Cinneadh faoi chiste cúitimh na gColáistí Samhraidh de dhíth láithreach agus pleanáil fhisiciúil sa Ghaeltacht lárnach anois maidir le todhchaí na Gaeltachta.

25 Bealtaine 2020

Ag cruinniú de chuid Mheitheal Ghaeltachta Chonradh na Gaeilge Dé Sathairn seo caite, 21 Bealtaine, éilíodh go ndéanfaí cinneadh Rialtais láithreach bonn maidir leis an gciste cúitimh do na Coláistí Samhraidh, ciste a chuirfidh maoiniú ar fáil do na mná tí agus do na grúpaí atá i mbun na gColáistí. D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, an Seanadóir Seán Kyne, breis is mí ó shin go mbeidh ciste ann do na mná tí agus do na coláistí ach níl sonraí ar bith faoin scéim faighte ón Rialtas ó shin. 

Ag labhairt i ndiaidh an chruinnithe dúirt an Cathaoirleach nuacheaptha ar an Meitheal Ghaeltachta, Mairéad Ní Fhátharta: “Ní bheidh Coláiste Samhraidh ar siúl in aon cheantar Gaeltachta an samhradh seo mar thoradh ar an ngéarchéim shláinte, rud a chiallaíonn go mbeidh buille trom buailte ar gach ceantar Gaeltachta. Tá ról lárnach ag na Coláistí Samhraidh i saol agus i ngeilleagar na Gaeltachta, idir mná tí, lucht gnó áitiúil agus an pobal áitiúil a bhíonn ag brath ar na coláistí le haghaidh fostaíocht samhraidh. Ní hamháin go bhfuil buille trom buailte an samhradh seo ach tá todhchaí na gColáistí Samhraidh féin i mbaol anois freisin. Caithfidh tuiscint a bheith ag an Rialtas ar an ngéarchéim a bhaineann leis na Coláistí agus gníomhú láithreach chun ciste cúitimh a chur ar fáil. Tuigeann muid go bhfuil sonraí an chiste chúitimh molta ag an Aire Stáit Seán Kyne agus ag Roinn na Gaeltachta don Roinn Airgeadais agus éilíonn muid go ndéanfar an ciste sin a fhógairt gan mhoill.”

Ag trácht ar obair An Mheitheal Ghaeltachta dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer: Is léir don Chonradh go bhfuil ról na pleanála fisiciúla lárnach anois maidir le todhchaí na Gaeltachta agus mura dtugtar faoin gceist seo go mbeidh sé dodhéanta pobal inmharthana Gaeltachta a chinntiú. Ní hionann gach ceantar Gaeltachta ar ndóigh ach tá gné na pleanála fisiciúla fite fuaite le cosaint na Gaeilge i ngach ceantar Gaeltachta. Caithfear a chinntiú go bhfuil deis ag pobal na Gaeltachta maireachtáil ina gceantar féin, clann a thógáil agus saol iomlán a chaitheamh ina dhúiche féin. Tá Conradh na Gaeilge meáite ar thacaíocht iomlán na heagraíochta a thabhairt do phobal na Gaeltachta ar an gceist seo agus na ceisteanna eile a bhaineann le saol na Gaeltachta.

Mar Uachtarán na heagraíochta táim buíoch do bhaill na Meithle Gaeltachta agus do  Mhairéad Ní Fhátharta as Cathaoirleacht na Meithle a ghlacadh uirthi féin. Níl amhras orm ach go gcuirfidh a taithí mar bhean oileánach agus mar oideachasóir go mór le hobair na Meithle.”

 

BREIS EOLAIS:

Peadar Mac Fhlannchadha

Bainisteoir Abhcóideachta & Leas‐Ardrúnaí

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

00353 87 4188050

 

Róisín Ní Mhaoláin

Feidhmeannach Cumarsáide

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge. Tá níos mó ná 200 craobh agus an iliomad ball aonair ag an gConradh ar fud na cruinne, baill a bhíonn ag saothrú chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantar féin. Is í príomhaidhm na heagraíochta an Ghaeilge a spreagadh mar ghnáth-theanga labhartha na hÉireann. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde, Eoin Mac Néill, agus comhghleacaithe leo Conradh na Gaeilge ar 31 Iúil 1893. Tá idir ranganna Gaeilge; abhcóideacht ar son chearta teanga; fheachtais feasachta; Seachtain na Gaeilge; PEIG.ie, lárphointe eolais don Ghaeilge; An Siopa Leabhar; thacaíocht do Raidió Rí-Rá; agus eile ar bun ag an eagraíocht ó shin i leith. Tuilleadh eolais: www.cnag.ie

Eagraíochtaí faoi scáth Chonradh na Gaeilge