Skip to main content

#LNMS20: Lá na Meán Sóisialta ag spreagadh daoine leis na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge

Ráiteas Nuachta
11 Márta 2020

#LNMS20: Lá na Meán Sóisialta ag spreagadh daoine leis na
meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge

Tá Lá na Meán Sóisialta ar siúl inniu (Déardaoin, 11 Márta 2020) mar chuid de Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020. Mar chuid de Lá na Meán Sóisialta bhí imeacht oifigiúil de chuid Sheachtain na Gaeilge le Energia i dTeach an Ard-Mhéara ag déanamh ceiliúrtha ar an nGaeilge ar líne agus an dul chun cinn atá déanta aici le roinnt mhaith blianta anuas.Is í aidhm Lá na Meán Sóisialta ná daoine a spreagadh leis na meáin shóisialta a úsáid trí Ghaeilge.

Deir Tom Brabazon, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath:
“Táimid ar bís go mbeidh Lá na Meán Sóisialta ag tarlú anseo i dTeach an Ard-Mhéara. Is bealach iontach é Seachtain na Gaeilge le Energia an Ghaeilge a nascadh lenár saol laethúil trí níos mó deiseanna a thabhairt don phobal a gcúpla focal a úsáid. Is léir go bhfuil fás mór tar éis teacht ar an nGaeilge sa phobal le deich mbliana anuas, ar líne agus sa ghnáthshaol, agus ní raibh aon fhadhb aici coinneáil suas leis an saol seo atá i gcónaí ag athrú agus ag forbairt. Tá pobal na Gaeilge níos láidre ná a bhí riamh agus níl aon dabht ann go rachaidh sí ó neart go neart sa chéad deich mbliana eile”

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge & Feachtais Feasachta:
“Inniu, ar lá na meán sóisialta, táimid ag ceiliúradh an fás atá i ndiaidh teacht ar an nGaeilge le cúpla bliain anuas. Tá an Ghaeilge anois sa bharr 150 teanga is mó úsáid ar líne ar Domhan agus ní fheicim aon stopadh leis an bhfás sin. Tá moladh mór ag dul chuig na daoine ar fad atá théis scoth na hoibre a dhéanamh agus na hárdáin shóisialta a aistriú go Gaeilge. Táimid ag cur béim ar úsáid na Gaeilge ar líne inniu agus ag moladh daoibh na meáin a úsáid trí Ghaeilge mar cheiliúradh ar an lá. Ná deán dearmad an haischlib #LNMS20 a úsáid”

Is féidir páirt a ghlacadh i Lá na Meán Sóisialta trí phostáil as Gaeilge ar leithéidí Facebook, Twitter, Instagram agus Snapchat agus an haischlib #LNMS20 a úsáid. Moltar duit chomh maith do chuntais ar na meáin shóisialta a athrú go Gaeilge. Tá gach eolas maidir le himeachtaí agus clár na féile ar fáil ag www.snag.ie.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.