Skip to main content

Raidió Rí-Rá Beo ar 94.3FM i mBÁC!

Beidh idir dhaltaí scoile agus ógphobal na hardchathrach trí chéile á mhealladh chun cluas a chur leis an t-aon chairtstáisiún Gaeilge in Éirinn nuair a thosaíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar 94.3FM i mBaile Átha Cliath inniu, 24 Meán Fómhair 2012.

Arsa Traic Ó Braonáin, Cathaoirleach Raidió Rí-Rá: "Cé go mbíonn Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar-líne ag www.rrr.ie tríd an bhliain ar fad, seo an ceathrú bliain as a chéile don chairtstáisiún Gaeilge seal a chaitheamh ag craoladh ar an gcóras FM agus thosaíomar ag craoladh ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge i mbliana freisin.

"Feictear dúinn gur céimeanna suntasacha chun tosaigh iad seo i dtreo seirbhís raidió Ghaeilge a chur ar fáil go lánaimseartha do dhaoine óga na tíre trí gach meán cumarsáide atá ar fáil do Raidió Rí-Rá, an córas teilifíse digití, FM, DAB agus gutháin ghlice ina measc."

Bhain Raidió Rí-Rá cáil ar leith amach i measc dhaltaí óga na tíre i mbliana nuair a bhí alt iomlán ar an gcairtstáisiún ina léirthuiscint ar Pháipéar 1 na Gaeilge i scrúdú an Teastais Shóisearaigh i mí an Mheithimh. Anois tá súil ag Raidió Rí-Rá tuilleadh éisteoirí óga a mhealladh chun cluas a chur leis an bpopcheol is déanaí á chur i láthair trí mheán na Gaeilge ar an stáisiún trí chomórtais agus eile a reáchtáil le linn an chraolacháin bheo ar 94.3FM i mBaile Átha Cliath ó 24 Meán Fómhair - 07 Deireadh Fómhair 2012.

Tá taithí na mblianta ar an raidió ag craoltóirí áirithe le Raidió Rí-Rá, Daragh Ó Tuama agus Cillian de Búrca ina measc, fad agus atá an cairtstáisiún ag cothú glúin úr na láithreoirí Gaeilge trí deis a thabhairt do thallann nua ar nós Órla Nic Cárthaigh agus Dylan Mac Réamoinn cláracha a chraoladh don chéad uair ar Raidió Rí-Rá.

Dar leis an Uasal Ó Braonáin: "Spreagann Raidió Rí-Rá an t-aos óg in Éirinn leis an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, nuálaíoch laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, áit go mbíonn cláracha do dhaoine óga á gcur i láthair ag láithreoirí óga eile agus seirbhís raidió Ghaeilge den chéad scoth á cur ar fáil dóibh trí mheáin chumarsáide éagsúla i gcónaí."

Seinneann Raidió Rí-Rá na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Nokia, ar ghutháin Android tríd an bhfeidhmchlár TuneIn, agus ar an gcóras DAB.

Thosaigh Raidió Rí-Rá ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008 agus ó shin i leith, tá seal caite ag an gcairtstáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i nGaillimh agus i Luimneach le linn Sheachtain na Gaeilge 2009, 2010 agus 2011, buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann.

Tá Raidió Rí-Rá maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta agus le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge.

TUILLEADH EOLAIS:

Traic Ó Braonáin
Cathaoirleach, Raidió Rí-Rá
+353 (0)87 6993439 / Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

Julian de Spáinn
Rúnaí, Raidió Rí-Rá
+353 (0) 1 4757401 / +353 (0)86 8142757

NÓTA DON EAGARTHÓIR:

SCEIDEAL: An tSeachtain
Luan - Déardaoin
08.00 Maidin Mhaith - Daragh Ó Tuama
10.00 Bricfeasta Mall - Dylan Mac Réamoinn
13.00 An Lón Mór - Síne Nic an Ailí
16.00 TRL Ar Éileamh - Orla Nic Cárthaigh
18.00 Singlí Scaoilte - Cillian de Búrca
20.00 Fuaim Eile - Traic Ó Braonáin
22.00 An Meascán

Aoine
08.00 Maidin Mhaith - Daragh Ó Tuama
10.00 Bricfeasta Mall - Dylan Mac Réamoinn
13.00 An Lón Mór - Síne Nic an Ailí
16.00 TRL Ar Éileamh - Orla Nic Cárthaigh
18.00 Singlí Scaoilte - Cillian de Búrca
20.00 Dioscó Dána - Silvianne Strapp, Eve Ní Bhraoin agus Amy Ní Chathmhaoil
22.00 An Meascán

