Skip to main content

Ullmhúcháin do Sheachtain na Gaeilge 2013 Faoi Lánseol Ag Foireann Úr na Féile!

Tá áthas ar fhoireann nua Sheachtain na Gaeilge a fhógairt gur ó 4 - 17 Márta 2013 a bheidh an fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó in Éirinn agus thar lear ar siúl an bhliain seo chugainn. Agus cé nach dtarlódh sé ar an bpáirc imeartha um thráth seo den bhliain, tá Ciarraíoch agus Gaillmheach ag obair as lámha a chéile ar fhoireann nua na féile agus iad ag súil le go leor grúpaí nua a mhealladh chun páirt a ghlacadh i Seachtain na Gaeilge 2013 i Márta na bliana seo chugainn!

Is as Daingean Uí Chúis in iarthar Chiarraí do Bhrenda Ní Ghairbhí agus tá céim sa tráchtáil agus sa Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile, Corcaigh aici. Bhí Brenda ag obair mar Fheidhmeannach Oifige le Conradh na Gaeilge ó bhí 2008 ann agus bhí an-bhaint aici leis an bhféile agus ollrith sealaíochta ar son na Gaeilge, Rith 2010 agus Rith 2012. Ceapadh Ní Ghairbhí ina bainisteoir gníomhach ar Sheachtain na Gaeilge anuraidh agus ina bainisteoir lánaimseartha ar an bhféile Ghaeilge an samhradh seo.

Beidh Brenda ag obair i gcomhar le hÁine Ní Chuaig as Iorras Aithneach i gConamara na Gaillimhe ó d'éirigh léi post mar Oifigeach Riaracháin agus Tacaíochta Sheachtain na Gaeilge a bhaint amach níos luaithe an samhradh seo chomh maith. D'fhreastail Áine ar Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, áit go ndearna sí staidéar ar an ndearadh grafach, agus i measc na bpost a bhí aici roimhe seo, d'oibrigh sí ar chláracha do TG4 leis na comhlachtaí teilifíse Sónta Teo, Magma Films agus Adare Productions; mar riarthóir leis An Taibhdhearc; agus mar scríbhneoir leis an nuachtán Gaelscéal.

Tá foireann nua Sheachtain na Gaeilge ag spreagadh idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna, ollscoileanna agus choláistí tríú leibhéal, chomhairlí contae agus cathracha, chumainn Ghaelacha agus ghrúpaí pobail, leabharlanna agus eagraíochtaí eile nach iad chun imeachtaí Gaeilge ar fud na tíre a eagrú agus a chlárú leis an oifig d'fhéile na bliana seo chugainn roimh 25 Eanáir 2013.

Arsa Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir nua Sheachtain na Gaeilge: "Tá an ceiliúradh ag dul ó neart go neart gach bliain agus bhí breis agus 800 imeacht cláraithe do Sheachtain na Gaeilge ag www.snag.ie d'fhéile na bliana seo caite, agus iad á reáchtáil ní hamháin i ngach contae in Éirinn, ach in áiteanna chomh fada i gcéin leis an Astráil, Cúba agus na Stáit Aontaithe."

Beidh Seachtain na Gaeilge 2013 ag croílár an cheiliúrtha ar Bhliain na Gaeilge agus ar Thóstal Éireann an bhliain seo chugainn freisin, féile bhliana ar son na teanga agus tionscnamh turasóireachta ag ceiliúradh gach a bhfuil iontach agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire faoi seach.

Arsa Áine Ní Chuaig, Oifigeach Riaracháin agus Tacaíochta nua Sheachtain na Gaeilge: "Tá mé féin agus Brenda ag tnúth go mór leis an dúshlán nua seo chun cur le líon na n-imeachtaí spreagúla, spraíúla, oideachasúla do Sheachtain na Gaeilge 2013, áit go mbeidh béim níos mó ná riamh á cur againn ar an teanga a spreagadh i measc Gaeilgeoirí in Éirinn agus thar sáile mar chuid den cheiliúradh ar Bhliain na Gaeilge agus ar Thóstal Éireann 2013."

Má tá suim ag aon duine nó ag aon ghrúpa imeachtaí pobail a eagrú don fhéile, is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig Sheachtain na Gaeilge ag Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. / +353 (0)1 4757401; tá suíomh gréasáin nua á fhorbairt faoi láthair agus beifear in ann imeachtaí Sheachtain na Gaeilge 2013 a chlárú ar an suíomh ag www.snag.ie ó mhí Dheireadh Fómhair 2012 go dtí 25 Eanáir 2013 freisin.

Cuireann oifig Sheachtain na Gaeilge gach tacaíocht ar fáil do rannpháirtithe san fhéile - idir smaointe imeachtaí, chruinnithe poiblí, lámhleabhar tacaíochta, eolas agus treoir ar conas an pobal áitiúil a spreagadh le páirt a ghlacadh, agus eile. Tá sí mar aidhm ag Seachtain na Gaeilge úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn in Éirinn agus thar lear mar chuid den fhéile i mí an Mhárta gach bliain. Tugann Seachtain na Gaeilge deis do gach duine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge ar bhealaí úra nuálaíocha, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon.

TUILLEADH EOLAIS:

Brenda Ní Ghairbhí
Bainisteoir, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)86 3649776 / +353 (0)1 4757401

Áine Ní Chuaig
Oifigeach Riaracháin, Seachtain na Gaeilge
+353 (0)1 4757401 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

GRIANGHRAIF INIATA: Foireann nua Sheachtain na Gaeilge ag ullmhú do cheiliúradh speisialta na bliana seo chugainn ó 4 - 17 Márta 2013. (ó dheas go clé): Tá Brenda Ní Ghairbhí, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, agus Áine Ní Chuaig, Oifigeach Riaracháin agus Tacaíochta na féile, ag obair le chéile chun grúpaí nua a mhealladh le himeachtaí a eagrú agus a chlárú don fhéile idirnáisiúnta Ghaeilge is mó ar domhan. Spreagann Seachtain na Gaeilge úsáid na teanga i measc an phobail le himeachtaí spraíúla, spreagúla á reáchtáil trí Ghaeilge ar fud na hÉireann agus thar lear i rith na féile i mí an Mhárta gach bliain. Reáchtálfar Seachtain na Gaeilge 2013 ó 4 - 17 Márta 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie

*GRIANGHRAF AR ARD-CHAIGHDEÁN (300 DPI) AR FÁIL Ó Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. FREISIN*

Is féile idirnáisiúnta Ghaeilge í Seachtain na Gaeilge a ritear i mí an Mhárta gach bliain agus a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn in Éirinn agus thar lear. Bhunaigh Conradh na Gaeilge an fhéile sa bhliain 1902. Tá an fhéile tar éis neart fuinnimh a bhailiú le blianta beaga anuas, agus tá sí anois ar an gceiliúradh is mó dár dteanga agus dár gcultúr dúchais a ritear in Éirinn gach bliain, ag sciobadh tíortha eile léi ar an mbealach. Tugann an fhéile deis go gach uile dhuine spraoi a bheith acu leis an nGaeilge, idir chainteoirí dúchais, fhoghlaimeoirí agus lucht an chúpla focal araon. Déanann eagraíochtaí, comhairlí áitiúla, scoileanna, leabharlanna, agus eagrais cheoil, spóirt agus chultúrtha a n-imeachtaí do Sheachtain na Gaeilge a chlárú leis an oifig agus bhí féile na bliana seo ar siúl ó 5 - 17 Márta 2012. Reáchtálfar féile na bliana seo chugainn ó 4 - 17 March 2013 mar chuid den cheiliúradh Bliain na Gaeilge agus Tóstal Éireann 2013. www.snag.ie

Is féile bhliana ar son na teanga í Bliain na Gaeilge, áit go mbeidh imeachtaí spraíúla éagsúla á n-eagrú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta ar fud oileán na hÉireann chun an pobal a spreagadh lena gcuid Gaeilge a úsáid go rialta. Beidh sraith de thóstail idirnáisiúnta agus d'imeachtaí áitiúla i dteannta féilte, ceolchoirmeacha, imeachtaí spóirt, ceol, drámaíocht, litríocht agus damhsa ar bun ar son na Gaeilge ar fud na tíre i gcaitheamh 2013. Bígí Linn - Let's Celebrate Our Language! www.gaeilge2013.ie

Tionscnamh turasóireachta agus ceiliúradh ar gach a bhfuil fíorbhreá agus uathúil i dtaobh na hÉireann agus a muintire atá i gceist le Tóstal Éireann 2013. Tá sé i gceist go dtógfaidh muintir na hÉireann orthu féin cuireadh a thabhairt do dhaoine a bhfuil baint acu leis an tír - 70 milliún duine den diaspóra ar fud na cruinne san áireamh - agus go gcuirfidh siad fáilte Uí Cheallaigh rompu go hÉirinn. Tá sí mar sprioc ag Tóstal Éireann 2013 325,000 cuairteoir breise as tíortha thar lear a mhealladh chun na hÉireann i gcaitheamh na bliana agus €170 milliún a ghnóthú in ioncam turasóireachta. www.thegatheringireland.com

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhluadar, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.