Skip to main content

BRONNTANAS NA GAEILGE DON NOLLAIG?

An Ghaeilge inár gcóras oideachais a chur i gceart

Ghlac an tAire Joe McHugh inniu le 12,000 síniú de chuid #Gaeilge4All a bhí ag éileamh polasaí cuimsitheach chun múineadh na Gaeilge a chur i gceart inár gcóras oideachais

Ráiteas Nuachta | 12 Nollaig 2019 

Tráthnóna inniu, Déardaoin an 11 Nollaig, ghlac an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD, le 12,000 síniú ag éileamh polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. An Nollaig seo, tá an feachtas #Gaeilge4All ag iarraidh ar an Aire bronntanas na Gaeilge a thabhairt trí pholasaí dá leithéid a thionscnamh. Chinnteodh an polasaí seo gurbh fhéidir le gach aon duine eispéireas foghlama a bheith acu leis an nGaeilge ar feadh a saoil oideachais a bheadh dearfach, fiúntach agus sásúil.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge agus ball den fheachtas #Gaeilge4All: “Aithníonn Conradh na Gaeilge cé chomh báúil is atá an tAire McHugh don Ghaeilge agus an t-aistear foghlama atá déanta aige féin le cúpla bliain anuas. Tá sé ábhartha, mar sin, go mbeadh sé ceannródaíoch mar Aire Oideachais agus Scileanna agus polasaí a chur le chéile nach raibh ann riamh ó bunaíodh an Stát ó dheas, i.e. polasaí don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal. Tá an feachtas #Gaeilge4All, agus an 12,000 duine a shínigh an achainí, ag éileamh ar an Aire McHugh próiseas comhairliúcháin a chur ar bun láithreach bonn, an Nollaig seo, leis an bpolasaí a fhorbairt agus, mar a rinneadh le forbairt an Pholasaí Oideachais Gaeltachta, ba chóir go gcuirfí aighneachtaí ón bpobal, cruinnithe poiblí, cruinnithe le geallsealbhóirí agus eile san áireamh sa chomhairliúchán. Ba chóir go gcinnteodh an polasaí go mbeadh an deis ag gach aon duine staidéar a déanamh ar an nGaeilge agus go gcuirfí aon tacaíochtaí breise a theastódh chuige sin ar fáil.”

Dúirt Clíodhna Ní Dhufaigh, Leasuachtarán na Gaeilge, Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ): “Tá AMLÉ ag tacú le h-éileamh an fheachtais #Gaeilge4All ar an Aire Oideachais, Joe McHugh, TD leis an nGaeilge in ár gcóras oideachais a chur i gceart trí pholasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal a ullmhú láithreach bonn. Bheadh ciall agus ceangal comhtháite le foghlaim na Gaeilge don dalta sa chóras ón gcéad lá sa réamhscoil go dtí scrúdú na hArdteiste agus ar aghaidh go dtí an tríú leibhéal ina leithéid de pholasaí. Caithfimid cinntiú go gcuimseodh an polasaí daoine ó gach cúlra teanga agus cumais freisin.”

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.