Skip to main content

Turas Gaelach Phobal Feirste

WhatsApp Image 2019 11 25 at 09.37.02

 

I gcomhpháirt lenár dtionscadal oidhreachta agus staire 'Claochlú Cultúir agus an Conradh' tá muid ag eagrú turas treoraithe timpeall Bhéal Feirste. Ar an 7ú lá de mhí na Nollag, beidh deis ag an phobal breathnú siar ar stair Ghaelach na cathrach, agus léargas a fháil ar na rudaí a thug, agus a thugann fós spreagadh do Ghaeilgeoirí. Le Conchúr Óg Mac Siacais mar threoraí ar an turas speisialta seo, beidh muid ag tabhairt cuairte ar áiteanna suntasacha ar nós Bóthar Seoighe, Bóthar Beersbridge agus Sráid Duibhise. Tá muid ag dúil go mór leis- bígí linn!

Turas Gaelach Phobal Feirste | Belfast Gaelic Bus Tour
Turas dátheangach- bilingual tour
? 07/12/19 @ 11am-12:30pm
?Túsphointe: An Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
?Ag críochnú: An Chultúrlann Mac Adam Ó Fiaich
Turas saor in aisce | Free of charge
50 suíochán | 50 seats
RSVP: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.