Skip to main content

Is léir nach raibh an Gaeilge nó an Ghaeltacht mar thosaíocht arís i gCáinaisnéis 2020 an Rialtais

Deis ag an Rialtas cothrom na Féinne fós a thabhairt sna meastacháin athbhreithnithe roimh na Nollaig

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar Rialtas na hÉireann cothrom na féinne a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht fós agus ardú sásúil a thabhairt dóibh sna meastachán athbhreithnithe a bheidh le teacht i ndiaidh na cáinaisnéise.

Dúirt Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge: “Níl cothrom na féinne le feiceáil i gcáinaisnéis 2020 fógartha ag an Rialtas inniu don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, go háirithe nuair a thógtar san áireamh go bhfuil dúbailt an méad airgid iomlán sa bhreis don Ghaeilge, don Ghaeltacht, do na hOileáin agus d’Fhoras na Gaeilge ar fad le chéile, €2.4 milliúin, faighte ag an gComhairle Ealaíon amháin, €5 mhilliúin, do 2020. Níl aon fhadhb againn le breis airgid do na healaíona, agus cuireann muid fáilte roimhe sin, ach ba chóir go mbeadh cothrom na féinne ann don teanga agus don Ghaeltacht chomh maith”.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge: “Tá pátrún le feiceáil le blianta beaga anuas den éagothroime atá ann i maoiniú na Gaeilge agus na Gaeltachta i gcomparáid le codanna eile den Roinn céanna. Bhí deis ag an Rialtas seo a chur i gceart sa cháinaisnéis do 2020. Mar shampla bhí deis ann maoiniú sásúil a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le poist a chruthú sa Ghaeltacht, go háirithe leis an mbaol ar fad a bhaineann leis an mBreatimeacht, ach níor glacadh leis an deis sin. Táimid ag éileamh ar Thaoiseach na tíre, Leo Varadkar, TD, gníomhú leis seo a chur i gceart sna meastacháin athbhreithnithe a fhoilseofar roimh na Nollaig”.

Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an bpobal labhairt lena n-ionadaithe poiblí náisiúnta chun a thuilleadh brú a chur le cothrom na féinne a bhaint amach sna meastacháin athbhreithnithe.

 

Tuilleadh eolais:

Julian de Spáinn,

Ard-Rúnaí.

086 8142757

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Peadar Mac Fhlannchadha,

Leas-Ardrúnaí / Bainisteoir Abhcóideachta 

087 4188050

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.

 

Róisín Ní Mhaoláin,

Oifigeach Cumarsáide

087 6338931

Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air. 

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.