Tacaíocht do Chinneadh an Fhreasúra An Dáil A Fhágáil

Tá tacaíocht iomlán tugtha ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do chinneadh an fhreasúra tarraingt as tuilleadh baint a bheith acu leis an díospóireacht ar an mBille Gaeltachta 2012 sa Dáil inniu (19 Iúil 2012), i bhfianaise nach raibh sé i gceist ag an Aire Gaeltachta Dinny McGinley TD glacadh le haon cheann de bhreis agus 150 leasuithe a bhí molta acu ar an mbille sular reachtaíodh é.

Arsa Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: "Léiríonn cinneadh an fhreasúra chun an Dáil a fhágáil inniu, go raibh easpa rannpháirtíochta agus easpa cumarsáide ag an Rialtas le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta, agus leis an gcóras polaitíochta araon, maidir leis an reachtaíocht seo.

"Bhí tacaíocht traspháirtí ag beartais Ghaeilge de chuid an Rialtais le roinnt mhaith blianta anuas, agus bhí ról lárnach agus ríthábhachtach ag an gComhchoiste Oireachtais um chúrsaí Gaeltachta sa phlé agus sa chumarsáid leis an bpobal chun an tacaíocht sin a chinntiú; ní raibh deis ag an gComhchoiste An Bille Gaeltachta 2012 a phlé fiú áfach, toisc gur rinneadh an reachtaíocht is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de le beagnach 60 bliain anuas a bhrú trí Thithe an Oireachtais roimh bhriseadh an tsamhraidh."

Ó foilsíodh An Bille Gaeltachta 2012 ceithre sheachtain ó shin (19 Iúil 2012), tá stocaireacht déanta ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta chun reachtaíocht níos láidre a chinntiú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta trí leasuithe éagsúla a mholadh leis an bhfreasúra agus leis an Rialtas araon. Cé gur léirigh an freasúra agus baill de pháirtithe an Rialtais tacaíocht do thromlach na moltaí de chuid na n-eagras pobail, i gcás bhaill Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre, thug Teachtaí agus Seanadóirí an Rialtais le fios go raibh an cinneadh déanta, nach raibh smacht acu ar an scéal, agus nach raibh an Rialtas chun glacadh le leasú ar bith ar an mBille Gaeltachta 2012.

Dúirt Éamonn Mac Niallais, Guth na Gaeltachta: "Léiríonn gach céim den phróiseas seo go bhfuil easpa daonlathais agus easpa chomhairliúcháin i gceist leis an Bhille Gaeltachta 2012, reachtaíocht atá in ainm 's freastal ar riachtanais an phobail Ghaeilge agus Ghaeltachta ach a dhéanann neamhaird iomlán ar thuairimí, ar mholtaí agus ar leasuithe an phobail chéanna.

"Thug an freasúra le fios inniu go gcuirfidh siad Bille Gaeltachta leasaithe os comhair Thithe an Oireachtais sna míonna amach romhainn, agus beidh Guth na Gaeltachta agus Conradh na Gaeilge ag obair leo agus leis an phobal le bille cuimsitheach, sásúil a chur i dtoll a chéile, bille a luífidh leis An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030."

Cé gur ghá toghcháin an Údaráis a reáchtáil ní bá dhéanaí ná 30 Meán Fómhair 2012 de réir na reachtaíochta reatha, ní leithscéal é an méid sin leis an mBille Gaeltachta 2012 a reachtú gan plé mar is cóir i measc an phobail ó ní raibh le déanamh ag an Rialtas ach síneadh ama a thabhairt do na toghcháin, faoi mar a rinneadh faoin mBille Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010:

  • Alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Tá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag iarraidh ar an bpobal dul i mbun comhairliúcháin leis na Teachtaí Dála áitiúla dá gcuid ar bhille Gaeltachta leasaithe sula suíonn an Dáil in athuair i mí Mheán Fómhair, agus páirt ghníomhach a ghlacadh sa phlé agus sa díospóireacht air idir seo agus sin.

TUILLEADH EOLAIS:

Julian de Spáinn,
Ard-Rúnaí, Conradh na Gaeilge
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
+353 (0)86 8142757 / +353 (0)1 4757401

Éamonn Mac Niallais,
Guth na Gaeltachta
Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
+353 (0)87 6387467

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh ag saothrú ar son na teanga. Ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. Tá ranganna Gaeilge de chuid an Chonartha ar siúl i mBaile Átha Cliath, Gaillimh, Maigh Eo, Tiobraid Árann agus áiteanna eile ar fud na tíre. www.cnag.ie/courses

Bunaíodh Guth na Gaeltachta i nGaoth Dobhair i mí Lúnasa 2009. Tá sé ag reáchtáil cruinnithe poiblí ó shin. Bunaíodh an grúpa chun an pobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe a bhí molta ag an mBord Snip Nua don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is feachtas neamhpholaitiúil, traspháirtí é Guth na Gaeltachta atá dírithe ar chás na Gaeilge agus na Gaeltachta. www.guthnag.com

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach.

Déanfaidh an tAontas freastal ar éilimh ghluaiseacht na Gaeilge ar bhonn uile-Éireann sna sála ar fhógra na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) go mbeadh ar Fhoras na Gaeilge iarratais mhaoinithe a lorg ón earnáil dheonach ó "Eagras amháin (nó b'fhéidir líon teoranta eagras, [...]), le ról ionadaíochta, scaipeadh eolais, abhcóideachta agus soláthar acmhainní agus tacaíocht, don earnáil go hiomlán" ar an 02 Nollaig 2009.

Leanfaidh Aontas Phobal na Gaeilge leis an obair reatha atá ar bun ag eagrais chomhaontaithe an Aontais, agus cuirfear leis an gclár oibre sin. Forbrófar ar an obair reatha stocaireachta agus abhcóideachta; leagfar béim ar thábhacht an aistriú teanga ó ghlúin go glúin; eagrófar scothfhéilte náisiúnta a dhéanfaidh an Ghaeilge a cheiliúradh go poiblí; reáchtálfar comórtais teanga náisiúnta agus idirnáisiúnta; cinnteofar deiseanna forleathan foghlamtha Gaeilge; agus cothófar deiseanna nuálacha úsáidte teanga. Seo a leanas cuspóirí straitéiseacha Aontas Phobal na Gaeilge:

1. Comhphlean, struchtúr, acmhainní daonna agus fisiciúla a chinntiú d'fheidhmiú an Aontais;
2. Cumas labhartha agus foghlama, seachadadh agus sealbhú na Gaeilge a fheabhsú agus a neartú;
3. Úsáid na Gaeilge i measc an phobail a mhéadú;
4. Stádas, íomhá, cearta agus feasacht na Gaeilge a aithint agus a leathnú;
5. An t-aistriú teanga ó ghlúin go glúin ar bhonn uile-Éireann a chothú; an Ghaeltacht a chaomhnú agus a fhorbairt; agus gréasáin Ghaeltachtaí nua a fhorbairt mar thearmainn teanga.

Cuireann Aontas Phobal na Gaeilge luach ar shaothar dhaoine deonacha na hearnála agus cinnteofar tacaíocht ghairmiúil saineolach leanúnach d'oibrithe deonacha, móide fóram neamhspleách mar thacaíocht don sár-obair a thugann an duine deonach faoi, ar son na Gaeilge. www.aontaspg.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge