Skip to main content

An nuacht is déanaí ón eagraíocht maidir leis an gCoróinvíreas

13 Márta 2020

An Bailiúchán Náisiúnta

Tá cinneadh déanta ag Conradh na Gaeilge gan leanúint leis an mBailiúchán Náisiúnta ar Lá Fhéile Pádraig i mbliana.

Is oth linn an cinneadh seo a dhéanamh, agus bailiúcháin á n-eagrú againn le breis is 120 bliain anuas ach rinneamar é ar son sláinte agus sábháilteacht na gcraobhacha, oibrí deonacha agus lucht tacaíochta timpeall na tíre.

Beidh an eagraíocht, go háitiúil agus go náisiúnta, buailte go mór leis an gcinneadh seo. Táimid buíoch as aon tacaíocht gur féidir a thabhairt idir an dá linn trí thabhartais ag bit.ly/deonaigh.

 

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge

Tá foireann Chonradh na Gaeilge ag moladh do ghrúpaí pobail atá i mbun imeachtaí Sheachtain na Gaeilge le Energia a eagrú, iad a chur ar athló sa chás go mbeadh slua d’os cionn 100 duine i láthair.

Is oth linn an cinneadh seo a ghlacadh agus molaimid go mór scoth na hoibre atá idir láimhe ag na grúpaí pobail atá mar chroí-lár na féile. Táimid ag leanúint treoir ó Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte agus molaimid do ghrúpaí fud fad na tíre amhlaigh a dhéanamh.

 

#SEAS2020 ar athló

Tá an cinneadh déanta ag Conradh na Gaeilge an lá stocaireachta #SEAS20 a chur ar athló. Bhí #SEAS20 le bheith ar siúl ar an 19ú Márta in Óstán Buswells. Beimid i dteagmháil leis na páirtíthe polaitiúla maidir lenár n-éilimh do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

 

Foireann Chonradh na Gaeilge

Beidh Foireann Chonradh na Gaeilge go fóill ag feidhmiú agus mar sin is féidir teacht i dteagmháil le haon duine dóibh má theastaíonn comhairle nó cabhair uait.

San am i láthair, lean na treoracha atá á gcur amach ag an FSS agus ná bí buartha cabhair a lórg ó chomharsana agus muintir do bhaile,

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.