Skip to main content

Tús curtha le Comhrá ‘19 sa Nua-Shéalainn

Comhrá Gaeilge, a thaistealóidh 50,000km ar fud an domhain

Tá áthas an domhain ar Chonradh na Gaeilge  go mbeidh na céadta daoine ag glacadh páirt i gComhrá ‘19. Táthar ag súil le comhrá Gaeilge, a thaistealóidh 50,000km ar fud an domhain a shruthú beo ar www.snag.ie idir 15 agus 17 Deireadh Fómhair. 

Is feachtas idirnáisiúnta é Comhrá ‘19. Bíonn idir ghrúpaí Gaeilge agus Gaeltachta, chumainn tríú leibhéal, scoileanna, chlubanna CLG, chiorcail chomhrá, stáisiúin raidió, chraobhacha Chonradh na Gaeilge, agus go leor grúpaí pobail eile ar fud na cruinne ag glacadh páirte chun an mhíleásite is faide sa Ghaeilge a bhaint amach. Úsáidtear Google Hangouts le comhrá leanúnach a cruthú, gur féidir úsáid ar ríomhaire nó fón, agus is iontach an deis í buaileadh le daoine le Gaeilge fud fad an domhain!

Raiteas ó Órlaith Ní Chaoinleáin, Teagascóir ICUF le Coláiste Naomh Mícheál, Ollscoil Toronto: “Táim fhéin agus muintir Choláiste Naomh Mícheál, Ollscoil Toronto ag súil go mór le páirt a ghlacadh san fheachtas Comhrá ‘19. Tugann sé deis dúinn an Ghaeilge a cheiliúradh anseo agus an tabhacht domhanda a bhaineann leis an teanga a chur in iúl do mhuintir na hOllscoile agus chomhphobal Toronto. Beimid ag glacadh páirt i ndiaidh baill Chonradh na Gaeilge L.A. agus fillfidh an comhrá ar Éirinn inár ndiaidh do mhic léinn Átha Cliath.”

Deir Orlaith Nic Ghearailt, Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta:  “I mbliana tá athrú suntasach tagtha ar chur chuige Comhrá agus sinn ag iarraidh an Comhrá leanúnach Gaeilge leis an míleáiste is faide a bhaint amach. Beidh an comhrá ag tosú sa Nua-Shéalainn agus taisteal fud fad an domhain sula chuirfear críoch leis an gcomhrá in Aerfórt Átha Cliath.”

Deir Sinéad Ní Dhomhnaill, Comhordaitheoir Cumarsáide le hAerfórt Átha Cliath: "Is iontach an rud é go mbeidh críoch curtha le Comhrá ‘19 anseo in Aerfort Átha Cliath - áit tríd a dtagann na milliúin paisinéir gach bliain. Nascann an t-aerfort daoine ó fud fad an domhain le hÉirinn. Is cuid ríthábhachtach í an Ghaeilge den fháilte mhór, chroíúil a chuireann Aerfort Átha Cliath ar fáil dár bpaisinéirí. Táimid ag súil le bheith nascadh trí Ghaeilge leis na daoine eile a bhéas ag glacadh páirte sa chomhrá, pé áit ar domhan ina bhfuileadar.”


Is féidir an comhrá ar fad a leanúint ar www.snag.ie agus is féidir leat idirghníomhú leis na rannpháirtithe ar na meáin shóisilata leis an haischlib #Comhrá19

TUILLEADH EOLAIS AGUS PICTIÚIR:

Orlaith Nic Ghearailt
Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge agus Feachtais Feasachta
+353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.
 
Seán Ó Murchadha
Feidhmeannach Ilmheán agus Feachtais Feasachta
+353 86 3352220  | +353 (0)1 4757401 | Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.