Skip to main content

Ráiteas: 'Sábháil Coláiste Lú' lasmuigh Dáil Éireann INNIU!

Sábháil Coláiste Lú ANOIS a Aire McHugh!

Is tú an dóchas deireanach dóibh!

Beidh Conradh na Gaeilge ag seasamh le daltaí agus tuismitheoirí Choláiste Lú inniu, Dé Céadaoin, ag a 12.00 lasmuigh de Dáil Éireann nuair a bheidh siad ag éileamh ar an Aire Oideachais, Joe McHugh, TD, seasamh isteach agus an cruachás uafásach ina bhfuil siad a réiteach go práinneach.

Dúirt an Dr Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge:

“Níl sé inglactha go bhfuil daltaí agus tuismitheoirí Choláiste Lú fágtha sa suíomh go gcaithfidh siad taisteal go Baile Átha Cliath inniu len a gcearta chun oideachas trí mheán na Gaeilge, mar a bhí á fáil acu roimh bhriseadh scoile an tsamhraidh, a éileamh. Seasann Conradh na Gaeilge leo agus tacaíonn muid go láidir len a n-éileamh ar an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, TD, le seasamh isteach anois agus freastail orthu ar slí daonna agus go sásúil”. 

Conchúr Ó Muadaigh, Advocacy Manager of Conradh na Gaeilge, said:

“Tá todhchaí Coláiste Lú agus todhchaí scolaíocht trí mheán na Gaeilge ar an dara leibhéal don cheantar seo ar fad i mbaol ollmhór. Is gá gníomh díreach ón Aire agus ón Roinn Oideachais agus Scileanna leis an bhfadhb seo a shárú. Tá réitigh molta dóibh cheana féin gur féidir leo a fhorbairt ach is í an cheist atá ann an bhfuil siad toilteanach feidhmiú orthu in am sula mbeidh deireadh leis an scoil agus go mbeidh ar na tuismitheoirí na daltaí a bhogadh go scoileanna eile a fheidhmíonn trí mheán an Bheárla. Bheadh sin mar thubaist uafásach. 

Creideann muid go bhfuil an-spéis ag an Aire sa Ghaeilge agus táimid ag braith air le gníomhú anois, le muinín a chothú i measc na ndaltaí agus na dtuismitheoirí agus plean le Coláiste Lú, nó socrú sásúil eile do na tuismitheoirí agus daltaí, a thosú láithreach bonn”.  

Is léiriú eile an fhadb seo ar an easpa pleanála don Ghaeilge sa chóras oideachais agus an gá le polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais ón réamhscoil go dti an tríú leibhéal, mar atá lorgtha ag an bhfeachtas #Gaeilge4All le déanaí.

 

 

Conradh na Gaeilge

6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.
Fón: +353 (0) 1 475 7401, Facs: +353 (0) 1 475 7844, Rphost: Tá an seoladh ríomhphoist seo á chosaint ó róbait thurscair. Tá ort JavaScript a chumasú le hamharc air.