‘An-fháilte curtha ag Conradh na Gaeilge roimh an maoiniú breise don Ghaeltacht agus don Ghaeilge’

Ardú an-suntasach don Ghaeltacht deimhnithe, agus cé go bhfuil sé go maith go bhfuil tús curtha le ciorruithe ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a aisiompú, tá obair mhór fós le déanamh. Leanfar leis an mbrú go gcuirfear breis maoinithe ar fáil don Fhoras.



Chuir Conradh na Gaeilge an-fháilte roimh an €17+ milliúin de mhaoiniú breise a d’fhógair an Rialtas ó dheas inniu sa cháinaisnéis don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Is é seo an chéad uair ó 2008 a bhfuil ardú suntasach agus ardú níos cothroime curtha ar fáil, go háirithe don Ghaeltacht. Tá moladh ag dul do gach duine sa phobal a bhí páirteach sna hiarrachtaí leis an maoiniú breise seo a bhaint amach. Leanfaidh Conradh na Gaeilge, áfach, leis an bhfeachtasaíocht agus leis an mbrú le haghaidh breis maoinithe d’Fhoras na Gaeilge chun tacú leis na tionscadail aontaithe sa phlean infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta agus na heagraíochtai Gaeilge a bhíonn ag obair leis na tionscadail seo a chur chun cinn.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Thar ceann Chonradh na Gaeilge ba mhaith liom aitheantas agus moladh a thabhairt don Aire Catherine Martin agus don Aire Stáit Jack Chambers as ardú suntasach Údarás na Gaeltachta a chinntiú sa cháinaisnéis inniu, ardú a bheidh ina chuidiú ag pobal na Gaeltachta. Aithním fosta go bhfuil tús curtha leis na ciorruithe a rinneadh ar Fhoras na Gaeilge ó 2008 a chur ina cheart, ach tá obair mhór fós le déanamh chun tuilleadh maoinithe a bhaint amach a bheidh le leas n-eagraíochtaí agus na dtionscadal uile a bhíonn ag plé leis an Fhoras. Tá moladh faoi leith ag dul do phobal na Gaeilge agus cothrom na Féinne agus maoiniú cuí á lorg aige, mar phobal. Ach ab é iarracht phobal na Gaeilge agus an tacaíocht ó gach páirtí polaitiúil is ar éigin go mbeadh an t-ardú seo ann.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

“Tá an maoiniú fógartha inniu mar thoradh ar fheachtas láidir pobail eagraithe ón olltoghchán i 2016 ar aghaidh. Is maith é go bhfuil maoiniú breise bainte amach don phleanáil teanga sa Ghaeltacht agus lasmuigh di, go mbeidh buiséad caipitil de €14.4 milliun ag Údarás na Gaeltachta le fostaíocht a chruthú i 2021, go mbeidh €3.5 milliún sa bhreis ag TG4 agus eile ag éirí as an gcáinaisnéis fógartha inniu.

Cuireadh brú ar na polaiteoirí ó gach páirtí go stopfaí na ciorruithe a bhí ag dul ar aghaidh go dtí 2016 agus go gcuirfí maoiniú suntasach sa bhreis ar fáil leis an bPlean Infheistíochta aontaithe ag 80 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta a mhaoiniú. Táimid ag éileamh ar Fhoras na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltachta anois feidhmiú ar na tionscadail agus na háiteanna aitheanta sa phlean a mhaoiniú de réir mar atá leagtha amach sa phlean, go háirithe i gcás an Scéim Phobal Gaeilge.”


TUILLEADH EOLAIS
Róisín Ní Mhaoláin
Feidhmeannach Cumarsáide
+353 87 6338931 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

AR FÁIL LE hAGHAIDH AGALLAIMH:
Julian de Spáinn
Ard-Rúnaí - Conradh na Gaeilge
+353 (0)86 8142757 | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha
Bainisteoir Abhcóideachta, Leas-ArdRúnaí, Conradh na Gaeilge
+353 (0)87 4188050 | +353 (0)91 567824 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.


NÓTA DON EAGARTHÓIR:
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge