Skip to main content

Gaeilge24: An bhféadfá í a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig? ⏰

Níl ach 7 lá fágtha le clárú do Ghaeilge24 - an t-imeacht Gaeilge is mó sa chéad téarma den scoilbhliain

Táthar ag súil go mbeidh 30,000 dalta i 300 scoil sna 32 chontae - chomh maith le grúpaí thar sáile - ag glacadh páirte i ndúshlán Gaeilge24 le Conradh na Gaeilge ar an Máirt, 10 Samhain 2020.  Spreagann Gaeilge24 daoine óga le tabhairt faoin nGaeilge amháin a labhairt ar feadh 24 uair a’ chloig i ngach réimse dá saolta. 


De bharr srianta Covid-19 beidh go leor imeachtaí á reáchtáil ag Foireann Chonradh na Gaeilge ar líne i mbliana gur féidir páirt a ghlacadh iontu - seisiún HIIT, rang ióga, machnaimh agus tráth na gceist ollmhór le cuidiú libhse an dúshlán a bhaint amach. Freisin, tá go leor imeachtaí gur féidir a dhéanamh agus scaradh sóisialta fós i bhfeidhm, agus neart acu molta ag Foireann Gaeilge24 ar na meáin shóisialta le cúpla lá anuas - scannáin as Gaeilge a thaispeáint, amhráin Ghaeilge a chumadh nó a aistriú agus go leor eile.

Tá Yu Ming ag tacú leis an bhfeachtas i mbliana agus é ag súil le labhairt as Gaeilge don lá freisin théis dó clú agus cáil a bhaint amach i ‘Yu Ming Is Ainm Dom’ roinnt blianta ó shin.

Iarrfar ar dhaltaí Gaeilge a labhairt ní hamháin ar scoil agus lena múinteoirí, ach sa bhaile, ag na siopaí agus le gnólachtaí áitiúla agus le cairde.

“Tuigeann muid go mbeidh go leor imeachtaí, turais agus eachtraí ar ceal i mbliana de dheasca COVID-19 agus mar sin tá muid áthasach go bhfuil Gaeilge24 ar ais do na daoine óga. Músclaíonn Gaeilge24 meon dearfach i ndaoine óga i leith na teanga ar bhealach spraíúil agus ábhartha.  Tugann sé deis dóibh eispéireas dearfach a bheith acu agus an Ghaeilge a chur chun cinn ina saoil féin,” arsa an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge.

Ag tagairt dá thaithí le Gaeilge24 thar na blianta, dúirt Aodhán Ó Deá, Stiúrthóir Forbartha agus Leas-Ardrúnaí Chonradh na Gaeilge:

‘Is í seo an t-ochtú bhliain den fheachtas uathúil seo agus tá Gaeilge24 ag dul ó neart go neart i gcónaí. I mbliana, tá Gaeilge24 ag díriú isteach ar an bhfolláine. Tá an-tábhacht ag baint le haire a thabhairt duit féin, go háirithe do dhaoine óga, ó chleachtadh chorp go haireachas, chun a bheith ar bharr do shláinte.’

Beidh airgead á thiomsú ag na scoláirí le híoc as na pacáistí tacaíochta a fhaigheann siad ar an lá, agus téann aon bhrabús ón lá i dtreo na carthanachta Conradh na Gaeilge chun tacú le cur chun cinn na teanga ar fud na hÉireann.

Bíonn deis ag pobal na Gaeilge ar fud an domhain páirt a ghlacadh sa dúshlán ar líne tríd an haischlib #Gaeilge24 a úsáid ar Twitter agus ar Instagram. Is é Déardaoin 22 Deireadh Fómhair an lá deireanach le clárú don imeacht, ná cailligí é!

Tuilleadh eolas ANSEO

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.