mbliana. Beidh sé mar idirghabháil airgeadais do na grúpaí seo agus iad ag amharc i dtreo na bliana úire agus an tsaoil úir a bheidh ann mar gheall ar impleachtaí leanúnacha Covid anseo. Déanfaidh Conradh na Gaeilge an maoiniú seo a dháileadh ar ghrúpaí sa phobal de réir na riachtanas atá orthu agus tabharfaidh muid gach cuidiú dóibh an t-airgead sin a úsáid ar an bhealach is fearr a bheidh le leas an phobail.”

Dúirt an tAire Pobal Carál Ní Chuilín:

“Tá an-áthas orm an idirghabháil mhaoinithe ríthábhachtach seo a fhógairt, atá á riar ag Conradh na Gaeilge, chun tacú le grúpaí pobail áitiúla Gaeilge atá thíos le caillteanais ioncaim agus tuarastail mar thoradh ar Covid-19. Bealach chun cuidiú leis na grupaí pobail seo a chaomhnú atá sa mhaoiniú seo agus beidh sé ina chuidiú acu atheagar a chur orthu féin agus an clár imeachtaí agus tograí pobail atá beartaithe acu don bhliain úr a fhorbairt. Spreagadh a bheidh ann chomh maith do Sheachtain na Gaeilge 2021 chun réimse d’imeachtaí Gaeilge a sholáthar. Nuair a chuirfear an méid seo san áireamh leis an mhaoiniú a bheidh á riar ag an Chiste Infheistíochta Gaeilge, beidh grúpaí agus Ionaid Ghaeilge in ann teacht ar an tacaíocht sin atá riachtanach ionas gur féidir leo teacht slán ón ghéarchéim seo. Beidh cláir nua tacaíochta á seoladh inniu fosta do phobal na hUltaise agus phobal theanga na Comharthaíochta, pobail a ndeachaigh Covid i bhfeidhm orthu fosta.”

Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú don dá chiste seo ón lá inniu, 4 Samhain 2020 agus glacfar le hiarratais suas le 5pm ar 2 Nollaig 2020.

TUILLEADH EOLAIS

Is féidir theacht ar an eolas iomlán mar a bhaineann sé leis an dá scéim ag na nasic seo a leanas:

Is féidir tuilleadh eolais maidir le mór-mhaoiniú £29 atá á riar ag an Roinn Pobal a léamh ANSEO 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.