Skip to main content

Tacaíocht láidir geallta ag cuid mhaith iarrthóirí agus páirtithe in Olltoghchán 2020 don Ghaeilge agus don Ghaeltacht

05 Feabhra 2020

Ach brú le coinneáil ar chuid de na hiarrthóirí agus de na páirtithe le héilimh áirithe a dheimhniú go fóill roimh lá an Olltoghcháin

Chuir Conradh na Gaeilge fáilte roimh sheasamh cuid mhaith iarrthóirí agus na bpáirtithe ar na 4 éileamh chomónta aontaithe ag breis is 70 grúpa do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu agus bileoga foilsithe ag an eagraíocht ag www.cnag.ie/gaelvota do gach gach Dáilcheantar a scaipfear ar an bpobal ó inniu ar aghaidh maidir le hOlltoghchán 2020.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Tá sé an-tábhachtach go mbeidh an pobal ar an eolas maidir le seasamh na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta. Níl Cothrom na Féinne faighte ag an teanga le tamall de bhlianta, go háirithe ó thaobh maoinithe de, ach is maith a fheiceáil go bhfuil an chuid is mó de na iarrthóirí agus na páirtithe ag geallúint go gcuirfear sin ina cheart tar éis an Olltoghcháin. Bhainfí úsáid as an infheistíocht bhreise, geallta ag na hiarrthóirí agus na páirtithe, le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht agus le deiseanna úsáide Gaeilge a chur ar fáil don phobal trí chéile trí lárionaid Ghaeilge a fhorbairt, scoláireachtaí a chur ar fáil do pháistí ar mhíbhuntáiste, comhordaitheoirí teanga a fhostú agus eile.”

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Cé go bhfuil muid an-sásta go bhfuil cuid mhaith de na hiarrthóirí agus na páirtithe ar bord leis na 4 éileamh ar fad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, tá obair le déanamh againn fós le héilimh áirithe a chinntiú, ar nós go bhfuil gá Bille na dTeangacha Oifigiúla a láidriú, go háirithe le spriocbhliain ní níos déanaí ná 2030 a leagan síos don fhoráil go mbeidh 20% do dhaoine a earcófar don státseirbhís amach anseo in ann seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge agus trí Bhéarla.”

Tá Conradh na Gaeilge i mbun fóraim ghnímh a eagrú fud fad na tíre leis an bpobal a spreagadh le gníomhú ar na héilimh agus táimid ag scaipeadh eolas i ngach Dáilcheantar ar ar seasamh na n-iarrthóirí agus na bpáirtithe ar na héilimh.

Tá breis eolais ar sheasamh gach iarrthóir agus gach páirtí ar éilimh na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fáil ag an nasc www.cnag.ie/gaelvota

Tuilleadh eolais:
Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí
086 8142757 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Peadar Mac Fhlannchadha, Bainisteoir Abhcóideachta
087 4188050 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Róisín Ní Mhaoláin, Feidhmeannach Cumarsáide
087 6338931 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Grúpaí ag tacú leis na 4 éileamh | Groups Supporting the 4 Commitments:
An Clár as Gaeilge Teo.
An Droichead Teo.
An Foras Pátrúnachta
An Gréasán
Aontas na Mac Léinn in Éirinn
Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile in Éirinn
Áras na nGael
Cairde Teo.
Cairde Uí Néill
Coiste Cultúrtha & Teanga Tuar Mhic Éadaigh Teo.
Coiste Dúiche Mhaigh Eo, Conradh na Gaeilge
Coiste Forbartha Charn Tóchair
Coláiste na bhFiann
Coláiste na nGael
Comhairle Ceantair na nOileán Teo.
Comhaltas Uladh
Comhar Chaomhán Teo.
Comhar Dún Chaocháin Teo.
Comharchumann Chléire Teo.
Comharchumann Dhúiche Sheoigeach Teo.
Comharchumann Forbartha an Leith Triúigh Teo.
Comharchumann Forbartha Árann
Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
Comharchumann Forbartha Mhuscraí Teo.
Comharchumann Mhic Dara Teo
Comharchumann na nOileán Bheag Teo.
Comharchumann Oileán Árainn Mhóir
Comhchoiste Gaeltachta Chiarraí Theas Teo.
Comhlachas na gComharchumann Gaeltachta
Comhlacht Forbartha an Spidéal Teo.
Comhlacht Forbartha Oileán Acla Teo.
CONCOS
Conradh na Gaeilge
Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar
Conradh na Gaeilge, Craobh an Aonaigh
Croí Éanna
Cultúrlann Mac Ádaimh Ó Fiach
Cultúrlann Uí Chanáin
Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain
Cumann Gaelach Leath Chathail
Fóram Gaeilge Chiarraí
Fóram na nÓg
Forbairt Chonamara Láir
Forbairt na Dromada Teo.
Forbairt Pobail Mhaigh Cuilinn Teo
Gaeil na Gaillimhe
Gaeilge Locha Riach
Gael Linn
Gael-Taca
Gaelfhorbairt na Gaillimhe
Gaeloideachas
Gaelphobal Ard Mhacha Theas
Glór an Ghleanna
Glór an Tuaiscirt
Glór Cheatharlach
Glór na Móna
Glór na nGael
Glór na Spéiríní
Ionad Buail Isteach na Gaeilge
Ionad Deirbhle
Ionad na Fuiseoige
Ionad Naomh Pádraig, Dobhar
Ionad Uíbh Eachach
Laochra Loch Lao
Misneach
Muineachán le Gaeilge
Muintir Chrónáin
Ógras
Oideas Gael
Oidhreacht Chorca Dhuibhne
Oireachtas na Gaeilge
Pobal ar an Iúl, Conradh na Gaeilge
Spleodar
Sult na Sollán
Tuismitheoirí na Gaeltachta

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.