Skip to main content

‘Oideachas, Reachtaíocht agus Toghcháin’ uilig faoi chaibidil ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo i nGaillimh

18 Feabhra 2020

“Dúshláin agus Deiseanna móra do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus muid i dtréimhse athruithe thuaidh agus theas”

Tionólfar Ard-Fheis 2020 de chuid Chonradh na Gaeilge in Óstán Chuan na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo, 21-22 Feabhra 2020, áit a ndéanfar plé agus díospóireacht ar na mór-cheisteanna teanga don bhliain seo amach romhainn.

Oíche Aoine, 21 Feabhra, cuirfear tús leis an Ard-Fheis ag 8pm le plé-phainéal de réimse polaiteoirí a bheas ag caint ar mhór-théamaí na hArd-Fheise seo, mar atá ‘Oideachas, Reachtaíocht agus Toghcháin’. Déanfaidh Máirín Ní Ghadhra, craoltóir RTÉ Raidió na Gaeltachta, cathaoirleach ar an díospóireacht ar an oíche. Tá cuireadh oscailte ann don ócáid seo agus cuirfear fáilte roimh chách.

Beidh deireadh seachtaine lán imeachtaí ag dul ar aghaidh agus maidin Dé Sathairn díreoidh na craobhacha agus baill Chonradh na Gaeilge isteach ar na rúin Ard-Fheise. Ina measc beidh deis ag teachtaí vóta a chaitheamh chun clár oibre Chonradh na Gaeilge a threorú sa chéad bhliain eile. I measc na rún a ndéanfar vótaí orthu, pléifear ceist na breis-infheistíochta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht thuaidh agus theas, na coimitmintí a thug na páirtithe le linn an olltoghcháin ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta a thabhairt chun cinn, cur i bhfeidhm iomlán agus forbairt na reachtaíochta nua ó thuaidh, leasú éifeachtach Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas agus straitéis nua oideachais ón réamh-scoil go dtí an Ollscoil a bhrú chun cinn, i measc go leor eile.

Deir Dr Niall Comer, Uachtarán, Conradh na Gaeilge:

“Is cinnte, ag muid ag amharc ar an socrú nua ó thuaidh, agus torthaí an toghcháin ó dheas, go bhfuil an timpeallacht teanga a mbíonn muid ag saothrú inti ag athrú. Leis na hathruithe sin, tagann idir dheiseanna agus dhúshláin. Tá Conradh na Gaeilge tiománta chun an leas is fearr a bhaint amach as na socruithe seo agus an tírdhreach nua polaitiúil a bheas againn chun tuilleadh tacaíochta agus deiseanna a chrúthú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is deis iontach atá san Ard-Fheis do phobal na teanga treoir a thabhairt d’obair seo Chonradh na Gaeilge agus is leis an tuiscint sin a chuirim fáilte is fiche roimh an phobal chuig plé na hAoine agus cuireadh faoi leith roimh Chraobhacha agus bhaill de Chonradh na Gaeilge na hábhair rúin a phlé Dé Sathairn. Is ar scáth a chéile a mhaireann muid ar fad.”

Deir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí le Conradh na Gaeilge:

“Tugann an Ard-Fheis deis dúinn gach bliain teacht le chéile, spásanna a chrúthú agus fóram daonlathach a éascú chun plé a dhéanamh ar na ceisteanna is práinní ag pobal na teanga.  Is iad na craobhacha agus baill na heagraíochta fuil-bheatha an Chonartha. Cuireann muid fáilte mhór an deireadh seachtaine seo fosta roimh na hionadaithe polaitiúla a bheas i mbun díospóireachta ar cheisteanna teanga, cearta agus oideachais agus arís bronnfar an deis ar chraobhacha bheith rannpháirteach sa phlé sin trí cheisteanna a chur ar an phainéal. Táimid ag súil le Seachtain na Gaeilge le Energia a sheoladh go náisiúnta Dé Sathairn agus le himeachtaí eile atá dírithe ar mhic léinn agus ar theaghlaigh, mar aon le ceardlanna, seoltaí agus go leor leor eile. San iomlán tá muid ag súil le deireadh seachtaine thar a bheith rathúil agus le ceiliúradh ar obair na bliana ag dinnéar na hArd-Fheise nuair a thabharfar aitheantas ar leith d’obair na gcraobhacha go háitiúil fud fad na tíre le linn na bliana.

Mar aon leis na himeachtaí seo ar fad bronnfar Gradam an Uachtaráin 2020 ar an Ollamh Emeritus Gearóid Ó Tuathaigh le linn dhinnéar na hArd-Fheise oíche De Sathairn. Bronnfar duaiseanna fosta ar chraobhacha timpeall na gCúigí ar éirigh leo barr feabhais a bhaint amach i mbliana maidir le cur chun cinn na teanga go háitiúil.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.