Skip to main content

Ard-Fheis na nÓg á reachtáil i gcroílár Chonamara

Tá an ócáid ​​seo críochnaithe i mbliana agus tá an clárú dúnta

3 Feabhra 2020

Tabharfaidh daltaí iarbhunscoile ó fud fad na tíre aghaidh ar Ros Muc i gContae na Gaillimhe ar an 12 agus 13 Feabhra chun páirt a ghlacadh in Ard-Fheis na nÓg, ócáid atá á eagrú ag Conradh na Gaeilge chun deis a thabhairt do dhaoine óga díospóireacht a dhéanamh agus dearcadh na hóige a thabhairt ar réimse leathan ábhar.

Cuirfear tús leis an Ard-Fheis tráthnóna Dé Céadaoin 12 Feabhra nuair a thabharfaidh na scoileanna ó lasmuigh de chontae na Gaillimhe cuairt ar Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh áit a mbeidh deis acu cuairt a thabhairt ar an ionad agus ar Theach an Phiarsaigh. Níos déanaí an tráthnóna sin glacfaidh siad páirt in oíche shiamsaíochta in Ionad Chuimhneacháin an Phiarsaigh, ócáid atá á eagrú ag an gCoiste Pleanála Teanga i gcomhar le Coláiste na bPiarsach, Ros Muc agus le Scoil Phobal Mhic Dara, Carna.

Ar an Déardaoin 13 Feabhra tionólfar na seisiúin plé den Ard-Fheis, áit a mbeidh scoileanna na Gaillimhe i láthair. Eagrófar sraith cheardlanna do na daltaí a bheidh ag díriú ar réimsí na teicneolaíochta (buíochas le tacaíocht ó Techspace), na meáin shóisialta agus an phleanáil teanga. Chomh maith leis sin, mar chuid den tionscadal Gluaiseacht (tionscadal eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Cultuir, Oidhreachta agus Gaeltachta), chuirfear na daltaí ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta agus eile atá ar fáil dóibh toisc an Ghaeilge a bheith acu.

Sa tráthnóna beidh na daltaí i mbun díospóireachta ar shraith rúin dírithe ar chúrsaí aeráide, todhchaí na Gaeilge mar ghnáth-theanga labhartha na Gaeltachta agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas.

Tá Ard-Fheis na nÓg á eagrú le cúnamh ó Fhorbairt Chonamara Láir agus an Coiste Pleanála Teanga áitiúil. Tá an ócáid á eagrú freisin le cúnamh maoinithe ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Deir Niall Comer Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá sé ríthábhachtach deis a thabhairt do ghlúin óg na Gaeltachta agus daoine óga eile le Gaeilge na ceisteanna a bhaineann leo féin a phlé eatarthu féin. Tá sé tábhachtach an deis a thabhairt dóibh bualadh le chéile agus aithne a chur ar a chéile trí Ghaeilge. Is tionscnamh nua é seo do Chonradh na Gaeilge agus táimid an-sásta leis an spéis atá léirithe agus leis an líon mór daltaí a bheidh linn ag Ard-Fheis na nÓg. Is iad na daoine óg seo is fearr a thuigeann na ceisteanna atá ag imirt tionchar ar rogha teanga na glúine seo agus tá sé riachtanach go mbeadh ardán acu chun a ghuth a ardú. Beidh Conradh na Gaeilge ag tabhairt airde ar an méid a bheidh le rá le linn na hArd-Fheise agus beimid ag cur tuairimí na daoine óga seo san áireamh agus muid ag forbairt ár bpolasaithe náisiúnta ag an Ard-Fheis in Óstán Chuan na Gaillimhe ó 21-22 Feabhra 2020.”

Deir Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge: “ Táimid ag súil go mór leis an mbeocht agus an spreagadh a bheidh le feiceáil le linn Ard-Fheis na nÓg. Mar is gnách, tá an-tacaíocht faighte againn ó phobal Ros Muc, Forbairt Chonamara Láir agus an Coiste Pleanála Teanga áitiúil. Táimid thar a bheith buíoch de Chomhairle Chontae na Gaillimhe as an tacaíocht agus an maoiniú atá tugtha acu don ócáid seo agus don tionscnamh TechSpace agus Seachtain na Gaeilge atá ag tacú go mór le hArd-Fheis na nÓg. Táimid buíoch don mhaoiniú leanunach ó Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta chomh maith.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.