SCEIDEAL: An Deireadh Seachtaine
Dé Sathairn

10.00 Bricfeasta Mall - Frances Ní Mhaoilréanna
13.00 An Lón Mór - Niamh Ní Chróinín
16.00 Singlí Scaoilte - Ciara Ní Bhroin
18.00 Top 40 Oifigiúil na hÉireann - Daithí Ó Dáibhín
20.00 Dioscó Dána - Silvianne Strapp, Eve Ní Bhraoin agus Amy Ní Chathmhaoil
22.00 An Meascán

Dé Domhnaigh
10.00 Bricfeasta Mall - Frances Ní Mhaoilréanna
13.00 An Lón Mór - Niamh Ní Chróinín
16.00 Singlí Scaoilte - Ciara Ní Bhroin
18.00 Top 40 Oifigiúil na hÉireann - Daithí Ó Dáibhín
20.00 Clár na n80idí - Traic Ó Braonáin agus Clár Ní Mhairscéal
22.00 An Meascán

Is cairtstáisiún ceoil don aos óg é Raidió Rí-Rá a sheinneann na hamhráin is déanaí ó na cairteacha go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Thosaigh an stáisiún ag craoladh ar an idirlíon i mí an Mhárta 2008. Bhí Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an gcóras FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh agus i nGaillimh i Márta 2009, 2010 agus 2011 (agus i Luimneach i 2009 agus 2010), buíochas le ceadúnas sealadach ilcathrach ó Údarás Craolacháin na hÉireann. Tá an cairtstáisiún le cloisteáil tríd an bhliain ar fad ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár ar an iPhone, ar ghutháin Nokia, ar ghutháin Android tríd an bhfeidhmchlár TuneIn, agus anois ar an gcóras DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge ón 01 Iúil 2012; beidh sé ar fáil ar an DAB i gCorcaigh agus i Luimneach faoi cheann dheireadh 2012 chomh maith. Tá sé beartaithe ag Raidió Rí-Rá craoladh ar an gcóras teilifíse digití amach anseo, agus go mbeadh stáisiún raidió Gaeilge lánaimseartha don aos óg ar an gcóras náisiúnta FM agus DAB freisin. Bíonn meán de bhreis agus 4,000 duine ag éisteacht le Raidió Rí-Rá ar-líne ar fud na cruinne gach mí ar www.rrr.ie - líon a ardaíonn go suntasach nuair atá an stáisiún ag craoladh beo ar an gcóras FM - agus bhí teacht ag níos mó ná milliúin go leith duine ar an gcairtstáisiún Gaeilge le linn na gcraolachán beo. Tá Raidió Rí-Rá ina stáisiún oifigiúil ag Seachtain na Gaeilge, féile idirnáisiúnta Ghaeilge a ritear thar thréimhse coicíse i Márta gach bliain. Is féidir le héisteoirí cluas a chur leis cnaga ceoil ar fad, vótáil do na hamhráin is fearr leo, teacht ar an bpopnuacht is déanaí, ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann, agus ar iarchláracha le híoschóipeáil ón suíomh. www.rrr.ie

Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge, maoinithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta, agus is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.

Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge ag saothrú ar son na teanga. Tá breis agus 200 craobh ag an gConradh agus ó bunaíodh é in 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre agus ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na teanga a chur chun cinn ina gceantair féin. Bíonn Conraitheoirí chun tosaigh i bhfeachtais chun cearta phobal na Gaeilge a bhaint amach agus a dhaingniú. Is féidir clárú mar bhall aonair den Chonradh freisin. www.cnag.ie/courses

Is ionstraim aontaithe é Aontas Phobal na Gaeilge (APG) atá ag gníomhú chun leas na teanga, ar bhonn uile Éireann agus go hidirnáisiúnta, trí fhorbairt agus pleanáil níos straitéisí don Ghaeilge a chur chun cinn. Tá Aontas Phobal na Gaeilge comhdhéanta de na heagrais Comhaltas Uladh, Comhluadar, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Seachtain na Gaeilge, eagrais atá ag plé le gnéithe éagsúla d'fhorbairt na Gaeilge i measc an phobail agus a tháinig le chéile le hionstraim oibre nua a bhunú ar mhaithe le seirbhísí níos éifeachtaí a sholáthar, agus ar luach airgid níos fearr a bhaint amach. www.aontaspg.ie

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.